The Theory of Everything
Stiúrthóir: James Marsh
Cliar: Eddie Redmayne, Felicity Jones, David Thewlis, Charlie Cox, Maxine Peake
Bíonn freagrachtaí, tnútháin agus dúshláin faoi leith ag leanúint aon saothar beathaisnéiseach. Bíonn freagracht ar dhuine a cheart a thabhairt don té atá idir lámha (go mórmhór má tá sé fós beo); bíonn tnútháin ann go soláthrófar táirge a bheidh cruinn agus drámata, agus tá dualgas ar an aisteoir taispeántas a thabhairt nach dtéann rófhada i muinín na haithrise.
Féach ar an mbús atá ag leanúint Charlie agus Selma i láthair na huaire leis na dris chosáin a fheiscint. D’admhaigh Stephen Hawking é féin go bhfuil an scannán seo cruinn den chuid is mó agus de réir scéil, mheall sé deoir uaidh féin, agus is moladh ann féin na nithe sin. Go deimhin, thug Hawking go leor cabhrach do lucht déanta an scannáin agus thug sé cóip sínithe dá thráchtas agus a Bonn Saoirse dóibh le húsáid mar phrapaí sa scannán.
Is é taispeántas Eddie Radmayne bunchloch agus buaicphointe an scannáin. Más fíor scéal, dhein sé obair na gcapall agus é ag prapáil don ról. Chaill sé cúig phunt déag meáchain, thraenáil sé le rinceoir ar feadh ceithre mhí le foghlaim conas a chorp a smachtú, bhuail sé le tuairim is daichead duine a bhfuil an galar néarón luadrach orthu agus bhí cairt déanta amach aige ina raibh cuntas cruinn croineolaíoch ar mheathlú coirp Hawking.
Ina theannta sin, chaith sé uaireanta an chloig os comhair an scatháin ag cur a éadan as a chuma. Fiú i rith sosanna sa taifeadadh, d’fhanadh sé cruinn cuachta sa chathaoir.
Tá rian an ullmhúcháin sin le feiscint ar a thaispeántas. Tugann sé léiriú cumasach, daonna ar mheathlú coirp Hawking maraon le léargas a thabhairt ar phearsantacht an fhir.
Chomh maith leis sin, caitear sracfhéachaint ar a ghaiscí sa chosmeolaíocht/fisic theoiriciúil gan sin a chiapdh le mc2 . Dar liom go bhféadfaí taispeántas Redmayne a chur i gcomparáid le taispeántas Daniel Day-Lewis in My Left Foot (1989), agus is moladh mór é a bheith inchurtha le draoi Chill Mhantáin.
Ní haon ionadh mar sin go bhfuil Redmayne luaite go láidir le duais Oscar an mhí seo chugainn. Dar liom go bhfuil ana-sheans aige i bhfianaise an luí atá ag lucht an Acadaimh le beathaisnéisí faoi dhaoine le míchumas/galar: Dallas Buyers Club (2013), The King’s Speech (2010), Ray (2004), A Beautiful Mind (2001), As Good as it Gets (1997) Scent of a Woman (1992), My Left Foot (1989) agus mórán eile nach iad.
In ainneoin an ghrinn, agus iarrachtaí inmholta a bheith éadromchroíoch in áiteanna, is saothar mothúchánach agus thar a bheith truamhéalach atá anseo a bhainfeadh deoir as cloch ghlas in áiteanna.
I dtosach an scannáin, feicimid Hawking i mbláth na hóige, ag tarrac na gcos go hacadúil, ag toraíocht ban, ag diúgadh pint agus ag déanamh cuideachta lena chomrádaithe. Íomhánna atá i gcodarsnacht iomlán leis an íomhá cháiliúil den saoi balbh sáinnithe sa chathaoir rothaí.
Címid an fear óg ar a aistear chun na cathaoireach céanna agus chuig an meaisín urlabhra. Tá an caidreamh idir Hawking agus a bhean chéile Jane (Felicity Jones) lárnach agus ní chúbann an scannán ó léamh diúltach a thabhairt ar an bpríomhcharachtar. Tugann Jones í féin taispeántas caolchúiseach, ábalta uaithi.
Scannán machnamhach, mothúchánach le taispeántas den scoth ó aisteoir atá anois raidte i lár an aonaigh.
Fág freagra ar 'Cuntas beatha a mheall deoir ó Hawking féin'