Tá cur síos ar shaol agus ar shaothar seisear Gael aitheanta atá ar shlí na fírinne curtha ar ainm.ie, an Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge.
Is iad na Gaeil a bhfuil nótaí beathaisnéise fúthu atá curtha leis an mbunachar, Liam Mac Con Iomaire, Peadar Ó Flatharta, Nan Ghriallais, Nóra Ghriallais, Niall Tóibín agus Con Ó Ruairc.
Ba chraoltóir, údar, aistritheoir, scoláire agus saineolaí teanga den scoth é Liam Mac Con Iomaire (1937-2019). Rugadh é i gCasla i nGaeltacht Chonamara i 1937 ach chaith sé formhór a shaoil ar an gCarraig Dhubh i mBaile Átha Cliath.
Fear léinn as an gCeathrú Rua i nGaeltacht Chonamara ab ea an Dochtúir Peadar Ó Flatharta (1955-2016). Bhí baint mhór aige le Coimisiún na Gaeltachta, a mhol go dtabharfaí isteach reachtaíocht teanga (Acht na dTeangacha Oifigiúla).
Duine de mhóramhránaithe an tsean-nóis ab ea Nan Ghriallais (1936-2018) a rugadh i Muiceanach idir Dhá Sháile. Bhí cáil ar a muintir i bhfad agus i ngearr mar fhonnadóirí sean-nóis. Ba ise an dara duine riamh a bhuaigh Corn Uí Riada i 1973.
Glaodh “banríon an tsean-nóis” ar dheirfiúr Nan, Nóra Ghriallais, an t-aon bhean riamh a bhuaigh Corn Uí Riada trí huaire: sa Daingean i 1987, i nGleann Cholmcille i 1989 agus i nGaillimh i 1993.
Aisteoir agus fuirseoir cumasach ab ea Niall Tóibín (1929-2019) a tógadh le Gaeilge i ndeisceart chathair Chorcaí. Bhain sé cáil amach as a shaothar amharclainne, teilifíse agus scannáin. I measc na scannán agus na gclár teilifíse a raibh páirt aige iontu, bhí Ryan’s Daughter, Bracken agus The Clinic.
Ba eolaí as Baile Átha Cliath é Con Ó Ruairc a chaith 40 bliain ag obair mar luibheolaí le Teagasc. Tá Diseases of grasses and forage legumes in Ireland (1976) ar cheann de na foilseacháin eolaíocha a scríobh sé.
An Teanga Bheo
Imithe ró luath uainn ach laochra Gaeil iad agus an bás a sciobann an duine fiúntach uainn gan cás ná cuireadh.