Cuntais ar chúigear mórGhael eile curtha le ainm.ie

Tá cúig chuntas beathaisnéise nua curtha leis an mBunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge

Cuntais ar chúigear mórGhael eile curtha le ainm.ie

Tá cur síos ar shaol agus ar shaothar cúigear Gael aitheanta atá ar shlí na fírinne curtha ar ainm.ie, an Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge, ina measc Rí Thoraí, Patsaí Dan Mag Ruaidhrí agus mórscoláire na Rinne, Nioclás Mac Craith.

An scríbhneoir, Eilís Dillon, an craoltóir Muiris Mac Conghail agus an léiritheoir teilifíse Bríd Maloney an triúr eile atá curtha leis an mbunachar beathaisnéise.

Oideachasóir, scoláire, file agus scríbhneoir ab ea Nioclás Mac Craith (1923–2018) ó Rinn Ó gCuanach sna Déise.

Bhí Muiris Mac Conghail (1941–2019) ar dhuine de mhórphearsana na craoltóireachta in Éirinn lena linn.

Beagnach 40 leabhar do pháistí le Eilís Dillon (1920–1994) a foilsíodh le linn a saoil agus aistríodh go 15 teanga eile iad.

Cé gur cailleadh an-óg Bríd Maloney (1982–2012) bhain sí cáil amach in earnáil na teilifíse Gaeilge as feabhas a saothair. Ar na cláir a rinne sí, bhí Faire (2009), clár faoi nósanna a bhain leis an bhás; agus The Bothy Boy (2011), faoi shaol an cheoltóra Micheál Ó Domhnaill.

Bhí Patsaí Dan Mag Ruaidhrí (1944–2018), Rí Thoraí, ar dhuine de mhórphearsana shaol na Gaeltachta agus na Gaeilge agus bhí aithne i bhfad agus i ngearr air mar ealaíontóir, mar cheoltóir, mar fheachtasóir agus mar ambasadóir don oileán Gaeltachta

Tá breis is 1,700 beathaisnéis ó 1590 go dtí an lá inniu ar fáil ar ainm.ie atá faoi chúram Fiontar agus Scoil na Gaeilge, DCU, agus Cló Iar-Chonnacht. Is iad Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú, údair na naoi n-imleabhar sa tsraith Beathaisnéis ar a bhfuil an bunachar bunaithe.

Ba iad Lillis Ó Laoire, Seán Mac Labhraí, Mártan Ó Ciardha, Louis de Paor, Éilis Ní Anluain agus Noel Ó Gallchóir a sholáthair na cuntais is déanaí a cuireadh leis an mbunachar.

Fág freagra ar 'Cuntais ar chúigear mórGhael eile curtha le ainm.ie'