Cúnamh míleata luach $800 milliún don Úcráin dá seasamh in aghaidh ionsaí na Rúise san oirthear  

Dúirt Uachtarán SAM Joe Biden go raibh ‘amhras’ ann an raibh smacht ag Vladimir Putin ar chathair faoi léigear Mariupol

Cúnamh míleata luach $800 milliún don Úcráin dá seasamh in aghaidh ionsaí na Rúise san oirthear  

Tá Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden tar éis luach $800 milliún de chúnamh slándála breise a fhógairt don Úcráin.

Dúirt Biden go seolfaí an cúnamh díreach go dtí “líne thosaigh na saoirse”. Tá dróin oirbheartaíochta, armlón agus airtléire throm ar an gcúnamh is déanai seo.

Dúirt an tUachtarán Biden go gcuideodh an cúnamh seo leis an Úcráin í féin a chosaint ar ionsaí na Rúise san oirthear. Tá fronta 300 míle faoi ionsaí seasta ansin agus deir lucht anailíse go bhfuil dul chun cinn beag déanta ag fórsaí na Rúise ansin.

Tuairiscítear go bhfuil arm na hÚcráine ag cur cosa i dtaca ina gcoinne.

Dhiúltaigh trúpaí na hÚcráine in Mariupol géilleadh ach oiread cé gur ordaigh an Rúis dóibh sin a dhéanamh. Ar an teilifís aréir agus é ag moladh éachtaí an airm ag “fuascailt Mariupol”, dúirt an tUachtarán Putin leo gan aon ionradh a dhéanamh ar an monarcha cruach ina bhfuil arm na hÚcráine sáinnithe acu ach “gan ligean don mhíoltóg féin éalú as”.

Tá sé ráite ag an Uachtarán Zelensky nach mbeidh aon bhaint ag an Úcráin le cainteanna síochána má mharaíonn an Rúis cosantóirí an chalafoirt.

Tá údaráis na Rúise ag maíomh go bhfuil cathair faoi léigear Mariupol ‘fuascailte’ acu d’ainneoin go bhfuil na céadta de shaighdiúirí na hÚcráine fós istigh i monarcha cruach Azovstal.

Dúirt Uachtarán SAM Joe Biden go raibh ‘amhras’ ann an raibh smacht ag Vladimir Putin ar chathair faoi léigear Mariupol

“Níl aon fhianaise againn go fóill go bhfuil Mariupol gafa,” a deir Biden.

D’iarr Biden go n-eagrófaí “bealaí daonnúla’ le deis a thabhairt do dhaoine an mhonarcha cruach agus codanna eile de chathair Mariupol a fhágáil slán sábháilte. Tá an chathair sin faoi léigear ag arm na Rúise le dhá mhí.

“Sin an rud a dhéanfadh ceannaire stáit ar bith ina leithéid de chás,” a dúirt Uachtarán an Stát Aontaithe.

Meastar go bhféadfadh suas le 1000 sibhialtach a bheith ar tearmann sa mhonarcha cruach chomh maith. Dúirt Méara Mariupol go bhfuil suas le 100,000 duine sáinnithe sa gcathair go fóill. Níor fhág inné ach thart ar 100 duine seachas an 1000 a bhíothas ag súil a d’imeodh agus dúirt an Méara nár éirigh leis an 90 bus ar fad a rabhthas ag súil leo a mbealach a dhéanamh go dtí an chathair.

Fág freagra ar 'Cúnamh míleata luach $800 milliún don Úcráin dá seasamh in aghaidh ionsaí na Rúise san oirthear  '