Cumhacht Vicky Phelan a spreag na polaiteoirí lena gcumhacht féin a léiriú

Chuaigh sí i bhfeidhm go mór orainn go léir ach d’éirigh le Vicky Phelan chomh maith polaiteoirí a bhíonn go minic in adharca a chéile a tharraingt le chéile chun cúrsaí sláinte na tíre seo a fheabhsú 

Cumhacht Vicky Phelan a spreag na polaiteoirí lena gcumhacht féin a léiriú

Cé go raibh muid ag súil leis an drochscéal, bhain sé stangadh asainn ar fad nuair a fógraíodh é.

Maidin Dé Luain, bhásaigh Vicky Phelan, an gníomhaí agus feachtasóir a throid go cróga ar son cearta na mban a bhí buailte ag an scannal CervicalCheck. Tharraing a troid aird ar chearta na n-othar agus ar an leatrom a rinneadh ar mhná ar fud na tíre a fuair torthaí míchruinne ar thástálacha smearaidh don ailse i mbéal na broinne. Thuill Vicky Phelan meas as cuimse as an mbealach a lean sí lena feachtas agus í ag dul i ngleic ag an am céanna leis an ngalar a mharaigh sa deireadh í.

Go ndéana Dia trócaire ar a hanam uasal.

Ba léir go ndeachaigh Vicky Phelan go mór i bhfeidhm ar pholaiteoirí na tíre chomh maith. D’eisigh siad ar fad ráitis tar éis a báis, ag déanamh comhbhróin lena muintir agus lena cairde. Labhair siad le hómós faoin méid a rinne sí agus a bhain sí amach.

Ní hé sin a theastaigh ó Vicky, áfach. D’eisigh an grúpa 221+ CervicalCheck ráiteas corraitheach inar luaigh siad focail Vicky féin:

‘Níor mhaith liom go ndéanfaidh sibh comhbhrón liom.

Níor mhaith liom go bhfreastalóidh aide-de-camp ar mo shochraid.

Níor mhaith liom go ndéanfar mé a chomóradh, ná bhur ngeallúintí nár comhlíonadh.

Teastaíonn gníomh uaim

Teastaíonn athrú uaim

Teastaíonn freagracht uaim.’

 

Ar íorónaí an tsaoil, nuair a pléadh seo i Seomra na Dála, ba mhinic a rinneadh tagairt do ráiteas sin Vicky Phelan, fad a bhí na polaiteoirí ag déanamh comhbhróin agus ag déanamh comórtha uirthi.

D’aithin siad, áfach, go raibh gá le hathrú. B’fhacthas domsa go raibh atmaisféar sollúnta, síochánta ann le linn díospóireacht na gceannairí fhad is a bhí an t-ábhar seo á phlé acu. D’fhéadfá ‘Comhrá na gCeannairí; a thabhairt air.

D’impigh Mary Lou McDonald, Uachtarán Shinn Féin, ar an rialtas reachtaíocht atá ullmhaithe chun cosaint a thabhairt do chearta na n-othar a chur ar aghaidh chuig an gcéad chéim eile – agus d’aontaigh an Taoiseach Micheál Martin go raibh práinn leis an scéal.

Reachtaíocht chuimsitheach atá anseo, a chinnteoidh an ‘faisnéisiú láithreach’ – is é sin go gcuirfear an t-othar ar an eolas chomh luath agus a fhaightear amach go bhfuil earráid déanta, toradh míchruinn faighte, srl.

I gcás Vicky Phelan, cé go raibh a fhios ag an tsaotharlann agus na dochtúirí go bhfuair sí toradh contráilte i dtástáil a rinneadh uirthi sa mbliain 2011, níor cuireadh ar an eolas í go dtí ina dhiaidh sin. Faoin reachtaíocht nua seo, níor cheart go dtarlódh a leithéid arís.

Dúirt an Taoiseach go bhfuil leasuithe ar an reachtaíocht le haontú, ach go ndéanfaí gach iarracht an obair a chur i gcrích sula dtagann deireadh leis an téarma Dála seo, agus sula n-imeoidh sé féin ó Oifig an Taoisigh, ar an 17 Nollaig.

Ní minic a chloistear plé sibhialta, comhoibritheach sa Dáil – an rud is annamh is iontach. Má éiríonn leis an rialtas agus an freasúra teacht le chéile agus comhréiteach a fháil faoin ábhar tábhachtach seo, is dóigh liom go mbeidh an pobal fíorbhuíoch díobh ar fad. Seo í cumhacht na polaitíochta, os ár gcomhair amach.

Agus is cumhacht Vicky Phelan atá ann chomh maith. D’éirigh léi aird a tharraingt ar a cás pearsanta agus ar chás na mban eile go héifeachtach agus í i mbun feachtais. Ní roghnódh sí saol na feachtasaíochta go deo, murach an mí-ádh a bhí uirthi, murach na botúin a rinneadh. Sheas sí an fód go cróga nuair a dhiúltaigh sí don choinníoll rúndachta a bhí á éileamh sa socrú cúirte agus nuair a labhair sí amach faoina cás, ag tabhairt foláirimh do mhná eile a bhí i gcontúirt.

Agus d’éirigh léi polaiteoirí a bhíonn go minic in adharca a chéile a tharraingt le chéile chun cúrsaí sláinte na tíre seo a fheabhsú.

Cuimhním i gcónaí ar an abairt deiridh dá ráiteas:

‘Ba mhaith liom go ndéanfaí an t-athrú seo sula bhfaighim bás.’

Is mór an trua nach bhfuil sí anseo chun é a fheiceáil.

Fág freagra ar 'Cumhacht Vicky Phelan a spreag na polaiteoirí lena gcumhacht féin a léiriú'

  • Lonán Fiach Ó Lorgnáin

    Do léirigh Vicky gur de ċumas againn faoi seach go rachaimis i bhfeidhm ar an tsochaí agus éagóir gan aird inti – suaimhneas síoraí dá hanam cróga uasail.