Cumhacht le tabhairt don Choimisinéir Teanga ‘fíneáil’ a ghearradh as sárú cearta teanga

Tá tuilleadh eolais curtha ar fáil tráthnóna ag Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne i dtaobh cheannteidil an Bhille chun leasú a dhéanamh ar an Acht Teanga

Cumhacht le tabhairt don Choimisinéir Teanga ‘fíneáil’ a ghearradh as sárú cearta teanga

Thabharfadh na leasuithe ar an Acht Teanga ar ghlac an Rialtas inniu leo an chumhacht don Choimisinéir Teanga fíneáil a ghearradh ar chomhlachtaí poiblí nach gcloíonn leis an dlí teanga nó a sháraíonn an tAcht Teanga “go leanúnach”.

Tá tuilleadh eolais curtha ar fáil tráthnóna ag Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne i dtaobh cheannteidil an Bhille chun leasú a dhéanamh ar an Acht Teanga ar ghlac an Rialtas inniu leo.

De réir an bhille bheadh “sprioc” ann go mbeadh 20% d’earcaigh nua sa tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge. Chuirfeadh an reachtaíocht nua deireadh chomh maith le córas na scéimeanna teanga, an córas maidir le cur le líon agus caighdeán na seirbhísí Gaeilge atá ar fáil ón Stát, agus chuirfí córas nua caighdeánaithe bunaithe ar rialacháin ina áit.

I ráiteas a d’eisigh sé tráthnóna, rinne an tAire Kyne cur síos ar chuid de phríomhfhorálacha eile cheannteidil an Bhille a fhoilseofar go luath.

Dúirt an tAire go mbeadh sé “riachtanach” faoin reachtaíocht “go n-oibreoidh gach oifig phoiblí sa Ghaeltacht trí Ghaeilge”.

Bheadh “dualgas nua” faoin reachtaíocht ar chomhlachtaí poiblí “rogha” a thabhairt do dhaoine a ainm agus a seoladh Gaeilge a úsáid agus, de réir an bhille, bheadh dualgas ar aon chomhlacht poiblí nua a ainm a bheith i nGaeilge.

Bheadh dualgas chomh maith ar gach comhlacht poiblí nua lógónna dátheangacha a bheith acu agus bheadh an dualgas céanna ar aon chomhlacht poiblí atá ann cheana féin a bheadh ag athrú a lógónna.

Chuirfí “bearta nua” i bhfeidhm chomh maith chun a chinntiú go mbeadh stádas níos fearr ag an nGaeilge ar chomharthaí bóthair. Tá na “bearta” sin le haontú leis an Aire agus leis an Roinn Iompair, a deirtear.

Bhunófaí chomh maith  ‘Seirbhís Aistriúcháin Roinnte’  chun cabhrú le ranna agus oifigí Rialtais a ndualgais aistriúcháin a chomh líonadh.

Bhí an tAire Stáit Gaeltachta Seán Kyne i láthair  ag cruinniú Rialtais an lae inniu chun cur síos a dhéanamh ar na moltaí do Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017.

Dúirt an tAire tráthnóna go raibh sé “thar a bheith sásta” go bhfuil cead faighte aige “chun brú ar aghaidh leis an mBille Teanga nua chun tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt agus d’úsáid an Ghaeilge”.

“Sa mbille nua, tá leasuithe reachtaíochta, bearta nua agus polasaí nua tionscnaimh chun tacú leis an nGaeilge trí mhéadú ar a hinfheictheacht agus a húsáid ar fud na tíre.

Dúirt an tAire Stáit go raibh an Ghaeilge “ag crosbhóthar” faoi láthair.

“Sna figiúirí Daonáirimh is déanaí, cé go bhfuil roinnt comharthaí dearfacha iontu thaispeáin siad freisin na dúshláin agus an brú atá ar an nGaeilge, go háirithe mar gheall ar chumhacht an Bhéarla.

“Is léir go bhfuil gá le hathruithe reachtaíochta agus beartais nua agus tionscnaimh nua chomh maith le ceannaireacht ón Rialtas agus an Stát.

“Baineann an Ghaeilge linn ar fad – ní le grúpa nó páirtí polaitíochta amháin í. Le linn an phróisis,  thuig mé go maith an tábhacht a bhaineann le comhaontú agus cur chuige comhpháirtíochta. Na bearta atá sa mBille, creidim, go mbeidh tionchar buan acu ar chur chun cinn na Ghaeilge…ar fud na tíre ar fad chomh maith leis na ceantair Ghaeltachta,” a dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Seán Kyne, tráthnóna.

Chuir an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, agus Conradh na Gaeilge fáilte roimh chinneadh an Rialtais inniu glacadh leis na moltaí reachtaíochta a chuir an tAire Kyne faoina bhráid.

Fág freagra ar 'Cumhacht le tabhairt don Choimisinéir Teanga ‘fíneáil’ a ghearradh as sárú cearta teanga'