Cumann caide na Gaeltachta thuas seal, thíos seal agus Ráth Chairn ag ceiliúradh

Caitear súil siar anseo ar chúrsaí CLG i nGaeltacht na Mumhan agus i nGaeltacht na Mí in 2019

Cumann caide na Gaeltachta thuas seal, thíos seal agus Ráth Chairn ag ceiliúradh

Foireann na Gaeltachta ag ceiliúradh. Pictiúr: Manuela dei Grandi

Ciarraí

Ba é Comórtas Peile na Gaeltachta an ócáid mhór peile i gCorca Dhuibhne i mbliana agus b’iontach an ócáid an comórtas don fhoireann bhaile agus an chraobh shinsir tugtha leo ag Cumann Caide na Gaeltachta.

Bhain lucht tacaíochta an chumainn sásamh ar leith as an gcaoi ar éirigh an comórtas a bhuachan chomh maith. Fuair siad an ceann is fearr ar a gcomharsana béal dorais, Daingean Uí Chúis, i gcluiche crua sa bhabhta leathcheannais. Foireann láidir as Cill Charthaigh a bhí rompu sa chluiche ceannais agus ba dheacair na foirne a scaradh óna chéile. Ba é Séamus Ó Muircheartaigh laoch na Gaeltachta nuair a fuair sé cúilín den scoth agus an t-am caite chun ríméad a chur ar mhuintir na háite agus an 50ú Comórtas a bhuachan don Ghaeltacht.

Bua iontach a bhí ann don Ghaeltacht, go háirithe i ndiaidh na ndeacrachtaí a bhí acu i gcraobh Chiarraí. Tar éis dóibh titim síos go dtí an grád Idirmheánach anuraidh, bhí fir na Gaeltachta ag ardú céime a bhaint amach agus filleadh láithreach bonn ar an ngrád is airde. Cé gur bhain siad áit amach sa gcluiche ceannais nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Phiarsaigh na Dromad sna babhtaí leathcheannais, chlis ar an nGaeltacht in aghaidh an Teampaill Nua agus fágann sin go bhfuil bliain eile ar a laghad rompu sa chraobh Idirmheánach.

Bhí ábhar díomá ag Daingean Uí Chúis i gcraobh an chontae i mbliana chomh maith. Bhain siad an cluiche ceannais amach in 2018 agus bhí fir an Daingin ag súil le dul chun cinn a dhéanamh i mbliana. Ach ní hamhlaidh a bhí agus fuair Ciarraí Thoir agus David Clifford an ceann is fearr orthu sa bhabhta ceathrú ceannais.

Bhí cúis cheiliúrtha ag buachaillí an Daingin ag deireadh na bliana, áfach, nuair a thug siad Craobh Chiarraí Thiar leo in aghaidh na Gaeltachta. D’fhág an bua sin go bhfuil an chraobh áitiúil buaite ag an Daingean acu 17 uair, uair amháin níos mó ná cumann na Gaeltachta.

Drochbhliain cheart a bhí ag Lios Póil agus níor bhuaigh siad ach aon chluiche amháin idir an tsraith agus an chraobh. Díbríodh iad ón bPríomhghrád Shóisir agus imreoidh siad anois sa Chraobh Shóisir in 2020.

Gaeil an Deiscirt ag ceiliúradh. Pictiúr: Manuela Del Grandi

I bPeil na mBan, bhí foirne Chiarraí ag ceiliúradh faoi thrí ag Comórtas Peile na Gaeltachta agus craobhacha tugtha leo ag Gaeil an Deiscirt (Sinsir), Corca Dhuibhne (Idirmheánach) agus Daingean Uí Chúis (Sóisir). Bhí Gaeil an Deiscirt ag ceiliúradh arís mí Mheán Fómhair agus Craobh Shinsir Chiarraí tugtha leo acu. Chuaigh Corca Dhuibhne chomh fada le cluiche ceannais na craoibhe idirmheánaí ach chlis orthu i gcoinne Lios an Phúca.


An Mhí

Daragh Griffin ag imirt do Chlann na nGael ag Comórtas Peile na Gaeltachta. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Bhí ceiliúradh ar leith ann i Ráth Chairn i mbliana agus craobhacha an chontae buaite ag foirne iomána agus peile Chlann na nGael. Thug comhfhoireann Ráth Chairn agus Baile Átha Buí leo Craobh Idirmheánach Iomána na Mí den tríú huair nuair a bhuaigh siad ar Dhún Doire sa chluiche ceannais mí Dheireadh Fómhair.

Bhí scata mór iománaithe ar an bhfoireann peile chomh maith agus bhí na himreoirí sin ag ceiliúradh arís ag deireadh na míosa céanna nuair a bhuaigh siad Craobh Shóisir A Peile na Mí. Bhí athimirt ag teastáil uathu chun an ceann is fearr a fháil ar Mhaigh Locha sa bhabhta ceannais ach tháinig Clann na nGael slán faoi dheireadh. D’éirigh leo dul chomh fada le cluiche ceannais Laighean ach bhuaigh seaimpíní Loch Garman, Ráth Gearróg-Baile Chúisín, orthu tar éis am breise.

Bhí drochbhliain ag Bhulf Tón i gCraobh Shinsir na Mí agus theastaigh uathu cluiche sna babhtaí dícháilithe a bhuachan chun a n-áit sa phríomhghrád a choinneáil. Bhí fear Gaeltachta amháin ag ceiliúradh ag deireadh na craoibhe sinsir, áfach. Bhí Ciarán Ó Fearraigh, arb as Gaoth Dobhair ó dhúchas dó, ina chaptaen ar fhoireann Ráth Tó a bhuaigh Craobh Shinsir Peile na Mí i mbliana.


Port Láirge

Tadhg Ó hUallacháin ag imirt d’iománaithe na Rinne in 2017

Bhí údar ceiliúrtha ag iománaithe sóisir na Rinne i mbliana agus an chraobh tugtha leo acu don dara bhliain as a chéile. Tar éis dóibh an Chraobh Shóisir C a bhuachan in 2018, shroich an Rinn cluiche ceannais Chraobh Shóisir B Phort Láirge i mbliana, áit ar chas Rogha Éireann orthu. Chríochnaigh an chéad chluiche eatarthu ar comhscór ach bhí fir na Gaeltachta i bhfad níos láidre ná a gcéilí comhraic san athimirt agus bhí an lá leo, 3-11 in aghaidh 0-4.

Bhí ábhar díomá ag príomhfhoirne an chumainn. Chaill na hiománaithe idirmheánacha le aon phointe amháin i gcoinne Bhaile na Sagart i mbabhtaí leathcheannais na craoibhe thiar agus bearna aon phointe amháin chomh maith a bhí idir peileadóirí na Rinne agus An Uidhir i mbabhtaí ceathrú ceannais na craoibhe sinsir peile.

Bhí dea-scéal ann do chomhfhoireann na Rinne agus an tSeanphobail, An Ghaeltacht, agus Roinn 2 de Chraobh Mhionúir Iomána Phort Láirge tugtha leo acu mí Dheireadh Fómhair nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Chaisleán Cuanach.


Corcaigh

Max Daibhís (Na Dúnaibh) agus Seán Ó Coill (Béal Átha an Ghaorthaidh). Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Ní raibh aon dea-scéal ag foirne na Gaeltachta i gCorcaigh agus na trí fhoireann, Naomh Abán, Béal Átha an Ghaorthaidh agus Cill na Martra, ag glacadh páirt sa Phríomhghrád Idirmheánach Peile.

Bhain Cill na Martra ardú céime amach in 2018 agus níor éirigh ródhona leo i mbliana. Chuaigh siad chomh fada le babhtaí ceathrú ceannais na craoibhe ach d’éirigh le Ceann Toirc an ceann is fearr a fháil orthu mí Mheán Fómhair. D’éirigh níos fearr leo i Roinn 1 na sraithe agus chuadar chomh fada le cluiche ceannais na sraithe, áit ar bhuaigh Naomh Fionnbarra orthu.

Chríochnaigh Béal Átha an Ghaorthaidh ag bun Roinn 1 ach, dála Chill na Martra, díbríodh iad i mbabhtaí ceathrú ceannais na craoibhe. Chuir siad tús maith leis an gcraobh nuair a bhuail siad an cumann Gaeltachta eile, Naomh Abán, ach bhí Éire Óg, a bhuaigh an comórtas ina dhiaidh sin, rómhaith do Bhéal Átha an Ghaorthaidh sna babhtaí ceathrú ceannais.

Ní raibh bliain róshásúil ag Naomh Abán. Tar éis dóibh an chéad chluiche sin sa chraobh a chailliúint in aghaidh Bhéal Átha an Ghaorthaidh, díbríodh foireann Bhaile Bhuirne ag tús mhí Lúnasa nuair a chaill siad in aghaidh Áth Trasna.

Fág freagra ar 'Cumann caide na Gaeltachta thuas seal, thíos seal agus Ráth Chairn ag ceiliúradh'