Cumann Barra Naofa fuar folamh ó 1993 ach iad ag feabhsú le tamall

Beidh dhá cluiche shuimiúla iomána le feiscint ar TG4 an Domhnach beag seo, ceann ó thuaidh agus ceann ó dheas

Cumann Barra Naofa fuar folamh ó 1993 ach iad ag feabhsú le tamall

Comhghairdeachas le Baile Gunnair a bhuaigh an t-ochtú craobh shinsir contae as a chéile seachtain ó shin. A bhuíochas do chúl luath bhí smacht acu ar an imirt agus bhí fiche cúilín le spáráil sa deireadh acu.

Beidh dhá cluiche iomána le feiscint ar TG4 amárach, ceann ó thuaidh agus ceann ó dheas.

Anseo i gCorcaigh beidh ceann de mhórchoimhlintí na hiomána le blianta fada ar siúl agus seaimpíní na bliana anuraidh, an Charraig Dhubh, i gcoinne Chumann Barra Naofa. Bhí blianta fada ann agus ba iad trí mhórfhoireann na cathrach ríthe na hiomána sinsir sa chontae. Idir na trí chlub sin tá 84 craobh buaite acu. Ó thosach an chéid seo, áfach, níl ach cúig chraobh acu eatarthu, trí cinn ag an Charraig Dhubh, péire ag Fánaithe an Ghleanna agus Cumann Barra fuar folamh ó 1993.

Is í foireann Mhainistir na Corann a bhris an mhonaplacht sin agus ansin bhí club beag Bhaile Nua Sheandroma i gceannas ar feadh tamall de bhlianta agus triúr dea-cheannairí acu – na deartháireacha Ben agus Jerry O’Connor agus Pat Mulcahy. Bhuaigh Rogha Éireann dhá chraobh in 2006 agus 2007 agus ansin tháinig a gcomharsana na Sáirséalaigh chun cinn agus thug ceithre chraobh leo idir 2008 agus 2014.

Is foireann dúiche Uí Mhic Coille a bhí trí bliana ar barr go dtí anuraidh. Taobh amuigh de Bhaile Nua Sheandroma is as oirthear an chontae na clubanna eile go léir.

Is cluiche deireanach grúpa a bheidh ar siúl amárach agus deireadh i ndán don fhoireann a chaillfidh, rud a fhágann gur cluiche ceart craoibhe é. Cuimhnigh gur leor comhscór do Chumann Barra mar chríochnaigh a gcluiche i gcoinne Rogha Éireann ar comhscór cé go raibh Cumann Barra deich gcúilín chun tosaigh ag leath ama. Bhuadar i gcoinne Ráth Luirc sa chéad chluiche.

Anuraidh bhí an Charraig Dhubh ar fheabhas agus a n-ainmneacha sa Táin ag  Alan Connolly, Tadhg Deasy, Niall Cashman agus Daniel Meaney. Chaill siad a gcéad chluiche grúpa i gcoinne Rogha Éireann agus bhuadar ar Ráth Luirc. Iar-imreoir an chontae Fergal Ryan atá ina bhainisteoir orthu.

Ach tá Cumann Barra ag feabhsú don faoi stiúir iarlaoch an chontae, Ronan Curran. Tá scata maith imreoirí óga acu agus boinn chraobh faoi 20 na hÉireann ag cuid díobh – leithéidí Brian Hayes, Ben Cunningham agus Jack Cahalane. Cuir leosan imreoirí sinsir an chontae, Damien is Conor Cahalane agus Billy Hennessy, agus tá cnámh droma d’fhoireann mhaith acu. Is deacair a rá cé a bhuafaidh. Tá níos mó taithí ag na ‘Rockies’ ach tá an óige agus ruainne den teaspach ag na ‘Barrs’. Mar iarimreoir dá gcuid, tá súil agam féin go mbeidh na ‘Barrs’ fós ina seasamh oíche Dé Domhnaigh

I gcontae maorga Aontroma beidh an cluiche ceannais á imirt amárach idir seaimpíní Dhún Lathaí agus Ó Donnabháin Rosa Bhéal Feirste.

Léigh mé agallamh le déanaí le hiarchaptaen Chumann an Athar Uí Néill i gCorcaigh, Adrian Kenneally, atá anois ag imirt le cumann Ó Donnabháin Rosa agus é ag tabhairt ardmholadh do chaighdeán na hiomána ó thuaidh. Bhí ionadh air go raibh an caighdeán chomh hard san agus cheap sé go mbeadh na foirne is fearr in Aontroim gach pioc chomh maith le cuid mhaith foirne atá páirteach sa chraobh shinsir i gCorcaigh.

Bhuel tá seans aige bonn sinsir contae a shaothrú amárach agus a chlub nua i gcoinne Dhún Lathaí atá ar thóir a dtríú craobh i ndiaidh a chéile agus a gceathrú ceann le cúig bliana. Tá seacht mbliana déag ann ó bhuaigh Ó Donnabháin Rosa Corn an Volunteer.

Dar ndóigh is iad na seaimpíní rogha láidir na n-údar agus measaim go mbeidh sé deacair iad a bhualadh.

Fág freagra ar 'Cumann Barra Naofa fuar folamh ó 1993 ach iad ag feabhsú le tamall'