Beidh trí chumann Gaeltachta faoi chaibidil i sraith nua TG4, Ár gClub, a gcuirfear tús léi an tseachtain seo chugainn.
Tugann an tsraith, a sheol an láithreoir aitheanta spóirt, Evanne Ní Chuilinn, i mBaile Átha Cliath aréir, léargas ar na pobail agus ar na heachtraí a thiteann amach i gceithre chumann éagsúla CLG le linn na bliana 2018.
Is iad na cumainn a bheidh le feiceáil in Ár gClub ná Cumann Caide na Gaeltachta as Corca Dhuibhne, na Piarsaigh as Ros Muc i nGaeltacht Chonamara, na Dúnaibh as Gaeltacht Thír Chonaill agus cumann as Baile Átha Cliath, Crócaigh Chill Mochuda.
Seacht gclár san iomlán atá i gceist sa tsraith nua atá déanta ag an gcomhlacht léiriúcháin Aniar do TG4 agus drinneadh an taifeadadh don tsraith i gcaitheamh na bliana seo caite.
Tabharfaidh na cláir léargas ar bhliain eachtrúil na gcumann uile in 2018, idir fheachtas na Gaeltachta agus iad ar ais i gCraobh Shinsir Peile Chiarraí, dhúshlán na nDúnaibh agus iad ag fáil réidh do Chomórtas Peile na Gaeltachta, iarracht Chill Mochuda Craobh Shinsir Iomána Átha Cliath a bhaint agus dheacrachtaí na bPiarsach mar chumann tuaithe foirne a chur chun páirce.
Craolfar an chéad chlár den tsraith Déardaoin seo chugainn, an 7 Feabhra, ag 8.00pm.
Fág freagra ar 'Cumainn CLG Ghaeltachta le feiceáil i sraith nua TG4'