Cuma róláidir ar Bhaile Héil agus ar Bhaile Gunnair

Tá dhá mhórchluiche ar siúl amárach agus babhtaí leathcheannais na gclub ar siúl i Staid Semple agus i bPáirc Parnell

Cuma róláidir ar Bhaile Héil agus ar Bhaile Gunnair

Kevin Mahony, Baile Gunnair. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Sula scríobhfaidh mé aon fhocal eile faoi chluichí na deireadh seachtaine caithfidh mé a gclár Laochra Gael atá ar ais ar an aer i láthair na huaire a thréaslú le Nemeton, an comhlacht Gaeltachta a dhéanann an tsraith do TG4. Bhí an clár faoi Terence ‘Sambo’ McNaughton ar fheabhas. Clár an-ghoilliúnach macánta faoin bhfear cumhachtach, inspioráideach speisialta seo.

Go ginearálta, tá an tsraith ag dul ó neart go neart go háirithe ó cuireadh leathuair eile leis.

Ar ais chuig na páirceanna imeartha agus dhá mhórchluiche ar siúl amárach, ceann acu i Staid Tom Semple i nDurlas Éile agus an ceann eile i bPáirc Parnell.

Níl sé rófhada ó shin ó dheineas cur síos ar Tuairisc ar an bhfoireann club iomána is fearr sa tír i láthair na huaire. Tá seilbh acu ar choirn Laighean arís agus ar chorn Tommy Moore don fhoireann shinsir is fearr sa tír le dhá bhliain anuas. Dar ndóigh táim ag caint faoi Sheamróga Bhaile Héil Chill Chainnigh atá ag dul chun páirce amárach i gcoinne foireann thar a bheith cumasach, Naomh Tomás na Gaillimhe.

I measc réalta na Seamróg tá TJ Reid, duine de na tosaithe is fearr sa chontae agus duine de na hiománaithe is fearr a d’imir an spórt iontach seo riamh. Taobh leis ar an bhfoireann club tá Imreoir Óg 2020 is 2021, Eoin Cody. Tosaí speisialta eile é captaen Chill Chainnigh na bliana seo, Adrian Mullen agus ná déanaimis dearmad ar Colin Fennelly agus muid ag caint ar thosaithe éifeachtacha.

Dar ndóigh tá a réalta féinig ag foireann na Gaillimhe agus taithí acu ar an turas chuig an mbarr agus craobh club na hÉireann buaite acu cheana in 2013. Mar sin féin, trí bliana ó shin fuaireadar léasadh ceart ó Bhaile Héil sa chluiche ceannais a chríochnaigh 2-28 in aghaidh 2-11. Ach seo 2022 agus i Staid Semple a beidh an cluiche is déanaí seo againn idir na foirne.

Bheadh sé deacair dul i gcoinne fhoireann Chill Chainnigh, go háirithe agus an laoch contae Shane Cooney ar lár ar Naomh Tomás, an diabhal ballnasc croiseach gortaithe aige agus é imithe faoi scian seachtain ó shin. Bhí Cooney ar fheabhas ag uimhir a sé i gcluiche ceannais na Gaillimhe roimh Nollaig agus gach seans gurbh eisean a bheadh ag marcáil TJ Reid.

Cinnte braithfidh siad uathu é agus is laige iad mar fhoireann gan eisean a bheith i lár an aonaid cúlaithe. Ceapaim go mbeidh Baile Héil róláidir an uair seo.

Coicís ó shin thug Baile Gunnair ceann de mhórthaispéantais na linne i gcoinne Chill Mocheallóg. Bhí siad thar barr.

Caithfidh siad a bheith os cionn a mbuille arís i gcoinne Shleacht Néill, foireann atá lán le taithí agus le muinín. Ach amárach beidh seaimpíní Uladh i gcoinne foireann a tháinig trí fheachtas cúige i bhfad níos déine ná ceann Uladh agus is cinnte go seasfaidh sé sin le foireann Phort Láirge.

Tá leanúnachas ó thaobh caighdeáin ag baint leis an dá fhoireann seo agus caighdeán thar a bheith ard sroichte acu. Tá áit sa chraobh tuillte ag an dá chlub. Ach faraor ní bheidh ach buaiteoir amháin againn. Ón méid a chonaic mise bheadh sé deacair dul i gcoinne Bhaile Gunnair, go háirithe agus é beagnach dodhéanta Dessie Hutchinson a choimeád faoi chois faoi láthair.

Beidh an cluiche le feiceáil ar TG4.

Amárach freisin a imreofar na babhtaí leathcheannais sa chraobh idirmheánach agus sa chraobh shóisir. Agus nach iontach go bhfuil foirne ó cheithre chontae nach bhfuil san aicme is láidre san iománaíocht sna cluichí idirmheánacha – Maigh Eo, Doire, Ciarraí agus Cill Dara.

Beidh craobh an Co-Op Superstores ar siúl amárach idir contae an Chláir agus Luimneach.

Fág freagra ar 'Cuma róláidir ar Bhaile Héil agus ar Bhaile Gunnair'

  • B

    Beidh an cluiche sléacht néil níos cóngaraí sílim. Bhí cead acu san cluiche deireanach a beith ag rith thart gan brú. Chífidh sibh amárach