Cuma níos fearr ar na Tiobradaigh agus lá iontach eile romhainn

CRAOBH NA MUMHAN: Bunaithe ar an difríocht idir caighdeán na n-imreoirí sa dá champa chaithfeá a rá go mbeidh an bua ag Tiobraid Árann

Padraic Maher agus foireann Tiobrad Árann. Pictiúr: ©INPHO/Donall Farmer
Foireann Thiobrad Árann. Pictiúr: ©INPHO/Donall Farmer

Tá draíocht faoi leith, fós  ag baint le Craobh Shinsir Iomána na Mumhan. Tá suim ag gach imreoir sa chúige bonn Chraobh na Mumhan a bhuachan.

Amárach cuirfear tús le Craobh 2016 leis an gcluiche idir na contaetha a bhí ina ríthe ar an gcúige le blianta, Tiobraid Árann agus Corcaigh . Is iomaí scéal a chuala mé le linn m’óige faoi ghaiscí laochra cosúil le Ring, Mackey, Jimmy Doyle agus mórán Éireann eile. Bhí an t-ádh liom boinn a bhuachan mé féin agus mé ag imirt ar fhoirne a raibh laochra na linne ag imirt leo, leithéidí Gerald agus Charlie McCarthy, Ray Cummins agus John Horgan.

Amárach tabharfaimid aghaidh ar Dhurlas chun súil a chaitheamh ar laochra 2016. Is oth liom a rá, mar Chorcaíoch, go bhfuil an chuid is mó de na himreoirí mór le rá i measc na dTiobradach. Tá éachtaí déanta ag Pádraig, Brendan agus Bonner Maher, ag Bubbles Dwyer, ag Noel McGrath agus Séamus Callinan, ach taobh amuigh de Patrick Horgan níl seirbhís fhada bhuan tugtha ag mórán eile ar fhoireann Chorcaí agus is beag atá buaite ag sinsir Chorcaí le deich mbliana anois.

Bunaithe ar an méid a chonaiceamar le linn shraith Allianz bheadh sé deacair ag lucht leanúna Chorcaí mórán muiníne a bheith acu agus iad ag taisteal thar teorainn amárach. Dá ainneoin sin, rachaidh slua mór acu amárach chuig Staid Semple mar a dhéanann siad i gcónaí.

Maidir leis na Tiobradaigh is dóigh liom go bhfuil cuid mhaith dá lucht féachana míshásta go maith freisin.

Ar an gcéad fhéachaint, is acu atá na himreoirí mór le rá ach is minic nach mbíonn siad ar fad os cionn a mbuille an lá céanna. Ní dóigh liom go raibh an bainisteoir nua Michael Ryan sásta leis an bhfeachtas sraithe ná an taispeántas deireanach a tugadh i gcoinne an Chláir.

Is minic, ón uair dheireanach a bhuadar Craobh na hÉireann in 2010, gur theip orthu agus iad gar don duais mhór.

I ndeireadh na dála is cuma cé a bhuann amárach mar beidh an dara deis ag an bhfoireann a chailleann, ach bí cinnte de go mbeidh an dá fhoireann ag déanamh a seacht ndícheall ó thús deireadh.

Tá chuid maith muiníne ag na geallghlacadóirí as Tiobraid Árann atá mar rogha láidir acu do chluiche an lae amárach agus don chraobh.

Maidir leis an gcraobh, is deacair sin a thuiscint. Ón méid atá feicthe le tamall anuas againn is léir go bhfuil an Clár agus Port Láirge níos láidre ná na Tiobradaigh .

Bhuel, amárach tá seans acu a chruthú do phobal na hiomána go bhfuil dul amú orainne agus an ceart ag na geallghlacadóirí.

I stair na hiomána idir an dá chontae is minic a bhuaigh an t-íochtarán. 

Tá meas agam ar bhainistíocht Chorcaí. Tá a fhios agam go bhfuil obair chrua déanta acu ach fós tá cuid mhaith ceisteanna faoi na himreoirí. Ní fhacamar mórán le cúpla bliain a léirigh go bhfuil an bhuíon seo imreoirí in ann Craobh na hÉireann a bhuachan. Agus creid uaim é, anseo i gCorcaigh sin í an tslat tomhais. Is bónas é craobh na Mumhan ach an sprioc gach bliain ná corn Liam Mhic Cárthaigh. Ach mar a sheasann rudaí i láthair na huaire tiocfaidh sé an-dian ar Chorcaigh Craobh na Mumhan a bhuachan.

Bunaithe ar an difríocht idir caighdeán na n-imreoirí sa dá champa chaithfeá a rá go mbeidh an bua ag Tiobraid Árann. Ach is minic i gcás na gcoimhlintí idir an dá chontae seo gur tháinig an toradh aniar aduaidh orainn.