Cultúrlann nua Gaeilge £2 mhilliún nach mór tógtha in Ard Mhacha

Tá dul chun cinn mór déanta ar Aonach Mhacha ó cuireadh tús le tógáil an ionaid nua i Meán Fómhair na bliana seo caite

Cultúrlann nua Gaeilge £2 mhilliún nach mór tógtha in Ard Mhacha

Ní fada anois go mbeidh cultúrlann nua €2 milliún ag Gaeil Ard Mhacha agus an obair nach mór críochnaithe ar fhorbairt Aonach Mhacha.

Léiríonn na pictiúrí is déanaí den lárionad siamsaíochta, cultúir agus ealaíne an dul chun cinn mór atá déanta ar an togra ó cuireadh tús le tógáil an ionaid i Meán Fómhair na bliana seo caite.

Beidh siopa agus caifé san ionad nua, chomh maith le spás le haghaidh coirmeacha ceoil, drámaí, imeachtaí sóisialta, aclaíochta, teaghlaigh agus óige.

I measc na n-áiseanna eile atá á lua leis an fhoirgneamh, tá oifigí d’eagraíochtaí Gaeilge, seomraí ranga, gailearaí, stiúideo ilmheán agus spás ceardlainne.

‘Aonach Mhacha’ a bheas á thabhairt ar an Ghaelionad nua, atá á thógáil ar an suíomh mar a mbíodh an seanstáisiún dóiteáin tráth.

Dúirt Seán Ó Maoilsté, stiúrthóir Aonach Mhacha, le Tuairisc.ie cheana go mbeadh Aonach Mhacha “mar fhógra agus mar ráiteas muiníne” i dtaca leis an bhorradh atá tagtha faoin Ghaeilge sa chathair.

Fág freagra ar 'Cultúrlann nua Gaeilge £2 mhilliún nach mór tógtha in Ard Mhacha'

  • Breathnóir1

    Scéala iontach – fair plé do mhuintir Ard Mhacha.
    Nár bhreá an rud é a leithéid a bheith le fáil i ngach baile mór agus i ngach cathair fud fad na hÉireann?

  • Mac an Mheiriceánaigh

    Cé atá ag íoc as? Muintir an chontae féin? Is trua nach bhfuil muintir na Gaillimhe chomh mórchruíoch céanna