RAIDIÓ
Sceideal an fhómhair faoi lán seoil ar Raidió na Gaeltachta
Chuir RTÉ Raidió na Gaeltachta tús an tseachtain seo le sceideal an fhómhair agus cloisfear cláracha is glórtha nua ar an stáisiún.
Cuirfidh an craoltóir is láithreoir Máire Treasa Ní Dhubhghaill tús le clár nua irise, Pé Scéal É, a bheidh ar an aer gach Aoine agus meascán den cheol beo, agallaimh agus neart spraoi á ghealladh dúinn.
Tá aithne mhaith ar Mháire Treasa óna cuid oibre teilifíse go mór mór cúrsaí rugbaí agus spóirt. Beidh sí le cloisteáil freisin in éineacht le foireann spóirt RTÉ Raidió na Gaeltachta ar chláracha an deireadh seachtaine agus iad ar ais ar an mbóthar arís.
Craolfar sraith nua drámaíochta atá bunaithe ar an gclasaic litríochta Jimín Mháire Thaidhg sa bhfómhar freisin. Athshamhlú atá déanta ar scéalta an bhuachaillín spraíúil, a foilsíodh den chéad uair 100 bliain ó shin. Cloisfear aisteoirí óga sa tsraith atá á léiriú ag Macalla Teo.
Beidh Dónall Mac Ruairí ar ais i gcathaoir an láithreora don chlár Cóisir Cheoil ó Luan go Déardaoin. Ceol na linne is ceol na cruinne a bheidh le cloisteáil ar an gclár Rianta le Marcus Mac Conghail.
Sa tsraith Ceoltóirí na Mumhan, beidh ceoltóirí agus fonnadóirí as Cúige Mumhan á gcur faoi agallamh ag an gceoltóir agus an craoltóir aitheanta, Pádraig Ó Sé. Ceol Gaelach a bheidh ag Nicole Ní Dhubhshláine lena rogha ceoil ar an gclár An Braon Gaelach.
Beidh Gormfhlaith Ní Thuairisg ar ais sa gcathaoir ar Adhmhaidin agus Fionnuala Uí Neachtain ar ais ar Nuacht a hAon. I mBaile Átha Cliath ar Tús Áite is é Fachtna Ó Drisceoil a bheidh ar an stiúir. Ag an deireadh seachtaine beidh Máirín Ní Ghadhra ar ais leis An tSeachtain.
Caithfidh Tristan Rosenstock súil ar shaol na n-ealaíon ar an gclár An Cúinne Dána gach Déardaoin.
Tá neart eile ar sceideal an fhómhair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
FÉILTE
Ceoltóirí agus filí ag cruinniú d’Éigse Dhara Beag in Inis Meáin
Déanfar ceiliúradh ar Inis Meáin an deireadh seachtaine seo ar na healaíona traidisiúnta ag Éigse Dara Beag 2024.
Is é an fidléir mór le rá, Martin Hayes, a bheidh mar aoi speisialta ag Éigse na bliana seo den tionól bliantúil ag a ndéantar ceiliúradh ar an bhfile pobail Dara Beag Ó Fátharta, nach maireann, le himeachtaí ceoil, filíochta agus cultúrtha.
Altóir, seachas ardán a bheidh mar stáitse ag Hayes ag ceolchoirm mhór na féile i Séipéal Mhuire gan Smál agus Eoin Baiste an Satharn beag seo, agus é le seinm in éindí leis an gceoltóir Brian Donnellan faoi scáth fhuinneoga áille Harry Clarke sa séipéal.
Tá gach eolas agus an clár na héigse le fáil anseo.
Féile Siamsa Glas ar siúl i nGleann na Bóinne
Cuirfear tús an deireadh seachtaine seo le féile nua a dhéanann ceiliúradh ar Ghlasbhealach Ghleann na Bóinne. Beidh na himeachtaí ar fad trí Ghaeilge ag an bhFéile Siamsa Glas a bheidh ar siúl an deireadh seachtaine seo, an 14 agus an 15 Meán Fómhair. Bealach 30km do shiúlóirí agus do rothaithe é an glasbhealach a théann bealach na seanlíne iarnróid ón Uaimh i gcontae na Mí go Dún an Rí i gCo. An Chabháin.
Gabhfaidh cuairteoirí ar an nglasbhealach trí sé shráidbhaile, nó gar dóibh, agus tá pobail na mbailte sin á n-ullmhú féin le fáilte a chur roimh na cuairteoirí, cúpla focal Gaeilge a labhairt leo agus imeachtaí spreagúla a chur ar fáil.
Tá clár na féile le fáil ar leathanach baile Ghleann na Bóinne anseo.
DRÁMAÍOCHT
Léiriú nua ar dhráma le Pádraig Mac Piarais i dTamhlacht
Beidh an dráma ‘An Rí’ le Pádraig Mac Piarais á léiriú ag Aisteoirí Thamhlachta i nGleann an Smól an Satharn beag seo, an 14 Meán Fómhair agus arís ar an Domhnach, 15 Meán Fómhair.
Dráma moráltachta Gaeilge leis an bPiarsach is ea ‘An Rí’ a léiríodh den chéad uair i 1912 ar thailte Scoil Éanna i Ráth Fearnáin faoi stiúir an Phiarsaigh féin.
Tá an léiriú seo á stiúradh ag Ciarán McMahon agus ceol nuachumtha á sheinm ag Lorcán Mac Mathúna lárnach sa léiriú seo. Beidh Éamon Galldubh agus Martin Tourish ó Altan ar an bhuíon ceoltóirí a bheidh in éineacht le Mac Mathúna. Léireofar an dráma i nGleann na Smól, ceantar stairiúil atá suite taobh amuigh de Thamhlacht. Tá páirceáil ar fáil sa gcarrchlós ag Loch Uachtarach Bhóthar na Bruíne is beidh sólaistí ar fáil i ndiaidh an dráma i gCaifé Goughie’s.
Cuir ticéad in áirithe anseo.
FILÍOCHT
Filíocht na Gaeilge á léamh ag féile leabhar sa nGréig
Beidh ócáid filíochta Gaeilge-Gréigise ar bun ag Féile Leabhar Pedion Tou Areos sa nGréig ar an 20 Meán Fómhair. Is iad Louis de Paor agus Gearóid Mac Lochlainn a bheidh i láthair agus iad ag léamh as cnuasach filíochta Gaeilge-Gréigise a d’aistrigh Kevin Anderson agus a bhean Katy Logotheti-Anderson ón nGaeilge. Bhásaigh Katy mí Eanáir na bliana seo agus tá an ócáid seo á reáchtáil ina hómós.
Léifidh de Paor agus Mac Lochlainn na bunleaganacha i nGaeilge agus beidh na haistriúcháin á léamh ag Anderson agus file ón nGréig. Ar na dánta sa leabhar tá cinn le Máire Mhac an tSaoi, Biddy Jenkinson, Nuala Ní Dhomhnaill, Louis de Paor, Gearóid Mac Lochlainn agus Doireann Ní Ghríofa sa leabhar chomh maith le filí eile.
Seo físeán ó sheoladh an leabhair ag Aonach Leabhar Thessalonika i mBealtaine na bliana seo.
Fág freagra ar 'CULTÚR: Sceideal RnaG, Éigse Dhara Beag in Inis Meáin, Pádraig Mac Piarais i dTamhlacht agus filí Gaeilge sa Ghréig'