SEIMEANEÁR

Oidhreacht Desmond Fennell á plé ag seimineár i mBaile Átha Cliath
Beidh saothar agus oidhreacht Desmond Fennell á bplé ag painéal díospóireachta ag seimineár leathlae sa Sandymount Hotel i mBaile Átha Cliath ar an Aoine 14 Meitheamh.
Scríbhneoir, colúnaí nuachtáin agus smaointeoir neamhspleách ab ea Desmond Fennell. Cailleadh é sa mbliain 2021 agus d’fhág sé bailiúchán cuimsitheach saothar ina dhiaidh ina raibh réimse scríbhinní, smaointeoireacht agus craoltóireacht san áireamh.
Fear bisiúil a bhí ann a scríobh faoi lear mór ábhar éagsúil – an Ghaeilge, cúrsaí creidimh, an Tuaisceart, cúrsaí reatha idirnáisiúnta agus an scoilt a chonaic seisean idir uasal is íseal i sochaí na hÉireann.
Díreoidh an seimineár ar shaol agus ar shaothar Desmond Fennell agus ar na dúshláin atá roimh Éirinn faoi láthair. Glacfaidh daoine a raibh aithne phearsanta acu ar Fennell agus daoine a fuair spreagadh óna shaothar páirt sa phlé.
Beidh a iníon Kate Fennell i measc na gcainteoirí agus labhróidh sí faoina hathair chun tús a chur leis an seimineár. Ina diaidh a bheidh James Bradshaw a chuirfidh saothar Fennell i láthair i gcaint dar teideal ‘A Guide to Fennell’s Work’. Labhróidh Toner Quinn faoi fhoilsiú shaothar Fennell.
Ina chuid cainte faoin teideal ‘Fennell’s Vision for Ireland’s Place in Europe’, labhróidh an tOllamh Jerry White faoi shaothar Fennell sa gcomhthéacs Eorpach.
Is í an scríbhneoir Angela Nagle a thabharfaidh an chaint dheireanach agus labhróidh sí faoi oidhreacht Fennell ina cuid cainte ‘Fennell’s relevance to Ireland’s future’. Beidh díospóireacht phainéil ag an deireadh agus na cainteoirí ar fad ag glacadh páirte ann. ‘Does Fennell Matter Anymore?’ an téama a bheidh faoi chaibidil acu.
LEABHRÁN
Pabhsaeir Inis Meáin – leabhrán nua seolta
Do dhuine ar bith ar suim leo bláthanna fiáine is fiú go mór an leabhrán nua Pabhsaeir Inis Meáin – Wildflowers of Inis Meáin atá curtha i dtoll a chéile ag bean na mbláthanna, an craoltóir agus scríbhneoir Aedín Ní Thiarnaigh. Is í Aedín a chuir an clár Faoi Bhláth i láthair ar RTÉ cúpla bliain ó shin agus coimeádaí í ar an gcuntas Bláthanna Fiáine (@Blathannafiaine) ar Instagram, áit a roinneann sí pictiúir áille mar aon le heolas faoi bhláthanna Inis Meáin, chomh maith le heolas eile.
Togra é seo atá maoinithe ag Pleanáil Inis Meáin i gcomhar leis an gComhairle Oidhreachta, agus an Oifig Bithéagsúlachta i gComhairle Chontae na Gaillimhe.
Tá an t-eolas atá le fáil sa leabhrán bunaithe ar obair a cuireadh i gcrích ar an oileán in Aibreán-Bealtaine 2024 ar son Pleanáil Teanga Inis Meáin. Bhailigh Ní Thiarnaigh an t-eolas ó bhéaloideas agus ó fhoinsí foilsithe éagsúla, ina measc bhí, Irish Wild Plants: Myths, Legends and Folklore le Niall Mac Coitir, agus Díolaim Luibheanna Nicholas Williams.
Leabhrán lándaite atá ann ina bhfuil cur síos cuimsitheach ar 30 bláth atá le fáil in Inis Meáin. Sa réamhrá ag an údar ag tús an leabhráin, deir Ní Thiarnaigh go ndearna sí a rogha bunaithe ar na plandaí a raibh scéalta béaloidis ag baint leo agus a raibh tábhacht ar leith ag baint leo ó thaobh na bithéagsúlachta de.
Tá cur síos aici ar na bláthanna agus grianghraf lándaite de gach ceann acu in éineacht leis. Ar na pósaetha atá sa leabhrán, tá an ‘pabhsaer aille’ atá faoi bhláth tráth seo na Bealtaine agus beidh go dtí mí Iúil. Ainm eile atá ar na bláthanna seo ná ‘na blátha craige’ mar a thug an scríbhneoir Árannach Liam Ó Flaithearta orthu ina dhán cáiliúil.
Tá leagan digiteach den leabhrán ar fáil ar líne le híoslódáil anseo.
CEOLCHOIRMEACHA
Féasta Ceoil Stiúideo Cuan
Tá clár ceolchoirmeacha fógartha ag Stiúideo Cuan an tseachtain seo agus ceoltóirí éagsúla ag teacht go dtí an Spidéal ag deireadh mhí na Bealtaine agus i rith mhí an Mheithimh chun sraith imeachtaí a chur ar stáitse. Cuirfear tús le ‘Féasta Ceoil an Spidéil’ amárach, an 31 Bealtaine nuair a bheidh mná an cheoil, Liz agus Yvonne Kane ar stáitse.
Leanfar ar aghaidh leis an tsraith ar an 5 Meitheamh agus na ceoltóirí Séamus agus Caoimhe Ó Flatharta, deartháir agus deirfiúr as an Aird Mhóir i gCarna ar amhránaithe ar an sean-nós agus ceoltóirí ardchumasacha iad beirt. Tá clú agus cáil ar Chaoimhe agus ar Shéamus mar cheoltóirí atá ábalta ar uirlisí go leor, chomh maith le bheith ina ndamhsóirí agus ina n-amhránaithe traidisiúnta den chéad scoth agus duaiseanna go leor buaite acu.
An lá dár gcionn beidh an fidléir aitheanta Martin Hayes ar stáitse agus an t-amhránaí Caitríona Ní Cheannabháin a bheidh ansin an oíche ina dhiadh sin arís. Leanfar leis an tsraith ceolchoirmeacha i rith mhí an Mheithimh agus beidh Kíla, Muireann Nic Amhlaoibh, Gerry O’Beirne, Dónal O’Connor, Danú, Zoe Conway, agus ceoltóirí eile le feiceáil agus le cloisteáil i Stiúideo Cuan oícheanta éagsúla.
LITRÍOCHT
Comórtais liteartha Oireachtas na Gaeilge
D’fhógair Oireachtas na Gaeilge le deireanas go bhfuil siad ag glacadh le saothar do na Comórtais Liteartha 2024. Tá 32 comórtas ar chlár na bliana seo, ocht gcinn déag acu atá dírithe ar scríbhneoirí fásta agus ceithre cinn déag do scríbhneoirí óga. Mar a bhíonn gach bliain, tá réimse leathan cineálacha scríbhneoireachta san áireamh sna comórtais – úrscéal, gearrscéalta, prós agus filíocht ina measc.
Tá comórtais nua curtha ar an gclár i mbliana, ina measc comórtas iriseoireachta do dhaoine fásta faoi 30 bliain d’aois agus é urraithe ag NÓS. Roinntear na comórtais do scríbhneoirí óga ina dtrí chuid – comórtais do pháistí bunscoile, meánscoile agus mic léinn tríú leibhéal. Tá comórtas greannán do dhaltaí bunscoile sa gclár chomh maith le comórtais phróis, ficsin agus filíochta.
Cuirtear duaischiste ar fáil do gach comórtas agus cuireann painéal moltóirí aiseolas ar fáil do gach scríbhneoir ar a saothar. Is féidir iarratas a sheoladh isteach ar líne ar shuíomh idirlín an Oireachtais agus an sprioclá d’iarratais ná an chéad lá de mhí Iúil, 2024.
FÉILE
Comórtas Filíochta Fhéile Bhaile an Bhuinneánaigh
Tá comórtas filíochta fógartha ag Féile Bhaile an Bhuinneánaigh agus fáilte curtha roimh iarratais i nGaeilge agus i mBéarla. Is é téama an chomórtais i mbliana ná ‘An Trá’ ach cuirfear fáilte roimh iarratais i nGaeilge ar théamaí eile freisin.
‘Cumhacht na Farraige’ téama na féile i mbliana agus roghnaíodh ‘An Trá’ mar théama don chomórtas filíochta chun aird a tharraingt ar na tránna áille atá i gceantar Bhaile an Bhuinneánaigh. Ní ghlacfar ach le hiarratais nár foilsíodh in aon áit cheana. Tá duais €150 ag dul don chéad áit, €100 don dara háit agus €50 don tríú háit agus fógrófar na buaiteoirí ar an 18 Iúil, oíche oscailte na féile.
Táille €10 atá ar na hiarratais agus is féidir dhá dhán a chur isteach ar an táille sin. An sprioclá d’iarratais Dé hAoine, an 7 Iúil 2024.
Fág freagra ar 'CULTÚR: Oidhreacht Desmond Fennell, 30 bláth Inis Meáin agus filíocht Bhaile an Bhuinneánaigh'