CULTÚR: Mór-úrscéal as Meiriceá, fans ar líne, ceol as Conamara agus scéal Xi Jinping

Sa cholún seo tá moltaí ag meitheal Tuairisc faoi na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir, na hócáidí agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh

CULTÚR: Mór-úrscéal as Meiriceá, fans ar líne, ceol as Conamara agus scéal Xi Jinping

LEABHAIR

Fíorscéal fíorúil

Tomorrow, And Tomorrow, And Tomorrow
Gabrielle Zevin
Chatto & Windus, Vintage Books
Clúdach bog, €12

Úrscéal ar chanbhás mór é Tomorrow, and Tomorrow, and Tomorrow le Gabrielle Zevin, agus é lonnaithe idir Los Angeles agus Bostún i ré luath na gcluichí físe idir 1987 agus 2012.

Cé gur suíomh agus ábhar nuálach atá idir lámha aici tá stíl scríbhneoireachta chlasaiceach ag Zevin agus casadh beag bainte aisti. Tugann sé blas na heipice do scéal Sam Masur agus Sadie Green, beirt forbróirí cluichí físe a dtiteann a saol isteach is amach lena chéile i gcaitheamh na mblianta.

Tá fuinneamh bíogach ag preabadh tríd a thugann leis thú ar thuras trí cheann de réabhlóidí móra teicneolaíochta, scéalaíochta agus cultúir ár linne. Luíonn sé isteach i seánra na mór-úrscéalta clasaiceacha Meiriceánacha agus é suite i ré chinniúnach i gcultúr na tíre agus go deimhin an domhain.

Tarraingíonn Zevin scéal leathan chuici agus chuimhneofá ar leabhair ar nós The Grapes of Wrath le John Steinbeck a raibh an Spealadh Mór mar ábhar aige, nó, The Amazing Adventures of Kavalier and Clay le Michael Chabon a raibh ré órga na ngreannán  mar chúlra aige ach ceisteanna faoin tsaoirse agus tarraingt an éalaithe ina lár.

Cíorann sí ceisteanna móra a bhaineann leis an bhféiniúlacht, an muintearas agus an caidreamh is muid ar thairseach ré na teicneolaíochta.

Is dóigh go bhféadfá a rá gur éalú ar fad atá sna cluichí físe, go n-imíonn daoine ón bhfíorshaol isteach i saol fíorúil ag iarraidh pearsantacht nua a chruthú dóibh féin agus éalú ó dheacrachtaí a saoil féin. Ach, níl an scéal chomh simplí sin sa domhan a leagann Zevin amach dúinn.

Bridget Bhreathnach


Leabhar do na fans

Everything I Need I Get From You
Kaitlyn Tiffany
Everything I Need I Get from You (macmillan.com)

Is breá liom leabhar a thugann léargas nua dom ar an saol mór timpeall orm agus ar nósmhaireachtaí an chine dhaonna – agus is fearr fós é má bhaineann an leabhar céanna gáire asam. Mar sin, is mé atá sásta gur tháinig mé de thaisme ar Everything I Need I Get From You le Kaitlyn Tiffany (scríbhneoir le The Atlantic), ina ndéantar cur síos ar na bealaí ina raibh tionchar ag fandoms – agus cailíní ina ndéaga go háirithe – ar an idirlíon mar a aithníonn muid é sa lá atá inniu ann.

Mar shampla, an raibh a fhios agat gurbh iad ‘Deadheads’ (lucht leanúna de chuid an bhanna Grateful Dead sna 60idí/70idí) ar dtús a d’úsáid fóraim ar líne mar mhodh cumarsáide? ‘Before most people were using the internet for anything,’ a scríobh Tiffany, ‘fans were using it for everything.’ Caitear solas ar fandoms mar mhoil ina bhforbraíonn an nuálaíocht, an ealaín agus an pobal. (Agus déantar an t-iomlán a phlé agus lucht éisteachta One Direction mar ábhar cás-staidéir ina chroílár.)

Emma Ní Chearúil

CEOL

CONNOLLY cumasach as Ceantar na nOileán

Midnight Summer night – CONNOLLY

Tá an fómhar buailte linn agus a ghoimh le brath san aer, ach d’fhéadfá a shamhlú, ar feadh cúpla nóiméad agus an traic seo i do chluasa agat, gur ar bhóthar ciúin atá tú, ag spaisteoireacht i dtreo an bhaile i lár na hoíche mí Iúil… As Ceantar na nOileán a thagann CONNOLLY, ach d’fhéadfá a glór a shamhlú ar aon ardán idirnáisiúnta. Seo an chéad amhrán atá eisithe aici, agus cheana féin tá guth ar leith agus ardchaighdeán léiriúcháin soiléir ina cuid ceoil, chomh maith le liricí uilíocha ionraice. Táim ag súil go mór lena fheiceáil céard a bheidh i ndán di amach anseo. Taitneoidh an t-amhrán seo leo siúd a bhíonn ag éisteacht le leithéidí Laura Welsh nó girl in red.

Emma Ní Chearúil

PODCHRAOLADH

Údarásaíochas na Síne

The Prince
The Economist

Deir láithreoir The Prince, an t-iriseoir Sue-Lin Wong, go bhféadfaí a rá gurb é Xi Jinping anois an duine is cumhachtaí ar domhan agus é ina Ard-Rúnaí ar Pháirtí Cumannach na Síne, ina uachtarán ar an stát, i gceannas ar arm na Síne agus gan freasúra ann chun a dhúshlán a thabhairt.

D’ainneoin go raibh a athair ard go maith sa Pháirtí Cumannach le linn ré Mao Zedong agus go bhfuil sé pósta le hamhránaí cáiliúil sa tSín, is beag eolas atá ag daoine ar Xi agus ar a shaol ach déantar iarracht ssa phodchraoladh seo an scéal sin a insint agus cur síos a dhéanamh ar na heachtraí a chuaigh i bhfeidhm air.

Tugtar léargas ar óige Xi tráth ar cuireadh a athair i gcampa oibre le linn ceann de phurguithe Mao ach d’fhan Xi féin dílis don pháirtí agus thuill sé moladh as an tslí a ndeachaigh sé i ngleic le fadhb ollmhór na caimiléireachta sa tSín.

Déantar cur síos freisin ar an tionchar a bhí ag cliseadh an Aontais Shóivéadaigh agus Earrach na nArabach ar Xi agus an tionchar a bhí ag an dá éirí amach sin ar dhearcadh Xi agus an tSín anois ag dul i dtreo an údarásaíochais.

Is mar gheall ar an údarásaíochas sin go bhfuil cuid mhaith de na daoine a labhraíonn sa tsraith tar éis an tSín a fhágáil agus, ag éisteacht lena gcuid scéalta, thuigfeá dóibh.

Pádraic Ó Ciardha

Fág freagra ar 'CULTÚR: Mór-úrscéal as Meiriceá, fans ar líne, ceol as Conamara agus scéal Xi Jinping'