CULTÚR: Clár podchraoladh nó leabhar uait? Tá roinnt moltaí againn…

Sa cholún nua seo tá moltaí ag meitheal Tuairisc faoi na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir, na hócáidí agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh

CULTÚR: Clár podchraoladh nó leabhar uait? Tá roinnt moltaí againn…

PODCHRAOLADH

An podchraoladh Gaeilge is ansa liom…

Tá borradh faoi earnáil na bpodchraoltaí Gaeilge le tamall de bhlianta anuas, agus fás ag teacht ar líon na nGael a bhíonn le cloisteáil ar na hardáin sruthála. Is é Beo ar Éigean an chéad phodchraoladh as Gaeilge ar tháinig mé trasna air, agus ó shin tá leithéidí Na Gael Gals, Tae agus Plé, agus le gairid Na Gailíní tagtha ar an bhfód. Tá rogha fhlúirseach ar fáil daofa siúd a bhíonn ag lorg podchraoltaí Gaeilge, ach sé an rogha a mholaimse i gcónaí ná podchraoladh Na Seansálaithe. 

Is triúr cairde iad Hugh, Áine agus James a bhuail le chéile ar dtús fríd scéim taithí oibre TG4, agus tá cairdeas agus greann ar leith le cloisteáil agus iad ag plé topaicí na seachtaine. Mothaíonn an t-éisteoir nasctha leo, páirteach ina gcuid jócanna agus iad ag spochadh as a chéile. 

I sraith a 3, bíonn siad ag caint ar bhonn seachtainiúil le haíonna speisialta, daoine amhail Dáithí Ó Sé, Caitlín Nic Aoidh agus an Kerry Cowboy. Bíonn eagrán úr de Na Seansálaithe ar fáil ar na hardáin sruthála achan Aoine.

Póilín Nic Géidigh

LEABHAIR

Máistrí na mionsonraí

Súil an Daill
The Land for the People: The Sexual Case for Land Reform in Ireland

In Seacht dTír Seacht dTeanga le Diarmuid Johnson roinneadh linn cuntas saoil a thug spléachadh ilteangach, ilnáisiúnach, rícheolmhar dúinn ar dhúchas na hEorpa. D’éirigh le Johnson friotal úr don leabhar taistil a thabhairt dúinn sa saothar sin agus seo chugainn arís Leabhar Breac le saothar neamhghnách eile.

I Súil an Daill, úrscéal stairiúil, tá an insint cuid mhór níos casta ag Darach Ó Scolaí ná mar a bhí aige in An Cléireach, ach déanann sé an ionramháil iontach chéanna ar na mionsonraí stairiúla, mionsonraí a chruthaíonn domhan ildaite inchreidte dúinn, chomh maith le haicsean den scoth.

Tugtar ‘leabhar saothair’ ar The Land for the People: The Sexual Case for Land Reform in Ireland le hEimear Walshe ach is mó de phoileimic atá ann. Fiosraíonn sé na naisc idir cúrsaí craicinn agus talún. 

Faightear an scéal stairiúil ann chomh maith leis an leagan amach atá ar chúrsaí faoi láthair agus tá bealach ealaíonta greannmhar machnamhach réabhlóideach aimsithe ag an údar le daoine a chur ag cuimhneamh ar cheist pholaitiúil na talún.

Ní bhíonn an oiread sin i bhficsean na seánraí againn sa Ghaeilge mar sin chuir mé an-fháilte roimh leabhar nua Sheáin Uí Mhuireagáin Bádh B’fhéidir. HAL a thugtar ar intleacht shaorga sa chultúr Angla-lárnach ach Aoife a bhíonn ag na Gaeil dealraíonn sé. Tá go leor leor samhlaíochta sna gearrscéalta seo (cuid acu a bhféadfaí iad a áireamh mar nóibhillí). Útóipe lán ban, súmairí fola, stát ollsmachtach. Cad eile a bheadh uait?

Eoin P Ó Murchú


Cur síos den scoth ar scéal an Belgica

Madhouse at the End of the Earth

Tá cur amach réasúnta maith againn sa tír seo ar chúrsaí taiscéalaíochta san Antartach mar gheall ar ghaiscí Tom Crean agus Ernest Shackleton. Ar ndóigh, Éireannaigh a bhí sa bheirt agus níl an cur amach céanna againn ar shaol ná eachtraí Roald Amundsen, an chéad duine a bhain an Mol Theas amach. Cinnte, is beag duine anseo a bheadh eolas acu ar an gcéad turas chuig an tAntartach a bhí ag Amundsen in 1897, cúig bliana déag roimh an rás cáiliúil a bhí aige le Robert Scott chun an mhoil.

Insítear sa leabhar Madhouse at the End of the Earth (Penguin) scéal an Belgica, ar a raibh Amundsen agus a chaith beagnach bliain sáinnithe sa phacoighear. Gan radharc acu ar an ngrian ar feadh na míonna agus iad ag ithe feoil amh piongaine chun iad féin a choinneáil beo, d’imigh cuid den chriú as a meabhair agus fágadh faoi Amundsen agus an dochtúir Meiriceánach, Frederick Cook, a bhain míchlú amach i ndiaidh an turais, iarracht a dhéanamh a leathbhádóirí a thabhairt slán.

Tá cur síos den scoth déanta ag an údar Julian Sancton ar an scéal bunaithe ar dhialanna an chriú agus logleabhar an turais agus cuma scéinséara air. Tá ábhar scannáin ann cinnte.

Pádraic Ó Ciardha

TEILIFÍS

Tairiscint á déanamh ag Paramount

Paramount Plus

Seoladh seirbhís sruthaithe eile fós inné. Tráth dá raibh bhímis i dtaobh le Netflix amháin; anois tá Disney, Apple agus Amazon Prime ag cantáil a choda air. An tseachtain seo chugainn tá Paramount chun a mhaide a chur san fheamainn. D’fhéadfá a bheith bánaithe ag síntiúis sruthaithe. Ní nach ionadh beidh raidhse clár is scannán á raideadh os ár gcomhair le sin a mhealladh chun síntiúis. Beidh mórán ag súil leis an tsraith is déanaí ó dhomhan Star Trek agus an tsraith Halo, atá bunaithe ar fhíschluiche den ainm céanna. Ceann de na saothair is mó a bhfuil suim á chur ann ná The Offer, sraith drámaíochta deich gclár a thugann éachtaint ar an gcorraíl a bhain le próiseas forbartha agus léirithe The Godfather. Áirítear na scannáin sin, an dara ceann ach go háirithe, mar shárshaothair ar leith ach tá na heachtraí a tharla i ndáiríre timpeall air chomh suimiúil céanna. Cliar bhreá anseo le Miles Teller sa phríomhról mar an léiritheoir cráite Albert S. Ruddy; Dan Fogler, Matthew Goode agus Juno Temple len ais.

Breandán M Mac Gearailt

DRÁMAÍOCHT

Ulysses do pháistí?

...
Ulysses do pháistí
...

Ulysses le James Joyce do pháistí? Ní cheapfá go bhféadfaí é a dhéanamh. Ach fág faoi Branar é le cóiriú cuí a chur air don lucht féachana óg (agus don té nach bhfuil chomh hóg sin freisin!).

Tá You’ll See á léiriú ag Branar mar chuid den chlár Ulysses 2.2 atá á chur ar bun mar chuid de chomóradh 100 bliain ó foilsíodh opus an tSeoighigh.

Turas físiúil ceolmhar trí scéal Ulysses é á chur i láthair go paiteanta ag Helen Gregg, deartha ag Maeve Clancy agus stiúrtha ag Marc Mac Lochlainn. Is geall le steaillín uisce beatha don spiorad í Gregg agus an cur i láthair a dhéanann sí atá láidir ach caolchúiseach ag an am céanna.

Ní sheachnaíonn an léiriú an cheist mhór. Deir Gregg, “It’s also famously tricky to read. In fact, most people haven’t read it. They might say they have, but they probably haven’t.”

Ach ná bíodh aon imní ort a deir sí linn, mar go mbeidh sise ina treoraí againn agus go mbeidh a fhios againn faoin deireadh céard a tharlaíonn sa leabhar. 

Ní hé an bunleagan a léitear sa seó ach preableabhar galánta a chruthaigh Maeve Clancy. “My version of the book,” mar a dhéanann Gregg cur síos air.

Is é Michael Chang a chum an ceol agus tá rithim bhinn ann a shásaíonn ní hamháin na cluasa ach atá ina diúrnán dópaimín don mhéid atá idir an dá chluas chomh maith. Ach an oiread le Cré na Cille le Máirtín Ó Cadhain, tá Ulysses scríofa don chluas chomh maith leis an tsúil is tugann an léiriú seo an ghné sin den leabhar leis.

Ós ag caint ar cheol  mé, léigh mé an t-aistriúchán Gaeilge a rinne Máire Ní Fhinneadha ar thús Ulysses ar Tuairisc agus Lá Bloom á cheiliúradh an tseachtain seo caite. Scalann sí solas ar cheol agus rithim na Gaeilge i mbunsaothar Joyce. An é gur úrscéal Gaeilge é dháiríre ach gur scríobhadh i mBéarla é?

Beidh léirithe beo ar stáitse de You’ll See mar chuid den Cork Midsummer Festival ó 16 go 19 Meitheamh. Ticéid anseo.

Bridget Bhreathnach

Curtha in eagar ag Meadhbh Ní Eadhra

Fág freagra ar 'CULTÚR: Clár podchraoladh nó leabhar uait? Tá roinnt moltaí againn…'