Cúlstop na hÉireann a chuir gaoth i seolta Nigel Farage arís

Chuir an cúlstad deireadh le ré Theresa May, agus d’fhág an doras oscailte do dhaoine cosúil le Nigel Farage, Boris Johnson agus Dominic Rabb

Cúlstop na hÉireann a chuir gaoth i seolta Nigel Farage arís

Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Is léir ó thorthaí na dtoghchán Eorpach sa Bhreatain gurb é an cúlstad Éireannach a chuir gaoth i seolta Nigel Farage arís.

Ní aontaíonn na polaiteoirí ilghnéitheacha atá sa tóir ar phríomh-aireacht na Breataine faoi láthair lena chéile, ach tá an gearán céanna ag a bhformhór: an cúlstad Éireannach. Más ea, is léir go bhfuil Frankenstein cruthaithe ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha s’againne. Chuir an cúlstad deireadh le ré Theresa May, agus d’fhág an doras oscailte do dhaoine cosúil le Nigel Farage, Boris Johnson agus Dominic Rabb, an triúr a mhaíonn os ard go bhfuil siad sásta an Ríocht Aontaithe a tharraingt amach as an Aontas Eorpach gan comhaontú ar bith, rud a dhéanfadh dochar eacnamaíochta uafásach dúinne.

Cén fáth mar sin nach bhfuil formhór na vótóirí sa Bhreatain inniu sásta leis an gcúlstad? An é go bhfuil siad as a meabhair? An bhfuil olc ina gcroí acu do mhuintir na hÉireann? An bhfuil brón orthu nach bhfuil impireacht acu a thuilleadh?

Ceisteanna míchearta iad seo go léir.

Níl vótóirí na Breataine sásta mar ní fhacthas seift cosúil leis an gcúlstad seo riamh i stair an Aontais Eorpaigh. Tugann an cúlstad cumhacht do thír amháin an cinneadh a rinne tír eile imeacht as struchtúir eacnamaíochta agus pholaitiúla an Aontais Eorpaigh a chur ar ceal. Más ea, tagann an cúlstad seo salach ar bhunphrionsabal an tionscnaimh Eorpaigh, tionscnamh a chruthaigh stáit neamhspleácha dhifriúla a tháinig le chéile ar bhonn deonach chun cabhrú lena chéile.

Mhaígh an Chúirt Bhunreachtúil sa Ghearmáin tar éis Chonradh Mhaastricht gur aontas deonach nó Staatenverbund an tAontas Eorpach. Ní stát feidearálach an t-aontas seo ach an oiread, agus más ea, bhí an ceart ag gach aon bhallstát imeacht dá mba mhian leo. Cuireann an cúlstad isteach ar an bprionsabal seo mar go gcuireann sé iachall ar an Ríocht Aontaithe fanacht laistigh de struchtúir eacnamaíochta an Aontais Eorpaigh nó go mbíonn comhaontú trádála nua i bhfeidhm i ndiaidh an Bhreatimeachta. Ní fhacthas a leithéid riamh ar an mór-roinn ó 1973 i leith. Ní ghlacfadh aon bhallstát eile le huirlis amhail an cúlstad.

Ba chóir cuimhneamh ar an bhfearg a léiríodh sa Chúirt Uachtarach s’againne i 1987 sa chás cáiliúil Crotty v An Taoiseach. Nuair a rinne an tAontas Eorpach iarracht srian a chur ar údarás Rialtas na hÉireann ó thaobh gnóthaí eachtracha de is beag glacadh a bhí sa Chúirt leis:

…the Government is the sole organ of the State in the field of international relations.…it would be quite incompatible with the freedom of action conferred on the Government by the Constitution for the Government to qualify that freedom or to inhibit it in any manner by formal agreement with other States as to qualify it.

Tá an meon aigne agus an fhearg chéanna le feiscint sa Bhreatain faoi láthair. Agus ba é an cúlstad agus creimeadh na cumhachta an gearán is bunúsaí agus is cumhachtaí atá ag Nigel Farage agus é ag fáil vótaí ar fud na Breataine.         

Fág freagra ar 'Cúlstop na hÉireann a chuir gaoth i seolta Nigel Farage arís'

  • MacAnRí

    Níl an “Cúlstad” an fhadhb… más síleann tú é sin ní thuigeann tú faic… Cad chuige go bhfuil sé ann ar scor ar bith ? Breatimeacht !! Nil an cúlstad ach saghas córas, dá gcaithfí é a cuir i bhfeidhm, teorainn crua a seachain in Éireann…cineál árachas nó gealltanas ón Riocht Aontaithe…agus dá dheasca an iompar a thaispeáint de fhormhór de na bpolaiteoirí in Westminister nach mba cheart é an Rialtas s’againn é a cóiméad. Múineann gá seift..siúd an fáth atá an Cúlstad ann.