Cúlstad, leathstad nó lánstad – b’fhearr aon cheann acu ná aisling na Ríochta Aontaithe uilechumhachtaí

Táthar ag cnámh na huillinne anois i dtaca leis an mBreatimeacht agus ceist na teorann ach, faraor, ní féidir talamh slán a dhéanamh de go dtiocfaidh feabhas ar chúrsaí

Cúlstad, leathstad nó lánstad – b’fhearr aon cheann acu ná aisling na Ríochta Aontaithe uilechumhachtaí

‘Shílfeá gurb é lá amadán Aibreáin é gach lá,’ arsa fear ag stad an bhus. Bhí sé ag caint ar thuairiscí gur dhúirt Príomh-Aire na Breataine leis an Taoiseach go nglacfadh sí le “cúlstad” dá mbeadh vóta ina fhabhar in Stormont.

Tráth a bhfuil an pobal i dTuaisceart Éireann den bharúil go bhfuil fianaise á soláthar go seasta i bhfiosrú poiblí an RHI gur amaidí a bheadh ann Stormont a athnuachan, mura ndéanfaí leasuithe sofheicthe ar a nósanna imeachta, ba dheacair a bhreithiúnas a thógáil ar an bhfear. Ní mór dom a rá nach bhfuil tuairim dá laghad agam cé na cáilíochtaí atá aige chun imeachtaí polaitiúla a mheas. Ach vótóir is ea é fearacht triúr eile a bhí sa scuaine a d’aontaigh leis a bheag nó a mhór.

Más fíor go ndúirt sí a leithéid, is cosúil gur mír bheag eile é sa ngréasán neamhréadúil a ligean do Theresa May an mhí-áidh greim an fhir bháite a choinneáil ar phlean Chequers. Tá an plean athraithe ó bhonn ag leasuithe a rinneadh sa Pharlaimint agus an t-eiteachas tugtha dó ag Eorasceiptigh na gCaomhach, ag Donald Tusk agus ag tíortha eile san Aontas Eorpach. I dtaca le vóta ar an gcúlstad sa Tionól, dá gcuardófá Tuaisceart Éireann ó Oileán Reachlainn go Ros Liath caolseans go gcasfaí éinne ort a chreideann go mbeidh Stormont ag feidhmiú roimh dheireadh an Mhárta seo chugainn, spriocdháta an Bhreatimeachta.

Tá míshuaimhneas forleathan sa tuaisceart, fiú i measc roinnt de na daoine a dteastaíonn uathu an tAontas Eorpach a fhágáil, faoin ngéarchéim sna cainteanna idir Theresa May agus lucht an Bhruiséil. Údar imní é a bhfuil i ndán do gheilleagar, do bhonneagar agus d’earnáil talmhaíochta an réigiúin de bharr an Bhreatimeachta, go háirithe más imeacht gan aon chomhréiteach a bheidh ann.

Cuir san áireamh imní faoin teorainn, buairt nach dtuigtear sa Bhreatain is cosúil, agus ní áibhéil é a rá go bhfuil daoine i ngach aicme corraithe agus faiteach. Chun teorainn chrua a sheachaint teastaíonn cúlstad go cinnte agus is cuma sa sioc céard a ghlaofar air– leathstad, lánstad, stad eatramhach nó sceach sa bhearna fad is a dhéanfaidh sé an gnó.

Cé gur le Theresa May agus a rialtas atá an DUP ceangailte tá formhór a bhfeisirí báúil leis an eite is cíocraí atá chun an tAontas Eorpach a fhágáil. Sin iad urlabhraithe Thuaisceart Éireann in Westminster, an páirtí a bhí i bhfabhar an imeachta, cé go raibh móramh ag iarraidh fanacht san Aontas Eorpach. Is í an feisire aontachtach neamhspleách, Sylvia Hermon an t-aon ionadaí atá ag an tromlach sin den phobal.

Ó tharla an reitric a bheith éirithe níos gangaidí tar éis Salzburg, tá géaraithe ar imní faoi ghlór an Tuaiscirt a bheith in easnamh. Nochtadh gur aisíoc an Roinn Airgeadais in Stormont leis an Státchiste in Whitehall cuid den bhuiséad a ceadaíodh chun an réigiún a ullmhú don Bhreatimeacht. Níor caitheadh an t-airgead sin ‘cheal foirne’! Níor chothaigh an t-easaontas sa Lucht Oibre ná easpa soiléire a gceannaire, Jeremy Corbyn, aon dóchas ach oiread. Agus ansin foilsíodh baicle eile de na páipéir, na fógraí teicniúla ó rialtas na Breataine faoi iarmhairt an Bhreatimeachta d’uireasa margadh a bheith déanta.

Chuirfí bac ar eitiltí idir an Bhreatain agus an tAontas Eorpach. Is fada an lá ó shin a thug Michael O’Leary, Ryanair, foláireamh faoi na deacrachtaí a bheadh i ndán don aerthaisteal mura dtabharfaí aghaidh ar na ceisteanna. Rinneadh beag is fiú de sa Bhreatain. Nuair a thug an Taoiseach, Leo Varadkar an foláireamh céanna níos deireanaí rinneadh ceap milleáin de sna meáin Eorasceipteacha sa Bhreatain.

Is dócha go mbainfear leas as na fadhbanna teicniúla seo san idirbheartaíocht leis an Eoraip. B’fhéidir go mbeadh toradh níos dearfaí ar phlé faoi nithe praiticiúla –seachas aisling na Ríochta Aontaithe uilechumhachtaí.

Tá feidhmeannaigh i Londain i mbun oibre ar dhréacht eile den chúlstad. Tá rialtas na hÉireann agus Michel Barnier ar bís lena scrúdú, iad ag súil go mbeidh bunús idirbheartaíochta ann. Ceaptar nach bhfeicfidh siad é go dtí go mbeidh comhdháil na dTóraithe curtha di ag Theresa May. Tá a lucht tacaíochta ag súil go gcruthóidh sí níos fearr ná a rinne sí anuraidh nuair a bhí piachán uirthi agus gach cosúlacht air go raibh sí ar an dé deiridh mar cheannaire. Tá sí ina seasamh fós, ach faobhar ar na sceana an geábh seo ag a naimhde.

Déanann sí a dóthain mar cheannaire na gCaomhach agus mar Phríomh-Aire chun na caoirigh a chur thar abhainn, ach sin an méid.

Ach táthar ag cnámh na huillinne anois i dtaca leis an mBreatimeacht. Má thagann sí slán ón gcomhdháil beifear ag súil le dearcadh níos réadúla faoin gcúlstad, cé nach féidir talamh slán a dhéanamh de.

Fág freagra ar 'Cúlstad, leathstad nó lánstad – b’fhearr aon cheann acu ná aisling na Ríochta Aontaithe uilechumhachtaí'