Cúlbhinseoirí ó Fhine Gael ag iarraidh an téarma iomlán rialtais a chur isteach

Tá formhór na dTeachtaí Dála ó Fhine Gael a labhair le Tuairisc.ie ag iarraidh go bhfanfaidh Enda Kenny go deireadh théarma an rialtais seo sula ngairfear olltoghchán

13/01/2014. Ireland Foreign Policy - Review. Fine Gael leader Enda Kenny launching a review of Irelands foreign policy: The Global Island : Irelands Foreign Policy for a Changing World, at a Conference in Dublin Castle organised by the Department of Foreign Affairs and Trade in Dublin today. Photo: Sam Boal/Photocall Ireland
An Taoiseach Enda Kenny. Pictiúr: Sam Boal/Photocall Ireland

Tá formhór na dTeachtaí Dála i bhFine Gael a labhair le Tuairisc.ie den tuairim gur cheart fanacht go dtí deireadh théarma an rialtais seo sula ngairfear an chéad olltoghchán eile.

Tá dualgas ar an rialtas olltoghchán a ghairm faoin 3 Aibreán 2016. Dúirt an chuid is mó de na cúlbhinseoirí a labhair le Tuairisc.ie gurbh fhearr leo fanacht go dtí an dáta sin in áit olltoghchán a ghairm ag deireadh na bliana seo.

“Beidh níos mó airgid sa tír, beidh tuilleadh feabhais tagtha ar an ngeilleagar agus cúrsaí eacnamaíochta faoin am sin agus beidh muintir na hÉireann cinnte faoi na rudaí seo ag deireadh an téarma rialtais seo,” a dúirt duine de na Teachtaí Dála.

Dúirt duine eile, áfach, go ngairfeadh sé an toghchán “an tseachtain seo chugainn” dá mba faoi-sean a bhí cinntí mar sin. Bhí sé den tuairim go raibh luí ag an bpobal leis an rialtas i láthair na huaire agus gur ar leas don pháirtí a bheadh sé reifreann a ghairm anois.

“Dá mbeadh cumhacht an Taoisigh agam féin, is an tseachtain seo chugainn a ghairfinn an t-olltoghchán. Ní tharlóidh sé sin, ach fós féin b’fhearr liom dá mbeadh sé ann díreach tar éis na Cáinaisnéise ag deireadh na bliana seo in áit dheireadh an téarma. A luaithe is a ghairtear é is ea is fearr é,” a dúirt sé.

Bhí TD eile idir dhá chomhairle faoin gceist. Dúirt seisean gurbh fhearr an téarma iomlán a chur isteach ach gur thuig sé na cúiseanna a mbeadh roinnt daoine i bhfabhar toghchán luath a ghairm. Dúirt sé go bhfuil caint ann cheana féin faoin toghchán agus nach fiú toghchán sciobtha a rith má táthar ag iarraidh bob a bhualadh ar an toghlach.

“B’fhéidir gur chun a leas pholaitiúil féin a bheadh sé dá rithfí i mí na Samhna é ach b’fhearr liom féin an téarma iomlán a chur isteach.

“B’fhéidir go bhfuil cuid den chleasaíocht ann agus ‘tobthoghchán’ á ghairm ach ní dóigh liom go mbuailfear bob ar éinne faoin am seo. Tá caint ann faoi agus bheifí réidh lena aghaidh. Tar éis an tsaoil, is ar chúrsaí eacnamaíochta a bhraitheann sé ar fad,” a dúirt an Teachta Dála.

Fág freagra ar 'Cúlbhinseoirí ó Fhine Gael ag iarraidh an téarma iomlán rialtais a chur isteach'