CÚLA4 – cainéal nua le bunú ag TG4 dírithe ar ábhar do leanaí

Deir TG4 go bhfuil sé i gceist acu cainéal nua a bhunú don óige cur lena soláthar clár cúrsaí reatha agus freisin go gcruthófar cláir dhrámaíochta nua do dhaoine óga agus do dhaoine fásta

CÚLA4 – cainéal nua le bunú ag TG4 dírithe ar ábhar do leanaí

Tá cainéal nua a bheidh dírithe ar chláir do leanaí le bunú ag TG4.

Deir an stáisiún go bhfuil sé ina phríomhsprioc acu cainéal sainiúil Cúla4 a bhunú agus plean fógartha don mhaoiniú breise €4.2 milliún a tugadh dóibh i mBuiséad 2022. Chomh maith leis an gcainéal nua, deir TG4 go bhfuil sé i gceist cur lena soláthar cúrsaí reatha agus go ndéanfar cláir dhrámaíochta nua do dhaoine óga agus do dhaoine fásta.

Maidir le Cúla4, deir TG4 go gcuirfear tús leis an obair chun an cainéal nua a bhunú an bhliain seo chugainn agus é i gceist cur leis an bhfoireann agus le líon na gclár a bhíonn á léiriú do pháistí.

Tá post nua, Bainisteoir Cúla4, le fógairt go luath. Tá post eile le fógairt chun láithreoir nua ar Cúla4 a aimsiú, a bheidh mar ambasadóir don óige ar TG4. Tá sé sa phlean freisin cur leis an drámaíocht réamhscoile.

Beidh an post Comhordaitheoir Foghlama TG4 á fhógairt chomh maith agus é mar sprioc ag TG4 cur leis na hacmhainní oideachais a chuireann an stáisiún ar fáil.

Deir TG4 go bhfuil daoine óga a bhfuil Gaeilge acu “ag fás aníos i dtimpeallacht na meán domhanda, ina bhfuil an Béarla in uachtar” agus, chuige sin, go bhfuiltear ag iarraidh go gcothódh cainéal nua Cúla4 “teagmháil na n-óg leis an nGaeilge”.

Fógraíodh chomh maith go bhfuil “ábhar Gaeilge níos spreagúla agus dána” á lorg do dhaoine idir 15-34 bliana d’aois agus go ndéanfaidh TG4, i gcomhar le Fís Éireann, sraith drámaíochta a léiriú don aoisghrúpa sin in 2022. Tá léirithe spéise á lorg chun sraitheanna eile, idir fhaisnéis agus siamsaíocht, a léiriú do dhaoine óga.

Maidir le cúrsaí nuachta agus cúrsaí reatha, deir TG4 go bhfuil “athshamhlú” le déanamh ar sheirbhís an stáisiúin chun freastal ar éilimh an phobail féachana agus go bhfuil léirithe suime á lorg ó chomhlachtaí san earnáil léiriúcháin neamhspleách chun cláir nó sraitheanna cúrsaí reatha a léiriú.

Tá tuilleadh infheistíochta le déanamh sa scéim scannán CINE4 freisin. 

Tá rún ag TG4 drámaíocht teilifíse do dhaoine fásta a fhorbairt i gcomhar le Fís Éireann agus beidh sraith nua ealaíon á léiriú. 

Tá conarthaí ollsoláthair trí bliana le fógairt freisin ag TG4 chun ábhar rialta a léiriú do na hardáin dhigiteacha, BLOC agus MOLSCÉAL.

Bhí TG4 ag lorg idir €9 milliún agus €10 milliún de mhaoiniú breise sa Bhuiséad agus cé go ndúirt Ardstiúrthóir TG4 Alan Esslemont inniu go raibh an stáisiún buíoch as an airgead breise a cuireadh ar fáil, dúirt sé go raibh “bearna an-mhór fós idir na hacmhainní atá ag na meáin Ghaeilge agus na hacmhainní atá ag na meáin Bhreatnaise”. Bheadh TG4 ag iarraidh, a dúirt sé, a chur ina luí ar an Rialtas go gcaithfear an bhearna sin a dhúnadh.

Mar sin féin, dúirt Esslemont go gcuirfeadh an €4.2 milliún breise a fuair TG4 ar a gcumas tús a chur leis na haidhmeanna atá sa phlean ‘Fís TG4 tar éis Covid’, go háirithe i réimsí na drámaíocht teilifíse agus cúrsaí reatha.

Fág freagra ar 'CÚLA4 – cainéal nua le bunú ag TG4 dírithe ar ábhar do leanaí'