‘Cúis náire náisiúnta’ é president.ie

Is náire shaolta é suíomh idirlín Uachtarán na hÉireann ó thaobh chaighdeán na Gaeilge de.

Uachtarán 2

Is “cúis náire náisiúnta” é an dóigh a bpléann suíomh idirlín Uachtarán na hÉireann leis an Ghaeilge.

Tá suíomh idirlín an Uachtaráin, Micheál D Ó hUiginn – president.ie – beagnach ar fad i mBéarla agus tá earráidí sa bheagán Gaeilge atá ann.

Litrítear ainm an Uachtaráin féin i nGaeilge ar dhá dhóigh dhifriúla ar an suíomh, Ó hUigín ar an leathanach baile agus Ó hUiginn ar leathanaigh eile.

Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi choinní oifigiúla an Uachtaráin, tugtar cuireadh duit ar an leathanach baile “ní mó” a léamh.

Dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge gur “cúis náire náisiúnta” an tslí a gcaitear leis an nGaeilge ar president.ie.

“Is cinnte go bhfuil an tUachtarán féin tiomanta don Ghaeilge agus tapaíonn sé gach deis an Ghaeilge a úsáid ina chuid oibre,” arsa an tUasal Ó Cearbhaill.

“Tá sé tar éis tacaíocht agus misneach a thabhairt do phobal na Gaeilge agus Gaeltachta ó ceapadh é. Is mór an feall, mar sin, go bhfuil an earnáil phoiblí tar éis é a ligean síos le suíomh gréasáin dátheangach nach bhfuil sásúil ná ionadaíoch ar an bpobal iomlán.”

Dúirt an tUasal Ó Cearbhaill gur “léiriú an-soiléir é ar na fadhbanna ollmhóra atá san earnáil phoiblí ó dheas nach bhfuil suíomh ceart cruinn dátheangach ag Uachtarán na hÉireann”.

Dúirt urlabhraí thar ceann an Uachtaráin go bhfuil an tUachtarán Ó hUiginn líofa sa Ghaeilge agus go mbíonn sé á labhairt ar bhonn laethúil.

“Tá tacaíocht don Ghaeilge ina tosaíocht aige lena Uachtaránacht, mar is léir ón úsáid phoiblí a bhaineann sé as an teanga ar bhonn rialta,” arsa an t-urlabhraí.

“Tá an suíomh idirghréasáin á athfhorbairt faoi láthair agus táimid ag súil go mbeidh an leagan nua den suíomh réidh le seoladh go luath san athbhliain. Mar chuid lárnach den suíomh nua, táimid ag díriú ar sheirbhís chuimsitheach a chur ar fáil i nGaeilge.”

Tá leathanach iomlán i nGaeilge sa rannóg ‘Latest News’ ar president.ie ach baineann an scéal seo le haitheasc an Uachtaráin lá a insealbhaithe ar an 11 Samhain 2011.

Cuireadh an t-aitheasc ar an suíomh ar an 16 Lúnasa 2014 – dhá bhliain agus naoi mí tar éis an insealbhaithe. Tá nasc leis an scéal, áit ar féidir an t-aitheasc a chloisteáil agus a fheiceáil ar youtube i mBéarla amháin.

Tá an t-ainm fearainn uachtaran.ie i seilbh HostingIreland agus cláraithe ag fear darb ainm Oisín Kenny, ón 9 Aibreán 2013. Beidh sé ina sheilbh go dtí 9 Aibreán 2023.

Ach má théann tú chuig uachtaran.ie, aistrítear chuig suíomh hostingireland.ie thú agus má chuireann tú uachtaran.ie isteach, gheobhaidh tú teachtaireacht ag rá go bhfuil an suíomh “ar ceal’.

Tá suímh eile “uachtarán” le fáil ag críochnú le .com, .eu, .org srl.

Fág freagra ar '‘Cúis náire náisiúnta’ é president.ie'

  • Eoin Bairéad

    Is le duine a thug an t-ainm “Oisín Kelly” an suíomh Uachtaran.ie

  • Pádraic

    Ní haon eisceacht é suíomh idirlín an Uachtaráin. Is beag Gaeilge a bhíonn ar go leor de shuíomhanna an Stáit agus na gcomhlachtaí poiblí. Fiú nuair is ann do leagan Gaeilge ní bhíonn cuma ná caoi air, bíonn sé i bhfolach i gcoirnéal éigin agus bíonn an Ghaeilge lochtach. B’fhéidir gur cheart daoibh cúpla suíomh eile a chur ar a súile do na léitheoirí! Ba cheart suíomhanna idirlín a áireamh san athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla mar ní áirítear iad sa reachtaíocht mar atá sí faoi láthair. Caithfear dul i ngleic leis an bhfadhb seo mar tá suíomhanna idirlín lárnach sa chumarsáid a bhíonn ag an Stát leis an bpobal.