Cúis mhór ionaidh agus amhrais é nár sheas Sinn Féin le hEoin Ó Broin

Ní maith an rud go mbeadh státseirbhísigh saor ó cháineadh ná go ngéillfí i gcónaí dóibh

Cúis mhór ionaidh agus amhrais é nár sheas Sinn Féin le hEoin Ó Broin

Bhí an t-am ann nuair nach raibh cead ag éinne an Eaglais Chaitliceach a cháineadh. Bhuel, tá an lá sin imithe le tamall is cosúil, ach an bhfuil dream eile ann anois – ard-státseirbhísigh na tíre – nach féidir a cháineadh ná easaontú leo?

Is í an eachtra a bhain d’Eoin Ó Broin a chuir an cheist seo im aigne. Cháin sé John McCarthy, comhairleoir sinsearach eacnamaíochta ag an rialtas, ach chuir a pháirtí féin brú ar Ó Broin tarraingt siar agus leithscéal a ghabháil.

Le linn díospóireachta ag féile an Night&Day i Ros Comáin, dúirt Ó Broin: “Seo duine nach bhfuil aon eolas aige faoi chúrsaí tithíochta, eolas ar bith. Bíonn an gnáthdhearcadh coitianta, an-choitianta, aige maidir le cúrsaí geilleagair; déarfainn beagnach go bhfuil sé cineál soiscéalach sa gcaoi go mbreathnaíonn sé ar chúrsaí, Is é an cineál eacnamaí é a mhol do rialtais an cineál rud a rinne siad roimh an ngéarchéim a dhéanamh, agus tá sé fós san oifig ina raibh sé.”

Thug ó Broin le fios ansin gur chreid sé gur chóir McCarthy a chur as an bpost tábhachtach cumhachtach atá aige.

Scannal amach is amach é sin, dar leis na meáin.

Dúirt an Tánaiste Leo Varadkar go raibh an ráiteas scanrúil, is dúirt an Taoiseach Micheál Martin nach bhfuil aon áit i bpolaitíocht na hÉireann do ráitis phearsanta dhímheasúla den chineál sin.

Tá sé ar nós go bhfuil státseirbhísigh saor ar fad ó cháineadh. Ach an dream neodrach iad nach mbíonn aon tuairimí conspóideacha acu, is a thugann comhairle chruinn saor ó chlaonadh i gcónaí ar mhaithe le leas an phobail, comhairle atá saor ó idé-eolaíocht ar bith?

Nó an cuid den idé-eolaíocht iad a ghin an ghéarchéim agus géarchéimeanna eile?

Go deimhin, is fadhb í seo a bheidh mar bhac mór ar Shinn Féin agus iad sa rialtas má dhéanann siad iarracht na polasaithe sin atá á moladh acu a chur i bhfeidhm.

Mar is plean radacach atá acu, go háirithe i gcúrsaí tithíochta, plean a chuirfeas an stát i gceannas ar an obair, a chuirfidh na tógálaithe príobháideacha faoi smacht an stáit, is a chuirfidh an t-airgead a bheidh riachtanach ar fáil, beag beann ar uafás na Bunaíochta. Ní hí sin idé-eolaíocht na státseirbhíse.

Agus, má chloíonn an páirtí lena chuid polasaithe, tiocfaidh siad faoi bhrú láidir ón mbunaíocht chéanna, ó na meáin, ó na saineolaithe, ón lucht acadúil sna hinstitiúidí taighde is eile.

Beidh baincéirí is ollúna eacnamaíochta ag tabhairt foláirimh nach bhfuil airgead ag fás ar aon chrann. Beidh an Coimisiún Eorpach ar an bport céanna, agus gach aon duine measúil in éineacht leo.

Sea, beidh teachtaireacht shimplí acu: ní féidir é a dhéanamh.

Ach mura gcuireann Sinn Féin a bpolasaí tithíochta i bhfeidhm, mura gcomhlíonann siad an dóchas atá ginte ag a gcuid feachtas, ní bheidh siad ar ais don dara babhta ní bheidh aon réiteach ar ghéarchéim na tithíochta.

Mura mbeidh an misneach acu an fód a sheasamh ina n-aghaidh siúd atá naimhdeach dá bpolasaithe, céard is fiú iad a bheith ann?

Cúis mhór ionaidh agus amhrais mar sin gur tháinig Sinn Féin isteach sa scéal ní le seasamh le hEoin Ó Broin ach le glacadh le líne na meán nár chóir focal a rá i gcoinne na státseirbhíseach agus gur i gcoinne polaiteoirí amháin atá cead labhairt amach.

Chuir Uachtarán Shinn Féin, Mary Lou McDonald brú ar Ó Broin leithscéal a ghabháil. Ghabh, ach chuir sé aguisín leis, ag rá mar sin féin nach cóir go mbeadh an státseirbhíseach McCarthy ag tabhairt comhairle don rialtas maidir le tithíocht.

Ní aontaímse le hEoin Ó Broin faoi gach rud: go háirithe an chaoi a mbíonn sé róbhog is ró-éiginnte faoin Aontas Eorpach. An cheist mhór atá agam, má bhíonn rogha le déanamh idir polasaí an pháirtí i leith tithíochta nó cloí le rialacha an Aontais Eorpaigh, céard a dhéanfadh sé?

Ní dea-chomhartha é géilleadh seo Shinn Féin do naofacht na státseirbhíse go mbeidh an misneach acu dúshlán a thabhairt do na naimhde cumhachtacha a bheidh ar gach taobh díobh.

Is cosúil nach mbeidh Sinn Féin in ann a bpolasaí a chur i gcrích mura mbeidh fórsa tacaíochta ann le cabhrú leo – na daoine a bhfuil plean ceart tithíochta ag teastáil go práinneach uathu; ceardchumannaithe atá ag iarraidh polasaí éagsúil eacnamaíochta; pobail atá ag tnúth le forbairt; náisiún atá ag dúil le hathaontú.

Is mura mbíonn sé de mhisneach acu droim láimhe a thabhairt dóibh siúd a dteastaíonn uathu iad a chur in oiriúint don chineál polaitíochta atá againn faoi láthair, sin é an cineál polaitíochta a bheas againn.

Fág freagra ar 'Cúis mhór ionaidh agus amhrais é nár sheas Sinn Féin le hEoin Ó Broin'