‘Cúis imní’ racht feirge McHugh faoi mholadh teanga

'Cúis imní' é dearcadh Aire Stáit na Gaeltachta ar éileamh go ndéanfaí scagadh ar na himpleachtaí a bhainfeadh le forbairt ar Inis Oírr, dar le Éamon Ó Cuív


Tá “imní” léirithe ag Iar-Aire na Gaeltachta Éamon Ó Cuív faoina “laghad tuisceana” atá ag Aire Stáit na Gaeltachta ar an bpleanáil teanga i bhfianaise ráitis láidir a rinne an tAire Joe McHugh ag cruinniú de choiste Oireachtais sara ceapadh ina Aire Stáit é.

Tá an físeán de chaint an Aire á scaipeadh ar na meáin shóisialta le cúpla lá anuas.

Le linn chruinniú den chomhchoiste oireachtais a bhíonn ag plé le hacmhainní nádúrtha, chuir an tAire McHugh racht feirge de faoi éileamh Uí Chuív go ndéanfaí scagadh ar na himpleachtaí teanga a bhainfeadh le bunú feirm éisc nua ar Inis Oírr.

“We do have to work within important constraints of environmental concerns and sustainability concerns, but to bring this in Deputy, and talking about producing a language impact study for the production of salmon, for providing jobs in the west coast of Ireland, is nothing short of a disgrace,” a dúirt Aire Stáit na Gaeltachta.

Bhí an tAire ag tagairt do mholadh ón Teachta Dála Éamon Ó Cuív go ndéanfaí scagadh ar na himpleachtaí teanga a bhainfeadh leis an bhforbairt a bhí á mholadh d’Inis Oírr.

“In relation to calling for a language impact study and how this will affect the Irish language – now correct me if I’m wrong – but I think that is a totally unnecessary exercise, it’s an exercise in holding things up, in filibustering,” a dúirt an tAire Stáit McHugh.

Dúirt an tAire McHugh go raibh daoine bréan de “buraucracy, red tape and passing the buck” agus den dearcadh go gcaithfí ‘scagadh a dhéanamh air seo agus scagadh a dhéanamh air siúd’ roimh chinneadh a dhéanamh.

Dúirt Éamon Ó Cuív le Tuairisc.ie gur bhain “an t-ionsaí” siar as nuair a tharla sé i 2012 agus gur cúis imní dó go bhfuil An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge anois faoi chúram “duine nach bhfuil tuiscint dá laghad aige ar an bpleanáil teanga”.

“Is dóigh liom gur phointe réasúnach a bhí ann d’éinne a thuigfeadh cúrsai teanga. Dá dtabharfaí 100 duine isteach ar Inis Oírr, bheadh impleachtaí aige sin don chothromaíocht teanga ar an oileán agus ba cheart scagadh a dhéanamh air sin. Ach is léir nach bhfuil tuisicnt dá laghad ag an Aire Stáit ar an gcaoi a n-oibríonn cúrsaí teanga i bpobal beag ina bhfuil an teanga faoi bhrú,” an dúirt an Teachta Dála ó Fhianna Fáil.

 

Fág freagra ar '‘Cúis imní’ racht feirge McHugh faoi mholadh teanga'

  • Donncha Seán Ó Maidín

    Is í Síle deValera an cead aire Gaeltachta gan cumas uirthi sa Gaeilge!!!!

  • Diarmuid MacSuibhne

    An t-aon ciall a bhainimse ó caint an t-aire ná nach bhfuil sé sásta caoimhnú an teanga agus an cultúr a chuir ós comhar “dul chun cinn” tionsclaíocht agus cúrsaí eacnamaíochta. Nach féidir an dá rud a dheanamh ag an am ceanna? Níl aon geit bainte asam é seo a cloisint ó rialtas a bhíonn ag feachaint thar an t-uisce chun aithris a dheanamh ar cleachtaí gach éinne eile.

    Ní beidh aon baile ann don aos óg seo nuair a dtiocfaidh siad ar ais dá ma rud é nach bhfuil a gcultúr coimeadtha sna áiteanna iargúlta seo. Fiú, ní amháin go dtí Ceanada a bhfuil siad ag dul, ach go dtí na catharacha móra in Éireann nach bhfuil a gcultúr nó a teanga féin á cleachta ann.

  • Matt Nolan

    Tá Tuairisc.ie difriúil agus go maith…
    MN

  • Laoch Ó Laoghaire

    Tá an ceart ar fad ag an tAire Ó Cuív. Cad a tharlódh dá mba rud é gur raibh sé seo ag tarlú ar oileán eile? An Ioslainn, msh. nó Oileán Thoraigh fiú ! Bheadh ceist teanga dúchasach ann agus ceist ann faoi postannaí do na bun-dúchasaigh céanna . . .

  • Jerry Kelly

    Níl gá le scagadh má tá gach ceann desna 100 post sin curtha in áirithe do lucht na Gaeilge, agus amháin do lucht na Gaeilge.

    JK
    Meiriceánach