‘Cúis imní’ a laghad tuairisciú a dhéanann mic léinn ar ionsaithe gnéis

Léiríonn suirbhé atá déanta ag Tuairisc.ie ar institiúidí tríú leibhéal nach bhfuil na córais atá acu chun déileáil le gearáin faoi ionsaithe gnéis ag obair, a deir an tIonad Éigeandála um Éigniú

Sexual-Assault-Statistics-and-Protection-650x433

Is cúis imní don Ionad Éigeandála um Éigniú a laghad tuarisciú a dhéantar ar ionsaithe gnéis i gcoláistí tríú leibhéal.

De réir suirbhé a rinne Tuairisc.ie ar institiúidí tríú leibhéal ar fud na tíre, ní raibh ach institiúid amháin – Ollscoil Luimnigh – a dúirt go bhfuair siad gearáin ó mhic léinn faoi ionsaithe gnéis anuraidh.

Bunaithe ar an eolas sin, dúirt Clíona Saidléar, Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Ionaid Éigeandála um Éigniú, gur “léir” nach bhfuil na córais atá i bhfeidhm ag institiúidí tríú leibhéal chun déileáil leis an gceist seo ag obair.

In ainneoin nach bhfuair Ollscoil na hÉireann, Gaillimh aon ghearáin ar bhonn oifigiúil anuraidh i dtaobh ionsaithe gnéis ar mhic léinn, léiríonn torthaí suirbhé nua gur thuairiscigh an ceathrú cuid de mhic léinn mná na hOllscoile sin go ndearnadh ionsaí gnéis orthu nó go ndearnadh iarracht ionsaí gnéis a dhéanamh orthu.

Chuaigh Tuairisc.ie i dteagmháil le hinstitiúidí tríú leibhéal ar fud na tíre féachaint an raibh córas i bhfeidhm acu chun déileáil le gearáin a bhaineann le ciapadh gnéis nó ionsaí gnéis. Ar na hinstitiúidí a thug freagra ar an méid sin, dúirt siad ar fad go bhfuil córas acu chun déileáil le gearáin den chineál seo ach ní dúirt ach institiúid amháin go bhfuair siad gearáin dá leithéid le linn 2014 – Ollscoil Luimnigh.

Trí chás a rinne Ollscoil Luimnigh a phróiseáil in 2014 de réir alt 1.5 (a) dá gcód cleachtais féin agus cás amháin de réir alt 1.5 (b) den chód sin. Faoin gcód sin, deirtear gur ‘cion tromchúiseach’ é ‘ionsaí nó drochíde coirp nó íde béil’ a dhéanamh ar dhuine de phobal Champas na hOllscoile (1.5[a]). Áirítear ina chion tromchúiseach freisin ‘maistíneacht nó ciapadh, ar bhonn gnéis nó eile’ a dhéanamh ar dhuine de phobal an champais (1.5[b]).

Dúirt na hinstitiúidí tríú leibhéal eile a thug freagra ar Tuairisc.ie – Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Coláiste na Tríonóide, Coláiste Phádraig, Droim Conrach, IT Thamlachta, IT Leitir Ceanainn, agus IT Dhún Dealgan – nach bhfuair siad aon ghearáin i dtaobh ionsaithe gnéis nó ciapadh gnéis le linn 2014. Léiríonn staidéar a rinne an eagraíocht Cosc agus Aontas na Mac Léinn i dteannta a chéile gur thuairiscigh 11% de mhic léinn mná go ndearnadh teagmháil ghnéis leo in aghaidh a dtola. Foilsíodh torthaí an tsuirbhé sin i Lúnasa 2013.

Thuairiscigh 5% de mhná sa suirbhé céanna gur fhulaing siad éigniú agus 3% go ndearnadh iarracht iad a éigniú. Dúirt 16% de mhic léinn gur tharla eachtra ghnéis dóibh in aghaidh a dtola agus 5% díobh sin gur tugadh drugaí nó alcól dóibh in aghaidh a dtola sular tharla an eachtra. Dúirt 34 mac léinn nach rabhadar cinnte cé acu ar tugadh drugaí nó alcól dóibh nó nár tugadh.

Léiríodh sa staidéar céanna gurb é is dóichí go labhróidh mic léinn faoi eachtra a bhain dóibh le duine nach fostaí coláiste é nó nach ball den Gharda Síochána é.

Ag caint di le Tuairisc.ie inné, dúirt Clíona Saidléar, Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Ionaid Éigeandála um Éigniú, gur “léir nach bhfuil an córas ag obair, b’fhéidir mar gheall ar easpa muiníne agus b’fhéidir mar gheall ar fhadhb níos mó ná sin”. Dúirt sí go “dtaispeánann an easpa tuairisciú nuair atá a fhios againn go bhfuil ionsaithe ag tarlú go bhfuil fadhb againn ach bheadh se róshimplí a rá gur díreach easpa muiníne sna coláistí atá ag tarlú anseo.”

Níor éirigh le Tuairisc.ie freagra a fháil ó gach institiúid tríú leibhéal sa tír. Ina measc siúd nach raibh freagra tugtha acu orainn agus an t-alt seo á chur i gcló, bhí Coláiste na hOllscoile, Corcaigh agus Ollscoil Mhá Nuad. Bhí Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, áfach, ar cheann de na coláistí a ghlac páirt sa suirbhé ar foilsíodh a chuid torthaí inné.

D’iarr An Coláiste Ollscoile, BÁC agus Institiúid Ealaíne agus Teicneolaíochta Dhún Laoghaire go gcaithfí iarratas ar an eolas a bhí uainn a dhéanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (FOI) agus táthar fós ag fanacht ar eolas ó Ollscoil Chathair Átha Cliath.