Cúis ‘díomá’ é nár bhac coiste Oireachtais ‘Comhaontú Aoine an Chéasta’ le reachtaíocht teanga a phlé

Dhá bhliain caite ó rinneadh plé ar Acht Gaeilge don Tuaisceart ag cruinniú den Chomhchoiste i mBaile Átha Cliath agus gá le filleadh ar an gceist, a deir POBAL

Janet Muller, POBAL - Litreacha ó 9 saineolaithe teanga ag tacu le moltaí POBAL

Tá sé ráite ag Janet Muller, stiúrthóir POBAL, gur chúis “díomá” é nach raibh reachtaíocht don Ghaeilge le bheith faoi chaibidil ag cruinniú an Chomhchoiste ar Fhorfheidhmiú Chomhaontú Aoine an Chéasta i dTeach Laighean inné.

Thug urlabharaí thar ceann an chomhchoiste le fios do Tuairisc.ie nach raibh an reachtaíocht teanga atá á éileamh le fada ó thuaidh le plé ag an gcruinniú a bhain le Bille Cearta do Thuaisceart Éireann agus ‘nithe eile’ a gealladh i gComhaontú Aoine an Chéasta ach nár cuireadh i gcrích fós iad.

Ba thrua le stiúrthóir POBAL nach raibh an reachtaíocht teanga i measc na gceisteanna ar chlár an chruinnithe.

“Fáiltíonn POBAL roimh phlé ar Bhille Cearta don tuaisceart, cosaint a gheall rialtas na Breataine siar i 1998 agus nach bhfuil ann dó go fóill.

“Cé gur chóir do Bhille Cearta Daonna tagairtí suntasacha a dhéanamh don Ghaeilge, creideann muid nach mbeidh cosaint chuimsitheach, mhionsonraithe ann don teanga go dtugtar isteach Acht Gaeilge, bunaithe ar moltaí chomhaontaithe an phobail agus foilsithe ag POBAL sa cháipéis Acht na Gaeilge TÉ, Eis 2,” a dúirt sí.

Mheabhraigh Stiúrthóir POBAL gur fhógair an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta torthaí babhta comhairliúchán eile ar cheist na reachtaíochta teanga le gairid agus go raibh 94.7% de na daoine a d’fhreagair a chuidsean ceisteanna ar son an Achta.

Léirigh 60% de lucht na bhfreagraí dearfacha míshásamh nach raibh moltaí na Roinne soiléir go leor, agus mhol gur cheart aon Acht a bhunú ar mholtaí de chuid POBAL.

“Tá sé anois níos mó ná dhá bhliain ó rinneadh plé ar Acht na Gaeilge ag cruinniú an Chomhchoiste i mBaile Átha Cliath. Ag an chruinniú sin, i mí Mheithimh 2013, chuir mé féin cás láidir ar son an Achta [chun cinn] agus d’iarr ar an Choiste gníomh le gealltanas na Breataine i gComhaontú Chill Rímhinn a fhíorú,” a dúirt sí.

Dúirt sí chomh maith gur “mithid don Chomhchoiste pilleadh ar an cheist seo” agus gur scríobh an eagraíocht POBAL chuig baill an Chomhchoiste le hiarraidh orthu níos mó brú a chur ar David Cameron reachtaíocht teanga a thabhairt isteach ó thuaidh.

Fág freagra ar 'Cúis ‘díomá’ é nár bhac coiste Oireachtais ‘Comhaontú Aoine an Chéasta’ le reachtaíocht teanga a phlé'