Cúis cheiliúrtha i gConamara agus dhá ghradam Oscar buaite ag scannán Martin McDonagh

Ghabh Martin McDonagh, ar bhuaigh a scannán 'Three Billboards Outside Ebbing, Missouri' dhá ghradam aisteoireachta ag na Oscars aréir, buíochas inné le muintir Leitir Mealláin, baile dúchais a athar, as a gcuid tacaíochta

Cúis cheiliúrtha i gConamara agus dhá ghradam Oscar buaite ag scannán Martin McDonagh

Bhí cúis mhaith cheiliúrtha aréir ag cairde agus gaolta Martin McDonagh i nGaeltacht Chonamara, agus dhá ghradam Oscar buaite ag an scannán Three Billboards Outside Ebbing, Missouri.

Chuir na meáin spéis mhór le déanaí sa scéal gur crocadh trí ‘bhillbord’ taobh amuigh de Leitir Mealláin in ómós don fhear scannáin a fuair seacht n-ainmniúchán Oscar ar fad don scannán is déanaí ó McDonagh.

Tá aithne mhaith ar Mhartin McDonagh, a rugadh agus a tógadh i Londain, i Leitir Mealláin, baile dúchais a athar Johnny Mhichael Choilm Mac Donncha. Ón uair a bhíodar óg chaitheadh McDonagh agus a dheartháir John Michael, ar scannánóir é freisin, cuid mhaith ama sa cheantar Gaeltachta agus chuaigh Conamara i bhfeidhm go mór ar a gcuid scríbhneoireachta. Tá cónaí ar thuismitheoirí McDonagh ar an Spidéal. Is as contae Shligigh dá máthair, Mary.

Ghabh McDonagh féin buíochas inné le muintir Leitir Mealláin as a chuid tacaíochta.

Is é atá scríofa ar na cláir fógraíochta ná ‘Comhghairdeas Martin McDonagh’, ‘Réalt Mór Leitir Mealláin’ agus ‘Réalt Mór Hollywood’.

Sa Dolby Theatre i Los Angeles, mar a raibh na gradaim Oscar á reáchtáil don 90ú huair, thug Frances McDormand, a bhfuil an phríomhpháirt aici i Three Billboards…, léi an gradam don bhanaisteoir is fearr agus bhuaigh Sam Rockwell an duais don aisteoir tánaisteach is fearr dá ról sa saothar a scríobh agus a stiúir McDonagh.

Bhí McDonagh féin ainmnithe don ghradam don don script scannáin is fearr agus bhí a shaothar san iomaíocht chomh maith i rannóg an scannáin is fearr.

Dúirt John Bhaba Jeaic Ó Conghaile, stiúrthóir Ionad Oidhreachta Leitir Mealláin, le Tuairisc.ie le déanaí gur údar mór bróid do mhuintir an cheantair gaisce McDonagh, ach nach aon nach aon údar iontais é fear de bhunadh Leitir Mealláin a bheith coitianta ar an bpeann.

“Caithfidh tú cuimhneamh, ceantar beag bídeach cosúil le Leitir Mealláin, is iontach an méid scríbhneoirí a tháinig amach as an áit – Martin McDonagh féin, Antoine Ó Flatharta, Colm de Bhailís, Peadar Ó Direáin, agus seanPháraic Ó Conaire fhéin ba as Leitir Mealláin a mháthair.

“Tá rud éigin ann. Bhí file ar chuile choirnéal i Leitir Mealláin uair amháin.”