Cúis cheiliúrtha ag muintir Leitir Mealláin agus gaisce déanta ag Martin Johnny Mhichael Choilm ag na Golden Globes

Dúirt John Bhaba Jeaic Ó Conghaile, stiúrthóir Ionad Oidhreachta Leitir Mealláin gur údar mór bróid do mhuintir an cheantair gaisce Martin McDonagh ag na Golden Globes aréir

Cúis cheiliúrtha ag muintir Leitir Mealláin agus gaisce déanta ag Martin Johnny Mhichael Choilm ag na Golden Globes

Bhí cúis cheiliúrtha ar leith ag muintir Leitir Mealláin aréir nuair a thug beirt de bhunadh na hÉireann gradaim mhóra leo ag na Golden Globes. 

D’éirigh le  Three Billboards Outside Ebbing, Missouri, an scannán is déanaí ó pheann Martin McDonagh, arb as Leitir Mealláin i gceantar na nOileán a athair, ceithre ghradam a thabhairt leis. 

Dúirt John Bhaba Jeaic Ó Conghaile, stiúrthóir Ionad Oidhreachta Leitir Mealláin gur údar mór bróid do mhuintir an cheantair gaisce McDonagh ag na Golden Globes.

“Tá muid fíorbhródúil go bhfuil an oiread sin bainte amach aige. Duine uasal ceart é. An ceann deireanach a bhuaigh sé, chuir sé pictiúr chugam agus é sínithe aige ‘To John, From Martin.’ Bhí sé thart coicís roimh an Nollaig agus ba cheart go mbeadh sé thart faoi cheann coicíse arís,” arsa John Bhaba Jeaic Ó Conghaile.

Deir Ó Conghaile nach aon údar iontais é fear de bhunadh Leitir Mealláin a bheith coitianta ar an bpeann.

“Caithfidh tú cuimhneamh, ceantar beag bídeach cosúil le Leitir Mealláin, is iontach an méid scríbhneoirí a tháinig amach as an áit – Martin McDonagh féin, Antoine Ó Flatharta, Colm de Bhailís, Peadar Ó Direáin, agus seanPháraic Ó Conaire fhéin ba as Leitir Mealláin a mháthair.

“Tá rud éigin ann. Bhí file ar chuile choirnéal i Leitir Mealláin uair amháin.”

Deir Ó Conghaile gur maith leis an scríbhneoir agus stiúrthóir agus é i Leitir Mealláin cuairt a thabhairt ar na háiteanna a mbíodh sé ag spraoi le linn samhraí a óige.

“Tá neart gaolta aige i Leitir Mealláin i gcónaí, tá aintín aige ar an gCeathrú Rua agus thoir sa Spidéal atá a athair agus a mháthair ó bhogadar soir ann roinnt blianta ó shin.

“Chuir mé glaoch orthu ar maidin. Bhí mé ag fanacht aréir ar an scéal agus dúirt mé lena mháthair ar maidin comhghairdeachas a ghabháil leis féin ó mhuintir Leitir Mealláin nuair a bheadh sí ag caint leis,” a dúirt John Bhaba Jeaic le Tuairisc.ie.

Ba é Three Billboards Outside Ebbing, Missouri a bhuaigh an gradam don scannán is fearr i rannóg na drámaíochta agus bronnadh an gradam don script scannáin is fearr ar McDonagh féin. Thug Frances McDormand, a bhfuil an phríomhpháirt aici sa scannán, léi an gradam don bhanaisteoir is fearr agus bhuaigh Sam Rockwell an duais don aisteoir tánaisteach is fearr dá ról sa saothar a scríobh agus a stiúir McDonagh.

Tá aithne mhaith ar Mhartin McDonagh, a rugadh agus a tógadh i Londain, i Leitir Mealláin, baile dúchais a athar Johnny Mhichael Choilm Mac Donncha. Ón uair a bhíodar óg chaitheadh McDonagh agus a dheartháir John Michael, ar scannánóir é freisin, cuid mhaith ama sa cheantar Gaeltachta agus chuaigh Conamara i bhfeidhm go mór ar a gcuid scríbhneoireachta. 

Is as contae Shligigh dá máthair, Mary. 

Bhain Martin McDonagh cáil amach ar dtús mar dhrámadóir agus thuill a ‘Leenane Trilogy’ agus a ‘Aran Islands Trilogy’ aitheantas dó ar fud an domhain. 

Bhuaigh a chéad scannán, an saothar gearr Six Shooter, duais Oscar in 2006.

I measc na mbuaiteoirí eile i Los Angeles aréir bhí Saoirse Ronan a thug léi an Golden Globe don aisteoir mná is fearr i scannán ceoil nó scannán grinn dá saothar i Lady Bird.

Rinne an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Josepha Madigan comhghairdeas inniu le Martin McDonagh agus Saoirse Ronan.  

“Is daoine an-charasmatach iad Saoirse Ronan agus Martin McDonagh agus léiríonn na gradaim Golden Globe a bronnadh orthu – duaiseanna idirnáisiúnta an-suntasach – an bua ollmhór atá acu agus a n-ilchumas mar ealaíontóirí. 

“Ba mhaith liom gach dea-ghuí a chur chuig an mbeirt acu as an méid atá bainte amach acu agus tá mé cinnte go gcuirfidh tionscal scannánaíochta na hÉireann fáilte mhór roimh a ngnóthachtálacha pearsanta.” 

Fág freagra ar 'Cúis cheiliúrtha ag muintir Leitir Mealláin agus gaisce déanta ag Martin Johnny Mhichael Choilm ag na Golden Globes'

  • Learraí

    Ag labhairt do faoi Weinstein, ciapadóir iomráiteach Hollywood, níor chuir McDonagh fiacail ann nuair a dúirt: ‘Tá súil agam go bhfaighidh sé bás. Is rímhithid a dtriopall siúd a thabhairt in airde.” Is claíomh dáthaobhach an ciapadh sin (ar fuath agus foréigean é faoi chló eile), agus is mó de sceilp a bhaineann sé as an gciapadóir ná mar a bhaineann as an íospartach go minic….ag deireadh thiar.