‘Cúis ar bith’ le hábhar oidí céad bhliana a bheith ag déanamh cúrsa Gaeltachta ar líne

Deir an Teachta Dála Éamon Ó Cuív nach bhfuil  ‘leithscéal’ ar bith ann le mic léinn na céad bhliana sna coláistí oiliúna a bheith ag déanamh cúrsa Gaeltachta ar líne nuair atá trí bliana fágtha acu chun mí a chaitheamh sa Ghaeltacht

‘Cúis ar bith’ le hábhar oidí céad bhliana a bheith ag déanamh cúrsa Gaeltachta ar líne

Tá ábhar oidí atá sa chéad bhliain sna coláistí oiliúna i measc na ndaoine a mbeidh cúrsaí Gaeltachta ar líne á ndéanamh acu sna seachtainí seo romhainn in ainneoin go mbeidh trí bliana eile acusan chun tréimhsí a chaitheamh sa Ghaeltacht.

Tá sé deimhnithe ag Tuairisc.ie go mbeidh daltaí na céad bhliana ó choláistí oiliúna éagsúla ag freastal ar chúrsaí ar líne atá á reáchtáil i gCiarraí agus i gConamara.

Tá na cúrsaí seo á reáchtáil ar líne de dheasca na paindéime agus na srianta dianghlasála. 

De ghnáth bíonn ar ábhair oidí dhá thréimhse coicíse a chaitheamh sa Ghaeltacht chun go mbeadh aitheantas mar mhúinteoirí bunscoile acu ón gComhairle Mhúinteoireachta ag deireadh a gcúrsa ceithre bliana. 

Agus cur chuige na Roinne Oideachais á chosaint aici an tseachtain seo caite, thug an tAire Oideachais Norma Foley le fios gurb ionann na cúrsaí ar líne agus an Tréimhse Foghlama sa Ghaeltacht, rud a chuir imní ar an iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil le Tuairisc.ie “gur measa an scéal ná mar a síleadh” agus é tagtha chun solais go mbeidh mic léinn na céad bhliana ag freastal ar na cúrsaí ar líne. 

Dúirt Ó Cuív gur tugadh le fios dó sa bhfreagra a fuair sé ón Aire Foley ar cheist Dála gur ar bhonn práinne a bhí na cúrsaí á gcur ar líne d’ábhar oidí atá ag teacht i dtreo dheireadh a gcúrsaí céime.

Ní raibh “cúis” ná “leithscéal” ar bith ann go mbeadh ar mhic léinn na céad bhliana cúrsa Gaeltachta ar líne a dhéanamh agus trí bliana fágtha acu chun mí a chaitheamh sa Ghaeltacht, a dúirt Ó Cuív.

“Ní aontaím leis na cúrsaí seo ar chor ar bith, ach athraíonn sé seo an scéal go mór. Léiríonn sé seo cé chomh mór is atá easpa spéise na Roinne Oideachais sa Ghaeltacht agus sna tréimhsí Gaeltachta. 

“Tá trí bliana eile ag na daltaí seo chun dul go dtí an Ghaeltacht agus a gcúrsaí a dhéanamh ach is cosúil go bhfeileann sé do dhaoine agus don chóras go ndéanfaidís na cúrsaí ar líne.

“Is cosúil nach gcreideann an Roinn sna cúrsaí Gaeltachta ná i dtábhacht na gcúrsaí Gaeltachta agus níor cheart dúinn glacadh leis seo. Má thosaítear ag géilleadh anois do na cúrsaí ar líne, fiú do dhaoine sa gcéad bhliain, is lú agus is lú tábhacht a bheidh leis an tréimhse sa Ghaeltacht do mhúinteoirí. Ná déan nós agus ná bris nós, mar a dúirt an té a dúirt é.”

Dúirt Ceann Roinn na Gaeilge i gceann de na coláistí oiliúna go raibh daltaí na céad bhliana á gcur ar an gcúrsa ar líne i mbliana mar nach rabhthas ag iarraidh “impleachtaí [na paindéime] a iompar isteach in aon bhliain eile”.

Dúirt Aodán Mac Suibhne, Ceann Roinn na Gaeilge in Institiúid Oideachais Marino, go mbeadh sé níos fearr dá mbeadh daltaí ag dul go dtí an Ghaeltacht ach nach bhféadfaí é sin a dhéanamh i mbliana agus nach rabhthas ag iarraidh aon ghné den chéim a chur ar athlá.

“Gné amháin de chúrsa na céad bhliana ar an gcéim, an Baitsiléir san Oideachas is ea ‘An Chéad Tréimhse Foghlama sa Ghaeltacht’. In ainneoin na ndúshlán ar fad a bhaineann leis an bpaindéim, níor cuireadh aon ghné den chúrsa céime siar. Tá gach rud ag dul ar aghaidh,” arsa Mac Suibhne. 

“B’fhearr dá dtarlódh aon teagmháil leis na mic léinn ar bhonn ‘aghaidh ar aghaidh’ ach níl sé sin indéanta i mbliana. Táthar ag iarraidh déileáil le himpleachtaí na paindéime sa bhliain seo amháin agus níltear ag iarraidh na himpleachtaí sin a iompar isteach in aon bhliain eile.”

Cuirfear an cúrsa ar líne san áireamh mar cheann den dá Thréimhse Foghlama sa Ghaeltacht atá le déanamh ag ábhar oidí agus go ndéanfar an dara tréimhse amach anseo ar an “mbealach traidisiúnta”.

Dúirt Mac Suibhne go raibh na siollabais do Thréimhsí Foghlama na bliana seo curtha in oiriúint do chúrsaí ar líne agus go gcinnteofar go mbeidh deiseanna ag na mic léinn “idirghníomhú le muintir na Gaeltachta”.

Dúirt urlabhraí ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath gur deis an Tréimhse Foghlama ar líne coicís a chaitheamh agus “fócas iomlán” ag daltaí ar fhoghlaim agus ar úsáid na Gaeilge agus go rachadh sé chun sochair dóibh roimh an gcleachtadh múinteoireachta atá le déanamh acu an bhliain seo chugainn.

“Is taithí luachmhar í seo do mhic léinn sa chéad bhliain a rachaidh go mór chun a leasa agus iad i mbun a socrúchán scoile an bhliain seo chugainn agus iad sa dara bliain den chéim,” a dúradh.

I ráiteas a chuir Coláiste Mhuire gan Smál ar fáil do Tuairisc.ie, dúradh gurb é an t-aon choláiste tríú leibhéal a thugann creidiúintí do na Tréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht agus, dá bharr, nach bhféadfadh mic léinn na céad bhliana dul ar aghaidh go dtí an dara bliain gan na modúil go léir a bheith curtha díobh acu go sásúil.

“Toisc gur ceann de na modúil chéad bhliana í Tréimhse Foghlama sa Ghaeltacht 1, ní mór dóibh í a dhéanamh sa chéad bhliain cosúil le gach modúl eile. Anuas air sin, tá clár iomlán oibre ag mic léinn B.Oid. agus MGO sna blianta eile agus níl sé éasca teacht ar am eile laistigh den bhliain acadúil chuige seo,” arsa urlabhraí de chuid an choláiste.

As an gceithre choláiste oiliúna do bhunmhúinteoirí a chuireann an B. Oid ar fáil, is in Ollscoil Mhá Nuad amháin nach dtéann mic léinn na céad bhliana ar an Tréimhshe Foghlama sa Ghaeltacht. Sa dara agus sa tríú bhliain den chúrsa a thugtar faoin gcuid sin den chúrsa san ollscoil sin.

Dúirt stiúrthóir coláiste Gaeilge Gaeltachta cheana gur “sop in áit na scuaibe” atá sna cúrsaí ‘Gaeltachta’ atá le reáchtáil ar líne d’ábhar oidí i mbliana.

Fág freagra ar '‘Cúis ar bith’ le hábhar oidí céad bhliana a bheith ag déanamh cúrsa Gaeltachta ar líne'