Cúis aiféala nach bhfuil an Ghaeilge i measc na nithe ‘tábhachtacha’ ach ní haon iontas é

Tá easpa gnímh Stormont faoin nGaeilge cáinte sa bhaile agus ag Comhairle na hEorpa

Cúis aiféala nach bhfuil an Ghaeilge i measc na nithe ‘tábhachtacha’ ach ní haon iontas é

Údar díomá ab ea é nach raibh smid faoin nGaeilge, faoi fheidhmiú Acht na dTeangacha ná earcú coimisinéirí sa chlár rialtais a d’fhoilsigh Stormont le déanaí. Thóg sé seacht mí orthu a theacht ar aontas faoin gcáipéis dar teideal ‘ag tabhairt faoi na cúraimí is tábhachtaí’.

Cúis aiféala gan dabht nach bhfuil an Ghaeilge i measc na nithe tábhachtacha ach ní haon iontas é. Is in Westminster a ritheadh an tAcht in 2022, é soiléir gur snámh in aghaidh easa a bheadh ann tacaíocht aontachtach a fháil in Stormont chun cearta don Ghaeilge a chur ar bhonn reachtúil. Más freasúra aontachtach is cúis leis an neamhaird ar cheisteanna teanga sa chlár rialtais nó nach ea, tá Stormont ag sárú a dhualgais.

TÁ próiseas comhairliúcháin faoin gclár rialtais ar siúl anois agus deis ag Gaeilgeoirí agus lucht cearta a míshástacht a chur in iúl faoin easpa gnímh chun forálacha an Achta a fheidhmiú. Tá cáineadh déanta ag coiste de Chomhairle na hEorpa ar an easpa gnímh freisin, a mbreithiúnas ag teacht le dearcadh lucht cearta teanga abhus.

Scrúdaigh COMEX, coiste saineolaithe cearta daonna neamhspleách na Comhairle, cé mar a bhí an Chairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh á cur i bhfeidhm. Shínigh rialtas na Breataine an Chairt in 2001 mar chomhlíonadh ar bharántais faoin teanga i gComhaontú Aoine an Chéasta 1998. Titeann an cúram i dTuaisceart Éireann ar an bhFeidhmeannas díláraithe chomh maith le rialtas Westminster.

Ba í an tuairisc a d’eisigh COMEX Déardaoin an séú scrúdú a rinne an coiste ar an gcaoi a raibh a dhualgas faoin gCairt á chomhlíonadh ag rialtas na Breataine – agus uime sin, ag Stormont. Frítheadh lochtanna gach uair. D’éiligh an tuairisc is deireanaí gníomhartha láithreach bonn chun tacú leis na mionteangacha. Ba iad na príomh-mholtaí i leith na Gaeilge, an Straitéis a gealladh in 2006 a fhaomhadh agus a mhaoiniú, an tAcht Teangacha agus Féiniúlachta 2022 a fheidhmiú gan a thuilleadh moille, plean a fhorbairt chun múinteoirí a oiliúint agus a earcú d’earnáil na gaelscolaíochta agus oideachas a chur ar fáil do lucht riachtanais speisialta. Cinneadh freisin nach raibh blas oibre déanta ar straitéis don Ultais agus moladh ceann a fhorbairt.

Moladh freisin go gcinnteodh údaráis áitiúla agus forais phoiblí eile go mbeadh na teangacha mionlaigh sofheicthe. Ba chás leis an gcoiste gur údar aighnis polaitiúil í an Ghaeilge agus mhol go ndéanfaí gach iarracht chun an nimh a bhaint as ceisteanna teanga –  ‘dípholaitiú’ a dhéanamh, dúradar.

Abair é! Cén seans sna naoi n-aird go mbeadh ceisteanna teanga neamhpholaitiúil i dTuaisceart Éireann? Nuair atá cathanna cultúir rábach? Molann an coiste go mbeadh na mionteangacha feiceálach; éilíonn An Dream Dearg agus Gaeilgeoirí eile é sin don Ghaeilge. Siad comharthaí nó ainmneacha sráide an sampla is fearr den ‘infheictheacht’ agus is rímhinic iad sin loite nó scríobtha amach.

Deirtear go ngabhfadh daoine i dtaithí orthu dá mbeidís forleathan agus de réir a chéile go stopfadh daoine á scrios. B’fhéidir. Measann roinnt go nglacfaí leo dá mbeidís i chuile cheantar ionas nach bhféadfaí a rá gur ‘ag marcáil a gcríocha féin’ a bheadh dream ar bith. Faoin reachtaíocht idirnáisiúnta ní féidir cearta teanga a cheilt ar dhaoine mar nach dtaithníonn siad le dream éicint eile.

Más fíor na leideanna as Stormont tá plean ullamh chun Coimisinéirí Teanga a earcú ach bac air mar nach bhfuil an dá phríomhpháirtí toilteanach bogadh ar aghaidh. Glactar leis gurb é an DUP faoi ndear an phairilis ó deir Sinn Féin go bhfuil siad tiomanta don reachtaíocht don Ghaeilge a chur i bhfeidhm. Nuair a cheistigh Matthew O’Toole ón SDLP an LeasChéad-Aire Emma Little Pengelly sa Tionól faoin nGaeilge a bheith in easnamh ar an gclár rialtais fuair sé freagra gearr. Bíonn O’Toole diúltach i gcónaí, a dúirt sí, ach níor neos sí aon phlean.

Ní chuirfidh freagraí mar sin stop le ceistiú an Fheidhmeannais. Má theipeann ar Stormont beidh lucht feachtais ag cur brú ar rialtas na Breataine – orthusan a thitfeadh an crann (arís) d’uireasa gnímh ó Stormont.

Ní gá an déad feasa chun babhta eile feachtasaíochta a thuar.

Fág freagra ar 'Cúis aiféala nach bhfuil an Ghaeilge i measc na nithe ‘tábhachtacha’ ach ní haon iontas é'

  • Aonghus

    Ba chuma sa stioc leis na haontachtaithe an Ultais nó go bhfacadar boradh faoin nGaeilge agus éileamh ar aitheantas oifigiúil do theanga dhúchais Ulaidh.
    Bhí a fhios acu go maith nach bhféadfaidís cur in aghaidh seo mar go gcaithfí an Ghaeilge a chur ar chomhchéim le Gaidhlig na hAlban agus an Bhreatnais mar sin shocraigh siad ar chaolú a dhéanamh uirthi le hiarratas patois iasachta gan litríocht ná béaloideas a chur ar chomhchéim léí.
    Feicfear, le comharthaíocht, gur ón nGaeilge a d’fheascair formhór ainmneacha Béarla na mbailte ó thuaidh ach beidh na hainmneacha nua-chumtha Ultaise coimhthíoch gan aon cheangal acu leis an tírdhreach.
    Is cuma leis na haontachtaithe seo, níl san Ultais acu ach dris sa chosán ar an nGaeilge.

  • Paul Laughlin

    Tá muid i ndeireadh na feide ag éisteacht leis na bréaga is na maslacha lá i ndiaidh lae, bliain i ndiaidh bliana.
    Ní ghlacann muid le bheith ciúnaithe go dtí go mbeidh páirc chothrom imeartha atá againn agus beidh sé againn.