‘Black and decker’ dátheangach ‘gan cuireadh gan iarraidh’ ag Cúirt

Ba léir dár gcolúnaí ag Féile Cúirt ar an Satharn gur drisiúr cultúrtha a bhí sa Ghaeilge agus tús áite tugtha d’insintí daoine eile ar dhánta fileata snasta Gaeilge Nuala Ní Dhomhnaill

LouisNuala-0175

I bhfocail Stiúrthóir Fhéile Idirnáisiúnta Litríochta 2015, bhí Cúirt na bliana seo ag plé le ‘love, loss, loneliness, intention…’ agus rith sé liomsa sa Taibhdhearc Dé Sathairn seo caite gur géar a theastódh sé uathu leanúint lena dturas taighde sin ar a dtairseach féin.

Ar leathanach 45 den chlár toirtiúil, bhí na filí Louis de Paor agus Nuala Ní Dhomhnaill fógartha agus nótaí beathaisnéise fúthu tugtha in dhá theanga oifigiúil na tíre seo, an Ghaeilge chun tosaigh. Bhí sé luaite ann go raibh Foras na Gaeilge ag déanamh urraíochta ar an ócáid ach níor luadh in aon áit ann gur léamh dátheangach a bheadh ann. Ní raibh a fhios ag Nuala féin é, a deir sí linn ón ardán, rud a d’fhág gur athraigh sí a rogha dánta. Léadh an leagan Béarla d’fhormhór mór na ndánta ar dtús cé gur léigh Nuala cúpla dán i nGaeilge amháin, toisc a deir sí ‘nach minic a bhíonn an deis sin aici’.

B’íorónach gurbh í Nuala Ní Dhomhnaill a bhí ar an stáitse sin mar is beag duine eile, sílimse, a scríobh chomh tuisceanach soiléir faoin tráma a d’fhág an t-athrú teanga orainne mar phobal – Alhambra an iarchoilíneachais. Luaigh sí go minic an cogadh cathartha a bhíonn ar siúl inti féin idir an dá mhórtheanga sa tír seo agus é sin léirithe go paiteanta aici ina saothar réabhlóideach. Nár chuibhiúil mar sin go mbeadh ar a laghad fainic nó rabhadh sláinte curtha orainn roimh ré, in éineacht leis an bhfógra faoi na doirse éalaithe i gcás éigeandála, go mbeadh black and decker dátheangach ag teacht isteach inár spás cultúrtha chun ECT a thabhairt dúinn ‘gan cuireadh gan iarraidh’.

Nuair a d’ullmhaigh Nuala bailiúchán Field Day in 2002, dúirt sí nár cheart breathnú ar an nGaeilge mar ‘exotica’ a tharraingeofaí amach ag deasghnátha poiblí amhail is gur ‘cultural furnishing’ a bhí inti (urraithe ag Foras na Gaeilge!). Ba léir domsa ar an Satharn gur drisiúr cultúrtha a bhí sa Ghaeilge agus tús áite tugtha d’insintí daoine eile ar dhánta fileata snasta Gaeilge Nuala Ní Dhomhnaill. Ní dhéanaim a bheag de Louis de Paor ná dá shaothar anseo ach is amhlaidh nach eol dom a dhearcadh poiblí féin ar an dátheangachas dualgais seo ach ós ag plé leis an Léann Éireannach a bhíonn sé féin, bheadh seantaithí aige air.

Bhí beirt fhearfhilí ag léamh i Halla na Cathrach oíche Dé Sathairn agus mé ag súil go mór leo ach leis an strus iarthrámach uilig, bhí faitíos orm gurbh amhlaidh a léimfinn ar an ardán ag tabhairt leagan aistrithe dá saothar fiú sula gcloisfí a saothar féin agus tá mé i bhfad róshean don ealaín sin.

‘Happy Cúirting’ a dúirt an Stiúrthóir linn agus í ar tí ‘bring readers into the worlds that give meaning to our own’. Tharlódh gur thug léamh dátheangach an tSathairn aon neamh-Ghaeilgeoir Béarlach a bhí i láthair sa Taibhdhearc go dtí domhan fhochoinsias iarchoilíneach an Ghaeilgeora ach mar a dúirt an file í féin, ‘ó thugadar cúl na láimhe glan don uisce, ní féidir leo iad féin a fholcadh; glanann siad iad féin le meascán fuail is luaithe, agus pinch beag gainimhe tríd’.

Dea-scéala – eagrán slachtmhar nua de Feis agus Cead Aighnis le Nuala Ní Dhomhnaill díreach foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht. Ceannaigh é agus ní bheidh tú in ann é a leagan uait.

Fág freagra ar '‘Black and decker’ dátheangach ‘gan cuireadh gan iarraidh’ ag Cúirt'

  • Gabriel Rosenstock

    Ar ndóigh, a bhfuil ráite (agus ráite go breá) ag Máire faoi ‘Cúirt’, d’fhéadfaí an rud céanna a rá faoi gach féile liteartha sa tír, thuaidh agus theas. Agus is ceart é a rá. Ba chóir i a chur chuig na féilte eile sin thar ár gceann go léir.

  • padraig o donnchu

    Ni raibh fhios ag an mbanfhile fein gurb amhlaidh a bheadh! Nach athulta an drong a dheanfadh a leitheid? Mor an trua nar leim ar gcolunai ar an staitse agus a meon (sic) a nochtadh dhoibh.