Cuirtear stad leis an ‘bac’ ar fhás na nGaelscoileanna agus bíodh leath de scoileanna nua ina scoileanna lán-Ghaeilge

Deir COGG go bhfuil an ganntanas múinteoirí do scoileanna lán-Ghaeilge chomh holc sin go bhfuil múinteoirí tacaíochta foghlama á n-úsáid mar ionadaithe i scoileanna lán-Ghaeilge agus páistí á bhfágáil gan tacaíocht foghlama dá bharr

Cuirtear stad leis an ‘bac’ ar fhás na nGaelscoileanna agus bíodh leath de scoileanna nua ina scoileanna lán-Ghaeilge

Ba chóir don Roinn Oideachais stad a chur “gan mhoill” leis an nós atá ann  “bac” a chur le fás na nGaelscoileanna, cúrsa tríú leibhéal lán-Ghaeilge do chúram leanaí réamhscoile a bhunú agus an infheistíocht faoi Pholasaí Oideachais na Gaeltachta a mhéadú faoina deich.

B’in cuid de na moltaí a chuir an Chomhairle Oideachas Gaeilge agus Gaeltachta faoi bhráid bhaill Choiste Oideachais an Oireachtais tráthnóna inné. Bhí Cathaoirleach COGG Dónal Ó hAiniféin i measc na n-ionadaithe ón earnáil oideachais a d’fhreastail ar chruinniú de Choiste Oireachtais an Oideachais i dTithe an Oireachtais inne.

Deirtear sa cháipéis a chuir COGG faoi bhráid an choiste nach aon chabhair é go bhfuil “caipín” á chur “ar líon na ndaltaí atá i scoileanna atá ag forbairt”.

“Sa mheántéarma, moltar forbairt leanúnach na hearnála a phleanáil in éineacht leis na páirtnéirí leasmhara.

“Léiríonn taighde go roghnódh 25% de thuistí an gaeloideachas dá mbeadh an rogha sin ar fáil ina gceantair. Chuige sin ba cheart sprioc a bheith ann gur Gaelscoileanna/

Gaelcholáistí a bheadh i leath na scoileanna nua a bhunaítear gach bliain feasta,” a deirtear i gcáipéis na Comhairle Um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.

Deirtear chomh maith gur gá infheistíocht chaipitil a dhéanamh sa ghaeloideachas “ag gach leibhéal chun an soláthar oidí le hardchaighdeán Gaeilge a threisiú”.

Chomh maith leis sin, chuir COGG sraith moltaí maidir le leigheas a fháil ar an nganntanas múinteoirí i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge faoi bhráid bhaill Choiste Oideachais an Oireachtais tráthnóna.

Maítear sa cháipéis nach bhfuil aon aitheantas á thabhairt don dua a bhaineann le teagasc sa Ghaeltacht ó cuireadh deireadh leis an liúntas Gaeltachta do mhúinteoirí nua agus gur beag iarratas a fhaightear nuair a fhógraítear post múinteora sa Ghaeltacht.

Deirtear go bhfuil cúiseanna éagsúla leis an easpa soláthar múinteoirí Gaeilge do bhunscoileanna agus iarbhunscoileanna.

Maítear go bhfuil an cúrsa oiliúna ceithre bliana rófhada agus róchostasach agus nach mealltar daoine mar gheall an easpa comhionannais pá do mhúinteoirí nua agus toisc go maireann scálaí tuarastail rófhada.

Dúirt Cathaoirleach COGG nach mbíonn teacht ar ionadaithe do scoileanna Gaeltachta mar nach bhfuil múinteoirí oilte ar fáil agus mar nach mbíonn fonn ar mhúinteoirí tréimhsí ionadaíochta gairide a dhéanamh i ranganna ilghráid, mar atá i go leor scoileanna Gaeltachta. 

Chuir an Cathaoirleach sraith moltaí faoi bhráid an choiste chun déileáil leis an easpa múinteoirí. Mhol sé go dtabharfaí ar ais an liúntas Gaeltachta agus oileáin do mhúinteoirí atá ag teagasc i scoileanna a bhfuil an Polasaí Oideachais don Ghaeltacht á chur i bhfeidhm acu agus go gcuirfí in áit arís scéim na scoláireachtaí teoranta agus neamhtheoranta.

Mhol Cathaoirleach COGG chomh maith go mbunófaí painéil ionadaithe áitiúla chun freastal ar na ceantair Ghaeltachta agus ar scoileanna lán -Ghaeilge.

Maidir le scoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, deir COGG go mbíonn “an-deacracht” ag na scoileanna sin múinteoirí ionadaíocha le hardchaighdeán Gaeilge a fháil, go háirithe i mBaile Átha Cliath. Tugadh le fios don choiste go bhfuil tuairiscí ann go mbíonn múinteoirí tacaíochta foghlama á n-úsáid mar ionadaithe “agus go bhfágtar páistí gan tacaíocht fhoghlama dá bharr sin”.

Mhol Cathaoirleach COGG go dtabharfaí isteach scoláireachtaí chun tacú le hábhar oidí óga íoc as a dtréimhse foghlama sa Ghaeltacht, deontais a bhíodh ar fáil roimh bhlianta na géarchéime eacnamaíochta.

Mhol sé freisin go mbunófaí painéil ionadaithe áitiúla do Ghaelscoileanna agus go dtabharfaí ar ais na liúntais do mhúinteoirí a bhíonn ag teagasc trí Ghaeilge.

Deir COGG chomh maith gur ghá cead a thabhairt do dhaltaí a fuair oideachas lán-Ghaeilge  cur isteach ar na háiteanna a chuirtear ar leataobh sna coláistí oiliúna d’iarratasóirí Gaeltachta, toisc nach bhfuil dóthain éilimh ar na háiteanna sin.

Dúirt Dónal Ó hAiniféin inné go bhfuil an deacracht a bhíonn ag scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge teacht ar mhúinteoirí agus ionadaithe “i bhfad Éireann níos measa” ná mar a bhíonn i scoileanna eile agus gurb amhlaidh go bhfuil “an bonn á bhaint” d’éiteas teanga scoileanna lán-Ghaeilge cheal múinteoirí oilte.

Tugtar le fios i gcáipéis COGG go bhfuil fadhbanna ar leith múinteoirí a fháil i scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta do na heolaíochtaí, don eacnamaíocht bhaile, don tíreolas agus do theangacha eachtrannacha.

Tá cúrsa Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas (MGO) amháin ann ina mbíonn an teagasc á dhéanamh trí Ghaeilge agus is i nGaillimh atá an cúrsa sin.

Mhol Ó hAiniféin go gcuirfí MGO as Gaeilge ar fáil i mBaile Átha Cliath nó Má Nuad.

Fág freagra ar 'Cuirtear stad leis an ‘bac’ ar fhás na nGaelscoileanna agus bíodh leath de scoileanna nua ina scoileanna lán-Ghaeilge'

  • Seán Ó hAodha

    Molann Cathaoirleach COGG Dónal Ó hAiniféin (mar a thuairiscítear san alt) go gcuirfí Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas (MGO) eile as Gaeilge ar fáil in Ollscoil Mhá Nuad nó in ollscoil i mBaile Átha Cliath. Is maith an moladh é sin chun meánmhúinteoirí na nábhar acadúl a oiliúint chun teagasc tré mheán na Gaeilge.
    Tá easnamh amháin sa mholadh. Ní féidir cáiliú mar meánmhúinteoir phraiticiúl in an aon ollscoil. Dá bhrí sin ní réiteoidh an moladh seo an scéal nach bhfuil múinteoirí phraiticiúla á noiliúint in aon institiúd tríú leibhéal chun teagasc tré mheán na Gaeilge. Is iad na hábhair phraiticiúla atá i gceist ná Ealaín, Teicneolaíocht, Adhmadóireacht, Miotalóireacht, Grafaic Theicniúil, Eacnamaíocht Bhaile agus Corpoideachas. Sin an triú cuid de mhúinteoirí in aon mheánscoil Gaeltachta nó meánscoil LánGhaeilge.
    Is bagairt do Ghaeloideachas dara leibhéal na tíre (thuaidh agus theas) agus do chur i bhfeidhn an Pholasaí Oideachais Gaeltachta go háirithe nuair nach bhfuil múinteoirí phraiticiúla á noiliúint chun teagasc tré mheán na Gaeilge. Bíonn ar meánscoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge múinteoirí phraiticiúla a fhostú nach bhfuil in ann an Ghaeilge a labhairt. An toradh ar an fhaillí seo go léir ná (mar a deireann Dónall Ó hAiniféín) go mbíonn “an bonn á bhaint” d’éiteas teanga scoileanna cheal múinteoirí oilte. Ní mór don Roinn Oideachas gníomhú láithreach chun an fhadhb seo a réiteach.