Cuirtear deireadh leis an ‘éagóir phá’ ar mhná agus craoltóirí Gaeilge in RTÉ

Tá Aontas Náisiúnta na nIriseoirí ag éileamh go ndéanfaí athbhreithniú ar chúrsaí fostaíochta in RTÉ ar mhaithe le deireadh a chur leis an éagóir phá atá á déanamh, dar leo, ar chraoltóirí ban agus ar chraoltóirí RnaG

Cuirtear deireadh leis an ‘éagóir phá’ ar mhná agus craoltóirí Gaeilge in RTÉ

Tá an NUJ ag iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú ar chonarthaí fostaíochta RTÉ le deireadh a chur leis “an éagóir” atá ar bun ag an gcraoltóir poiblí maidir leis an bpá a íoctar le mná agus le craoltóirí Gaeilge.

I ráiteas a d’eisigh siad inniu, dúirt Aontas Náisiúnta na nIriseoirí (NUJ) nach bhféadfaí “cosaint” a dhéanamh ar an “mbearna pá” idir an tuarastal a íoctar le hiriseoirí Béarla de chuid na heagraíochta agus an tuarastal a íoctar le hiriseoirí Gaeilge RTÉ RnaG.

Tagraíodh i ráiteas a d’eisigh an eagraíocht, a dhéanann ionadaíocht thar ceann iriseoirí in Éirinn agus sa Bhreatain, don “leithcheal teanga” a dhéantar taobh istigh den chraoltóir náisiúnta agus mhaígh gur mithid dul i ngleic leis.

“Ní faoin airgead amháin atá an bhearna inscne — baineann sé freisin le cleachtais oibre, a d’fhéadfadh cur isteach ar fhorbairt ghairme na mban san eagraíocht.

“Tá sé in am anois ag RTÉ freisin dul i ngleic leis an leithcheal teanga atá ar bun ag an gcraoltóir Stáit. Is stáisiún náisiúnta raidió é Raidió na Gaeltachta a chuireann seirbhís náisiúnta ar fáil agus níl aon bhunús leis an bpolasaí níos lú a íoc le hiriseoirí RnaG ná mar a íoctar lena gcomhghleacaithe i mBaile Átha Cliath,” a dúirt Séamus Dooley, Ard-Rúnaí Gníomhach an NUJ.

Tá an neamhréir idir an pá a fhaigheann iriseoirí i Raidió na Gaeltachta agus iriseoirí RTÉ ina chnámh spairne le fada ag lucht ceardchumainn sa stáisiún Gaeltachta.

Níl an leagan amach céanna ar struchtúr foirne RnaG agus atá ar struchtúr foirne RTÉ ach maítear, mar shampla, gur chóir go mbeadh Clár-Reachtaire i RnaG ar an scála céanna pá is a bheadh ag léiritheoir in RTÉ toisc na freagrachtaí céanna a bheith orthu.

Pléadh ceist phá iriseoirí RnaG ag cruinniú de chuid Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán an mhí seo.

Tá ráite cheana ag an iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív gur chóir go gcuirfí foireann RTÉ Raidió na Gaeltachta ar comhphá lena gcomhghleacaithe in RTÉ.

“Ní seirbhís den dara grád a bhíonn ann toisc an tseirbhís sin a bheith lonnaithe sa Ghaeltacht. Ba chóir go mbeadh foireann RnaG ar comhphá lena macasamhail i nDomhnach Broc. Níl aon cheist faoi sin.

“Ach an oiread le cúrsaí inscne, níor cheart idirdhealú a dhéanamh ó thaobh cúrsaí pá ar bhonn teanga nó mar go bhfuil ceannáras eagraíochta sa Ghaeltacht seachas i mBaile Átha Cliath,” a dúirt Ó Cuív anuraidh.

Tá conspóid mhór faoi cheist phá na mban in RTÉ agus idir pholaiteoirí agus chraoltóirí ag éileamh go bhfoilseofaí eolas faoi na láitheoirí is mó atá ag saothrú ón gcraoltóir poiblí mar atá déanta ag an BBC sa Bhreatain.

Fág freagra ar 'Cuirtear deireadh leis an ‘éagóir phá’ ar mhná agus craoltóirí Gaeilge in RTÉ'

  • Éisteoir dílis

    Tá sé náireach go bhfuil a leithéid fós ag tarlú in 2017. Níl aon chúis ann nach mbeadh lucht RnaG ar an bpá céanna lena gcomhghleacaithe i mBaile Átha Cliath, go háirithe agus obair na gcapall ar acmhainní teoranta ar bun acu!

  • maitiu

    An ndeantar eagoir faoi dho ar mhna ar craoltoiri Gaeilge iad? Suarachas pa ar fad acu sin mar sin?

  • Sean

    Mna agus obair na gcapall ar siul acu? Ba cheart iad sin a chothu go maith ar m’anam. Ach fag sli tarraicthe acu.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Níos mó cláir raidió Gaeilge a dhith. Níos mó stáisiúin raidió Gaeilge a dhith ó RTÉ.