Cuirimis deireadh leis na searáidí, tá Aoine Mhór na Siopadóireachta chugainn

Nach aisteach gur éirigh le nós Aoine Mhór na Siopadóireachta a bhealach a dhéanamh anall trasna an Atlantaigh nuair nár éirigh leis an lá a thagann roimhe an turas céanna a dhéanamh?

Cuirimis deireadh leis na searáidí, tá Aoine Mhór na Siopadóireachta chugainn

Tá leigheas gach oilc agam anois agus margaí móra Aoine Mhór na Siopadóireachta, nó Black Friday, leaindeáilte i mo bhosca isteach ríomhphoist. Cén bhrí, ach tá margaí Aoine Ghlais, Chibear-Luain (Luan Chibir?) agus margaí na Nollag iad féin ag teacht go tréan. 

Beidh chuile ní agam anois go luath, ní bheidh aon bhuairt ná anó orm arís go deo agus céatadáin mhóra bainte den ghnáthphraghas ar theilifíseanna réscáileáin (ceann i ngach seomra, b’fhéidir), uachtair speisialta a bhainfidh na roic de m’éadan (seo liom go tír na n-óg), agus eitiltí go dtí an Pholainn ar leath-thada (czas świętować!).

Nach aisteach gur éirigh le nós Aoine Mhór na Siopadóireachta a bhealach a dhéanamh anall trasna an Atlantaigh as Meiriceá nuair nár éirigh leis an lá a thagann roimhe an turas céanna a dhéanamh? Titeann Aoine Mhór na Siopadóireacht ar an lá i ndiaidh Lá an Altaithe i Meiriceá, féile a bhfuil gabháil buíochais in ainm is a bheith mar bhunús léi. 

Níl mé a rá nach mbíonn mé buíoch scaití as margaí na hAoine móire agus nuair a chlis an teilifís ag tús na Samhna anuraidh bhí muid breá buíoch margadh maith a fháil ar an gceann nua. Ach shíl mé ar feadh lá nó dhó go mairfeadh muid sna tráthnóntaí ag imirt cártaí nó b’fhéidir searáidí. Seachmall a bhí orm, aisling nár mhair i bhfad. Tá rialacha an chluiche fiche a cúig dearmadta agam agus, más rud é gur imir tú Snap! riamh, tá a fhios agat nach gcuidíonn sé leis an tsíocháin sa teaghlach.  

Is beag caitheamh aimsire atá inchurtha le stánadh béaloscailte ar scáileán chun an suaimhneas is an ciúnas a chothú in aon chlann. Tabharfaidh mé rabhadh amháin daoibh, áfach. Molaim do bhaill an tí aghaidh a thabhairt ar sheomraí éagsúla ar feadh scaithimh nuair a bhíonn na cláir thart. 

Ní haon saineolaí mé san eolaíocht iompraíochta, ach sílim go gcothaíonn an filleadh sin ar an bhfíorshaol míshástacht in intinn an duine. Tá sé faighte amach agam go gcuirtear an mhíshástacht sin in iúl don té is gaire atá ina seasamh don ‘iar-zombaí-teilifíse’ nuair a mhúchtar an teilifís. 

Fiú agus éifeacht-an-zombaí, nó an zombaíú,  curtha san áireamh, shocraigh muid go raibh teilifís nua uainn. Ní ar Snap! amháin a mhaireann an duine. 

Ba léir dúinn nár oibrigh an turas beag a bhí againn ar shlí mhaireachtála na nAmanach. Bhuel, blaiseadh de shaol na nAmanach a bhí ann dá mba dream iad a mbíonn gach gléas nua-aimseartha agus leictreach in úsáid acu seachas an teilifís.

Buíochas mór le Dia, bíonn iompar na ndaoine sna siopaí sibhialta go leor aimsir na hAoine móire an taobh seo tíre. Is dóigh gur chuala tú go gcailltear daoine i Meiriceá nach mór gach bliain ag sladmhargaí na hAoine móire? Plúchadh fear amháin i Walmart dhá bhliain ó shin, go ndéana Dia trócaire air, nuair a rinne 2,000 duine iarracht rith isteach trí dhoirse an tsiopa ag an am céanna chun greim a fháil ar na margaí maithe Aoine Mhór na Siopadóireachta.

Dá mbeinn ag cur mo bheatha i mbaol, ní shílim go ndéanfainn é ar mhaithe le margadh ar theilifíseán réscáileáin nua. Dá dhonacht Snap! agus searáidí, ní shílim é. Fiú dá mbeadh scáileán cuartha HD aige agus spéaclaí VR.

Ach, ceann de na Dysons láimhe sin? B’fhéidir. B’fhéidir gurbh fhiú dul sa seans. Dá mbeadh sé ar leathphraghas, agus cúig il-uirlis san áireamh ann agus cloigeann mótair air a théann timpeall is timpeall. 

Fág freagra ar 'Cuirimis deireadh leis na searáidí, tá Aoine Mhór na Siopadóireachta chugainn'