Cuirfidh tú do phurgadóir díot le linn ‘Silence’ an saoiste Scorsese

Tá mearbhall reiligiúnda, comhrac fealsúnachta, brúidiúlacht agus comhghéilleadh sa saothar is déanaí ó Martin Scorsese

Cuirfidh tú do phurgadóir díot le linn ‘Silence’ an saoiste Scorsese

Silence

Stiúrthóir: Martin Scorsese

Cliar: Andrew Garfield, Adram Driver, Liam Neeson, Tadanobu Asano, Ciarán Hinds.

Scannánóir é Martin Scorsese atá sa Táin, agus gan aon chuimhneamh aige cathaoir an stiúrthóra a fhágaint go fóill cé go mbeidh sé cúig bliana déag le cois na dtrí scór i mbliana.

Is óna scioból samhlaíochta a tháinig cuid de na saothair is suntasaí le leathchéad bliain anuas: Raging Bull (198o), Taxi Driver (1976), King of Comedy (1982), Goodfellas (1990), Mean Streets (1973), The Departed (2006) agus The Wolf of Wall Street (2013). Ní thuigfidh mé riamh conas nár tugadh aitheantas Oscar do Raging Bull Goodfellas, agus is léargas ar áiféis na gcomórtas é nach bhfuil ach deilbhín amháin ar an matal aige. Cé nach i gcónaí a bhí sé os cionn a bhuille (deis amú ba ea Gangs of New York (2002) mar shampla) is stiúrthóir ar leithligh é gur fiú i gcónaí aird a thabhairt ar a tháirgí.

Tá Scorsese ar gor ar amhábhar Silence le tarrac ar chúig bliana ar fhichid. Bhí sé sa chomhghuaillíocht a dhein cóiriú ar leabhar Shūsaku Endō agus níor chaith sé fé thóin chártaí riamh é.

Ábhar scannán cigilteach go maith é an reiligiún ar na saolta seo. A ualach féin ag gach éinne, duine amháin ag iarraidh é a leagadh agus duine eile ag iarraidh é a mhóradh. Taibhsíodh dom ar uairibh gur thit Scorsese idir dhá stól agus nárbh fheadar sé an laochra nó antoiscigh a bhí idir lámha aige.

Sa saothar seo díríodh ar shagairt de chuid na nÍosánach, Sebastião Rodrigues (Garfield) agus Francisco Garrpe (Driver), a d’ardaigh a seolta leo go dtí Seapáin an seachtú haois déag agus iad sa tóir ar a n-oide múinte, Cristóvão Ferreira (Neeson) a bhí imithe gan tásc ná tuairisc.

Níorbh aon iontas sin óir bhí géarleanúint fhuilteach, bhrúidiúil á déanamh ar Chríostaithe ag an am. Na mílte á gcéasadh agus á gcur chun báis. Deineadh sin a léiriú go gléineach i gcaitheamh an scannáin agus ba dheacair féachaint ar chuid de.

Scannán machnamhach, teanntásach é seo a bhogann ar aghaidh ar a bhogstró agus creideamh na bpríomhcharachtar á thástáil go brúidiúil. Rud amháin é a bheith id mhairtíreach reiligiúin ach rud eile ar fad é ligint do dhuine eile an drochíde chéanna a fháil i gcoinne a dtola. Tástáil seasmhachta atá ann don phríomhcharachtar agus an lucht féachana araon.

Cuireadh na géarleantóirí Seapánacha os ár gcomhair mar neacha cruálacha, cúngaigeanta, brúidiúla ach ar hap an tairne bhíodar leathanaigeanta, deisbhéalach, pragmatach, tuisceanach agus fealsúnach. Ní raibh an séanadh uathu ach ar mhaithe leis an siombalachas a bhaint leis. Iad ag rá nár oir ithir na Seapáine d’fhréamhacha na Críostaíochta.

Cuireadh ina luí orainn go raibh na misinéirí ag brú creidimh (mar aon leis na tuiscintí agus cultúir Eorpacha a bhí fite fuaite ann) ar phobal nár thuig i gceart céard a bhí á chur abhaile orthu.   

I rith an ama tá Rodrigues ar a thriail agus i gcomhrac beirte leis an gCúistiúnaí; brúid shocair nár chuir éinne i gcuimhne dom lena mheon ait, greannmhar agus a ghalamaisíocht chainte ach carachtar Chrisoph Waltz ó Inglorious Basterds (2009).

Ar chúis éigin chuir Andrew Garfield pip riamh orm agus is amhlaidh atá anseo. Téann sé i ngleic le carachtar atá idir dhá thine, ach bhraitheas go raibh coiscéim bhacaí ina thaispeántas agus n’fheadar an é an scríbhinn, an carachtar nó an t-aisteoir ba chúis leis an easpa sin.

Pé scéal é, níl aon fhuascailt i ndán dó féin ná dúinne ag an deireadh, ach sinn ag iarraidh meabhair a dhéanamh den chomhghéilleadh.

Fág freagra ar 'Cuirfidh tú do phurgadóir díot le linn ‘Silence’ an saoiste Scorsese'