‘Cuirfidh mé an Ghaeilge ar ‘Drivetime’ mar a bheadh ruainne beag salainn agus piobair ann!’ – Cormac Ó hEadhra

Labhair Tuairisc.ie le Cormac Ó hEadhra as an gCeathrú Rua faoina phost nua mar láithreoir ar Drivetime ar RTÉ Raidió a hAon agus faoina bheith ag fágáil slán le RnaG

‘Cuirfidh mé an Ghaeilge ar ‘Drivetime’ mar a bheadh ruainne beag salainn agus piobair ann!’ – Cormac Ó hEadhra

Tá an craoltóir aitheanta Cormac Ó hEadhra atá ceaptha ina chomhláithreoir ar Drivetime RTÉ Raidió 1 ag súil le “giotaí Gaeilge” a shníomh isteach sa mhórchlár cúrsaí reatha.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt an craoltóir as an Cheathrú Rua i gConamara, go mbeidh “níos mó Gaeilge le cloisteáil ar Drivetime” feasta, an clár cúrsaí reatha a bheidh á chur i láthair aige gach tráthnóna i dteannta Sara McInerney.

“Ar nós ruainne beag salainn agus piobair, beidh giotaí Gaeilge á labhairt agam go cinnte. Is maith liomsa é agus sílim gur maith leis na héisteoirí é. Is cuid d’éagsúlacht na tíre atá ann agus ní sheasfaidh mé siar uaidh sin,” a dúirt ó hEadhra.

Chluinfeá an cur chuige sin in úsáid ag an chraoltóir Gaeltachta ar a chlár cúrsaí reatha féin Saturday with Cormac Ó hEadhra, a bhí á chraoladh le dhá bhliain anuas ar RTÉ Raidió 1.

Dúirt Ó hEadhra gur “mór an phribhléid” é go bhfuil sé le dul i mbun craoltóireachta ar Drivetime, ceann de phríomhchláracha cúrsaí reatha na hÉireann ach go n-aireodh sé uaidh “go mór” an chraoltóireacht Ghaeilge agus foireann Raidió na Gaeltachta.

“Is beag duine a fhaigheann an deis caint leis an tír ar fad ar bhonn laethúil agus seo ceann de na poist sin. Is mór an phribhléid é ach ag an am céanna is iontach mór an pribhléid é a bheith ag obair le Raidió na Gaeltachta agus ag obair le do phobal féin, ar son do phobail fhéin.”

“Ó thaobh chraoltóireachta na Gaeilge de, ní bhíonn an t-aitheantas céanna i gceist ach ní chiallaíonn sin nach bhfuil an caighdeán ann. Glac clúdach toghcháin Raidió na Gaeltachta mar shampla, tá sé dochreidte,” a dúirt sé.

Dúirt Cormac Ó hEadhra go bhfuair sé “deiseanna iontacha” a scileanna craoltóireachta a fhorbairt i Raidió na Gaeltachta.

“B’fhéidir nár thug mé faoi deara ag an am é ach tá mé ag déanamh go bhfuair mé níos mó deiseanna mo chuid scileanna a fhorbairt ná mar a gheobhainn aon áit eile.

“Tá na hacmhainní chomh gann i Raidió na Gaeltachta go gcaithfidh gach duine chuile iarracht a dhéanamh,” a dúirt sé.

Nuair a d’fhág sé Nuacht TG4, thosaigh Ó hEadhra ag obair le Raidió na Gaeltachta i nDomhnach Broc i mBaile Átha Cliath. D’oibrigh sé ar chláracha éagsúla sular bhunaigh sé féin agus Fachtna Ó Drisceoil, an clár cúrsaí reatha rathúil Cormac ag a Cúig.

Ó 2009 ag aghaidh thosaigh sé ag déanamh “beagán níos mó” craoltóireachta ar RTÉ Raidió 1.

“Thosaigh mé ar The Late Debate agus dhéanfainn ruainne beag ag seasamh isteach do Mary Wilson ar Drivetime agus do Shean O’Rourke. Dhá bhliain ó shin fuair mé mo chlár féin Saturday with Cormac Ó hEadhra, clár ar éirigh go han-mhaith leis, is dócha.

“De réir a chéile, bhí níos mó agus níos mó á dhéanamh agam ar RTÉ Raidió 1 agus is dóigh go raibh cinneadh le déanamh ag lucht bainistíochta an stáisiúin cá háit a chuirfidís mé,” a dúirt Ó hEadhra.

Dúirt Ó hEadhra gur beag an difear idir an chraoltóireacht Bhéarla agus Ghaeilge sa lá atá inniu ann.

“Tá na meáin shóisialta tar éis an cluiche a athrú ó thaobh na craoltóireachta Gaeilge de. Tá sé i bhfad níos éasca daoine a fháil agus sílim go bhfuil an caighdeán thar a bheith ard ó thaobh cúrsaí reatha de agus an tuairisciú a dhéantar i nGaeilge ar imeachtaí ar fud an domhain.”

Dúirt Ó hEadhra go mbíonn brú i gceist le gach cineál craoltóireachta, is cuma cén teanga a mbíonn tú ag obair.

“Bíonn go leor liathróidí san aer agat, is cuma más i mBéarla nó i nGaeilge atá tú ag craoladh. Caithfear a bheith cúramach faoin méid a deir tú, a chinntiú nach bhfuil aon rud clúmhillteach ráite agat agus an t-ábhar a dhéanamh suimiúil don éisteoir.

“Tá sé deacair an matrix a fháil i gceart. Ní fhaigheann éinne i gceart i gcónaí é ach déanann tú an iarracht is fearr atá tú in ann,” a dúirt an chraoltóir Cormac Ó hEadhra.

Fág freagra ar '‘Cuirfidh mé an Ghaeilge ar ‘Drivetime’ mar a bheadh ruainne beag salainn agus piobair ann!’ – Cormac Ó hEadhra'

  • Seán Ó Briain

    Go néirí go geal leat ar chlár Drivetime, a Chormaic. Beimid ag súil le cúpla focal uait anois ‘s arís.