Cuirfidh Dopesick idir alltacht agus drochmhianach ort

Seo léargas daonna is cruinn ar an eipidéim andúile is measa riamh sna Stáit Aontaithe

Cuirfidh Dopesick idir alltacht agus drochmhianach ort

Sí an ghéarchéim ópóideach an eipidéim andúile is measa riamh sna Stáit Aontaithe. Cé go bhfuil ábhar ópóideach cosúil le hearóin timpeall leis na cianta, thosaigh rudaí ag dul in olcas go mór i ndeireadh na nóchaidí nuair a tháinig an pianmhúchán OxyContin ar an margadh. Cad é buaileam sciath ag comhlacht a dhéanta, Perdue, is iad ag maíomh gur de réir a chéile a scaoileadh an druga isteach sa cholainn agus nach bhféadfaí éirí gafa leis dá réir.

Cur i gcéill, cúbláil agus uisce fé thalamh; saint chomhlacht cógaisíochta ag déanamh slad ar phobail bhochta Mheiriceá. Meastar anois gur bhásaigh breis is 500,000 Meiriceánach ó thús na mílaoise de bharr na ródháileoige ópóidí, go bhfuil an tsúil ribe curtha ar na milliúin eile agus meastar go mbeidh costas de bhreis agus trilliún dollar ag baint leis an ngéarchéim.

Déanann Dopesick (Disney+) iarracht chumasach, phointeáilte léargas a thabhairt ar an scannal truamhéalach, tubaisteach seo. Tá trí shnáithe ag baint leis an saothar. Is dochtúir geanúil é Samuel Finnix (Michael Keaton) a bhíonn ag tindeáil go díograiseach ar a phobal tuaithe in Appalachia. Is trína shúile siúd agus a chuid othar a chítear an díobháil a dhéanann an druga do dhaoine agus don phobal. Seo dúthaigh na mianadóireachta guail agus gortuithe tromchúiseacha ag baint do dhaoine dá réir. Cuirtear an dallamullóg ar Samuel agus slogann sé briathra milse mórchúiseacha Perdue agus a gcuid díoltóirí deisbhéalacha, sleamhna.

Siad Rick Mountcastle (Peter Sarsgaard) agus Randy Ramseyer (John Hoogenakker) an bheirt ionchúisitheoirí a théann sa tóir ar Perdue sa deireadh. Cíorann siad siúd an chúbláil agus an chamastaíl ar fad. An ghoimh orthusan agus orainne nuair a chloisimid go bhfuil an t-oifigeach de chuid an FDA [an tÚdarás Bia agus Drugaí] a dhein an druga a fhaomhadh imithe ag obair ar phá mór don chomhlacht.

Siad muintir Sackler úinéirí Perdue, teaghlach a dhein a gcóta bán blianta roimhe sin nuair a deineadh Valium a bhrú ar an bpobal. Sé OxyContin peata Richard (Michael Stuhlbarg) agus ar ais nó ar éigean beidh rath ar an druga seo. Léirítear gur ar cheantair na mianadóireachta guail in Appalachia agus na lománaíochta in Maine a díríodh ar dtús mar gur ansin a bhí na daoine bochta a raibh gortuithe pianmhara ag cur as dóibh.

Is suaite agus is cumhachtach an léiriú a dhéantar ar na pobail seo agus iad ag broc leis an saol agus an druga marfach seo. Cuirfidh saint an chomhlachta cógaisíochta an t-olc ort. Mar gheall ar na trí shnáithe agus an tréimhse ama atá i gceist bítear ag léimt siar is aniar de shíor. Cé gur dócha go bhfuil gá leis seo ar uairibh téitear thar fóir leis agus cuirtear an scéal dá bhuille.

Saothar foirne atá anseo agus aisteoireacht bhreá ón bhfoireann ar fad. Is breá liom féin Sarsgaard i gcónaí agus tugann Kaitlyn Dever taispeántas breá mar bhean óg a éiríonn gafa leis an druga. Tá Keaton thar barr agus oireann a chur chuige caolchúiseach don ról díreach mar a d’oir sé dá róil in Spotlight (2015) agus What is Life Worth (2020).

Léargas daonna is cruinn ar an eipidéim andúile is measa riamh sna Stáit Aontaithe.

Fág freagra ar 'Cuirfidh Dopesick idir alltacht agus drochmhianach ort'