Cuirfidh ‘Cumhacht an Nádúir’ ar TG4 fonn spaisteoireachta agus caomhnaithe ort

An dtabharfaidh an t-athrú saoil athrú meoin ó thaobh chaomhnú na timpeallachta ar an bport? Sin an cheist a bhí á ríomh ar chlár nua ar TG4

Cuirfidh ‘Cumhacht an Nádúir’ ar TG4 fonn spaisteoireachta agus caomhnaithe ort

Faoin tráth seo táimid ar fad bailithe amach is amach de dhianghlasálacha. Táimid dorcha ó bheith istigh. Níl bóthar ná bóithrín sa cheantar máguaird nach bhfuil siúlta againn agus níl cúinne ná cúlráid nach bhfuil póirseálta amach againn. Ní dearfach folaithe de chuid na ndianghlasálacha ná go bhfuil dáimh cothaithe in mórán againn leis an dtimpeallacht. Deis bheag faighte againn éalú ó fhuadar is fothragadh an tsaoil le héisteacht le ceol na n-éan agus féachaint ar dhul faoi na gréine. Ag an am céanna tá an duine daonna cúlaithe ábhar ó áiteanna cosúil le Páirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin, rud a thugann deis d’ainmhithe dul i gceann an tsaoil.

Seo cuid de na téamaí a chíorann Darach Ó Murchú sa tsraith dhá chlár Cumhacht an Nádúir (TG4, Dé Céadaoin). Oideachasóir agus treoraí dúlra é Darach atá buailte fé i gCorca Dhuibhne agus tá sé ag súil go spreagfaidh an t-athrú saoil seo athrú meoin fadtéarmach ó thaobh chaomhnú na timpeallachta.

Láithreoir caithiseach, eolgaiseach é Darach agus ba léir a phaisean don timpeallacht i ngála na hoíche aréir. I mír shuimiúil amháin mhínigh sé dúinn gur tháinig athrú meoin air féin blianta ó shin. Chaith sé a chaipín lena phost in earnáil na teicneolaíochta agus thréig sé a chairt ghalánta, na giuirléidí teicneolaíochta agus saol sócúil na cathrach le tabhairt faoi shaol níos simplí agus níos inbhuanaithe. Ní raibh sé, agus níl sé fuirist, ach maíonn sé go bhfuil sé níos sásta ann féin.

Darach Ó Murchú

Agus cead faoi leith faighte aige dul ar chamchuairt tugann sé ar thuras timpeall na tíre sin ó Ghairdíní Chaisleán na Blarnan go Garraithe Náisiúnta na Lus agus as sin go Leithinis Inis Eoghain. Caint á cur aige ar mhórán fan na slí. Ar an drochuair níor labhair ach seisear as Gaeilge agus gan an oiread sin ama ar scáileán ag a bhformhór. Bhaineas súp as tuiscintí John Bhaba Jeaic Ó Conghaile agus é ag cur béime ar thábhacht oideachas an aosa óig maidir le meas don timpeallacht.

Caomhnú na timpeallachta príomhthéama na sraithe, gan aon agó. Pádraic Fogarty ó Iontaobhas Fiadhúlra ag maíomh gur dífhoraoisiú agus mí-úsáid ainmhithe a ghin an víreas corónach an chéad lá. Tráchtadh ar dhrochstaid an chrotaigh agus seanghabhair na hÉireann. Tráth dá raibh bhíodh tuairim is 250,000 de na gabhair ar leith seo ag fánaíocht ar fud Éireann; anois níl ach tarrac ar thríocha péire fanta agus iad ar fad ar chnoic na Mala Raithní. Killian McLauglin ag trácht go loighciúil ar thábhacht na mac tíre do chothromaíocht an nádúir. Níl a fhios agam cén ghlacadh a bheadh ag daoine lena mholadh go gcuirfí pasáistí fiántais ar bun le go bhféadfadh na mic tíre dul ag fánaíocht ó Pháirc Náisiúnta Ghleann Bheatha go Páirc Náisiúnta Chill Airne.

I dtreo dheireadh an chláir meabhraíodh dúinn go bhfuil drochbhail ar 90% de ghnáthóga na tíre seo atá faoi chosaint, go bhfuil 120 planda faoi bhagairt agus gur ábhar buartha iad dhá thrian dár speicis éan.

Clár a chuirfeadh fonn spaisteoireachta agus fonn caomhnaithe ort. Ní beag san.

Fág freagra ar 'Cuirfidh ‘Cumhacht an Nádúir’ ar TG4 fonn spaisteoireachta agus caomhnaithe ort'