Cuirfidh an scannán seo sna trithí thú ach cuirfidh sé déistin ort chomh maith…

Ceacht staire mar aon le foláireamh faoin lá inniu atá in BlacKkKlansman, an saothar is déanaí ó Spike Lee

Cuirfidh an scannán seo sna trithí thú ach cuirfidh sé déistin ort chomh maith…

BlacKkKlansman

Stiúrthóir/Comhscríbhneoir: Spike Lee

Cliar: John David Washington, Adam Driver, Topher Grace, Laura Harrier, Alex Baldwin, Harry Belafonte, Jasper Pääkkönen

Ceardaí coráistiúil é Spike Lee atá go hiomlán teann as féin. Is minic cúrsaí cine idir chamáin aige ina chuid scannán agus is sárshaothair faoi leith iad Do the Right Thing (1989), Malcolm X (1992) agus 4 Little Girls (1997). Dar liom nach bhfuil a shárú ann le tabhairt faoi scéal Ron Stallworth (Washington), an chéad Afrai-Mheiriceánach a chuaigh sna póilíní in Colarado Springs agus ar éirigh leis ballraíocht a bhaint amach sa Ku Klux Klan i ndeireadh na seachtóidí.

‘Dis joint is based upon some fo’ real, fo’ real shit,’ a deir an téacs ar scáileán linn ag tús an scannáin agus bhí géarghá é sin a mheabhrú dúinn óir go bhfuil áiféis an diabhail ag baint le cuid de na heachtraí a bhain do Ron agus a chomhghuaillithe. An bua is mó atá ag an scannán seo, dá réir, ná go gcinntíonn sé go bhfuil an greann in ann seasamh le hais an ábhair shollúnta. Déantar seó bóthair ceart do bhaill an KKK agus bíonn tú fuar marbh ag gáirí chucu. Ag an am céanna, áfach, cuirtear abhaile ort i rith an ama gur síceapataigh chiníocha, dhainséaracha iad. Bítear ag steallmhagadh faoi David Duke (Grace) ó thús deireadh agus léirítear é mar an liúdramán is dúire a sheas riamh i mbróg ach arís eile ach is léir dúinn gur ciníochaí go smior é.

Baineann Lee súp as comparáidí a rianú idir eachtraí an scannán agus Meiriceá an lae inniu. Ráitis cosúil le ‘America First’ ag baint macalla nach beag as rosc catha an Trumpaigh agus Ron ag maíomh go saonta nach dtoghfaí duine cosúil le Duke in uachtarán ar Mheiriceá go brách; cad é gáire againn faoin gceann sin.

Leis an dlaoi mhullaigh a chur ar chúrsaí soláthraítear físeán d’fhear na gruaige oráiste agus é ag iarraidh an plána mín a chur ar uafáis Charlottesville in 2017, mar ar maraíodh bean óg nuair a thiomáin forchiníoch geal isteach inti. Lena chois sin baineann Lee úsáid chliste, aorúil as míreanna de Gone With the Wind (1939) agus an scannán ciníoch The Birth of a Nation (1915), táirge a raibh an-rath air ag an am.

Ní nach ionadh ní fhéadfadh Ron é féin freastal ar imeachtaí ann KKK ná bualadh le baill na heagraíochta agus b’éigean dó duine dá chomhghleacaithe, Flip Zimmerman (Driver) a earcú don chúram seo. Tugann Washington, mac Denzel,  agus Driver taispeántais chaolchúiseacha uathu agus tá splanc breá eatarthu. Tugann Baldwin taispeántas breá uaidh mar forchiníoch geal a bhíonn ag rámhaillí is é ag iarraidh fógra seirbhíse poiblí a chur de. Bhíos an-tógtha chomh maith le Belafonte agus an cur síos mothúchánach a dhéanann sé ar mharú brúidiúil, ciníoch a tharla in Waco, Texas in 1915

Cuirfidh an scannán seo sna trithí tú ach cuirfidh sé déistin ort chomh maith. Ceacht staire atá ann mar aon le foláireamh don lá inniu.

 

Fág freagra ar 'Cuirfidh an scannán seo sna trithí thú ach cuirfidh sé déistin ort chomh maith…'