Cuirfear os cionn milliún turcaí ar an bpláta in Éirinn an Nollaig seo…

500 bliain ó shin a tugadh na turcaithe go Sasana den chéad uair, fear as Yorkshire, William Strickland, a fuair sé cinn acu ó bhundúchasaigh Mheiriceá

Cuirfear os cionn milliún turcaí ar an bpláta in Éirinn an Nollaig seo…

Nach beag a cheapfadh go bhféadfadh an turcaí a bheifeá a réiteach le cur san oigheann an Nollaig seo dochar a dhéanamh do do shláinte? Tharlódh sé a deir an dream a thugann Safefood orthu féin.

Níor cheart, a deir siad, an turcaí a níochán roimh ré. Is minic a scaipeann sé sin frídíní nimhiúla ar an mbord agus ar chineál bia ar bith eile a bheifí a ullmhú ag an am céanna.

Tá drochrud eile ann a dhéanann 47% de na cócairí agus is é sin an turcaí a chur san oigheann agus an búiste ann i gcónaí. Is é an toradh a bhíonn air sin páirteanna den éan gan a bheith bruite ceart ar chor ar bith sa deireadh

Níor chóir ach an oiread an méid den turcaí nach n-itear ar dhinnéar na Nollag a fhágáil as an gcuisneoir.

An té a bheadh ag ithe cuid den turcaí ceithre lá nó níos mó tar éis Lá Nollag níor chóir go mbeadh iontas ar bith ar an duine sin dá dtosódh a bholg ag casaoid. Go deimhin d’fhéadfadh nimhiú bia a theacht as.

Cuirfear os cionn milliún turcaí ar an bpláta in Éirinn an Nollaig seo. Beidh an ceathrú cuid de na cócairí nár réitigh ceann acu riamh cheana. Beidh neart eile a mbeidh an-drogall orthu a dhul ina bhun ar fhaitíos nach n-éireodh leo an beart a dhéanamh go sásúil.

Mná is mó ar fad a bheas i gceist mar nach mórán fonn a bhíonn ar na fir bualadh faoi.

Cén chaoi a mbeadh a fhios agat go bhfuil an turcaí bruite i gceart? Ná bíodh dath bándearg ar chuid ar bith de, bíodh an súlach ag sileadh go breá as agus bíodh sé ar fad deas te.

An fuílleach a bheas fágtha tar éis an dinnéir ba chóir é a chur sa gcuisneoir taobh istigh de dhá uair an chloig. Níor mhór é a ithe taobh istigh de thrí lá.

Ar chraiceann do chluaise ná bíodh sé de chathú ort an fuílleach turcaí a théamh ach aon uair amháin.

Chuirfeadh sé iontas ort nach gé seachas turcaí a bhíonn ag níos mó daoine faoin Nollaig. Sin mar a bhíodh fadó ach níl an scéal amhlaidh inniu.

Nuair a ceistíodh daoine sa mBreatain frítheadh amach gur cheap 87% acu nach Nollaig ar bith a bheadh inti mura gcuirfí an turcaí ar an mbord Lá Nollag.

500 bliain ó shin a tugadh na turcaithe go Sasana den chéad uair; Fear as Yorkshire, William Strickland, a fuair sé cinn acu ó bhundúchasaigh Mheiriceá.

Ar ndóigh bhí scil mhór acu siúd sa turcaí. Tabhair faoi deara an chaoi a mbíonn an turcaí ag na Meiriceánaigh ar an mbord i gcónaí Lá an Altaithe i gcuimhne ar an gcaoi ar chuidigh na bundúchasaigh leis na chéad áitritheoirí bána.

Sular thug Strickland na turcaithe trasna an Atlantaigh b’iondúil gur gé, cloigeann muice nó fiú amháin péacóg a bhíodh ag na daoine uaisle ar a ndinnéar Lá Nollag.

Ba é Anraí V111 an chéad rí Sasanach a d’ith feoil turcaí agus ba é an Rí Éadbhard VII a tharraing aird ar an gcineál sin feola le haghaidh dhinnéar na Nollag.

Bhí an-tóir ag an mBanríon Eilís 1 ar fheoil gé. D’ordaigh sí don phobal gé rósta a bheith acu ar dhinnéar na Nollag i gcónaí. Ag ithe feoil ghé a bhí sí nuair a tháinig an scéala chuici go raibh Armáid na Spáinne curtha ar gcúl.

Thóg sé blianta fada ar na gnáthdhaoine i Sasana a theacht isteach ar an bhfeoil turcaí. Go deimhin d’fhéadfá a rá nár tharla sé i gceart go dtí timpeall trí scór bliain ó shin. Ní raibh na cuisneoirí coitianta go dtí sin ach an oiread ar ndóigh.

Go ndéana dinnéar na Nollag maith agus sláinte daoibh ar fad ach bígí thar a bheith cúramach á réiteach.

Fág freagra ar 'Cuirfear os cionn milliún turcaí ar an bpláta in Éirinn an Nollaig seo…'