Cuirfear obair mhaith an fhómhair ó mhaith má chailleann Éire 

Ní thabharfaidh an Bhreatain Bheag cluiche bog d’Éirinn i mBaile Átha Cliath tráthnóna ach ba cheart go mbeadh foireann Andy Farrell róláidir dá gcéilí comhraic

Cuirfear obair mhaith an fhómhair ó mhaith má chailleann Éire 

Garry Ringrose. Pictiúr: INPHO/Ben Brady

Ní haon iontas go bhfuil lucht leanta rugbaí na tíre seo ag súil le tús Chraobh na Sé Náisiún na bliana seo. Fágann sár-imirt na hÉireann i gcluichí an fhómhair, tráth a bhfuair muid an ceann is fearr ar an tSeapáin, an Airgintín, agus níos tábhachtaí fós, na hAll Blacks, go gcreideann go leor gur féidir le foireann Andy Farrell éacht a dhéanamh sna chúig bhabhta de Chraobh na Sé Náisiún.

Feicfidh muid linn.

Más linn é sin a dhéanamh, caithfidh foireann na hÉireann an ceann is fearr a fháil ar dtús ar an mBreatain Bheag, dream a bhuaigh 21-16 orainn sa gcéad bhabhta i gCaerdydd anuraidh. Is iad na Breatnaigh, curaidh chraobh 2021, atá ag taisteal don chéad chluiche i mbliana agus iad ag iarraidh a ngradam a chosaint i Staid Aviva. 

Is iad na hÉireannaigh rogha na ngeallghlacadóirí sa choimhlint seo. Is acu atá buntáiste an bhaile agus tá a chuid imreoirí sinsearacha uile ar fáil ag Farrell – Sexton, Ryan agus Furlong ina measc. Ní ionann an cás ag Wayne Pivac agus na Breatnaigh, foireann a bhfuil líon mór imreoirí den scoth in easnamh uirthi – Alun Wyn Jones, Tiputic, Navidi, Ken Ownes agus tuilleadh. Ní hamháin sin ach chaill na Breatnaigh go dona i gcoinne na nAll Blacks agus na hAfraice Theas i gcluichí an fhómhair.

Níl bealach ar bith gur féidir aon chomparáid a dhéanamh idir an fhoireann seo ón mBreatain Bheag agus an ceann a bhuaigh an comórtas anuraidh. Go deimhin tá go leor, mé féin ina measc, a chuirfeadh an argóint chéanna chun cinn i leith fhoireann na hÉireann bunaithe ar an méid atá feicthe againn le roinnt míonna anuas. Níl comparáid idir cur chuige na foirne seo atá faoi stiúir Sexton agus an ceann a chuaigh chun páirce an t-am seo anuraidh. Ag an am céanna, níl a leithéid de rud ann agus foireann lag ná bog ón mBreatain Bheag. Cuimhnigh gur bhuaigh siad dhá ‘Grand Slam’ déag go dtí seo. Níor éirigh linne ach greim a fháil ar thrí cinn acu sin.

Fós féin, creidim go mbeidh paca na hÉireann róláidir don ochtar tosaithe atá ag taisteal ón mBreatain Bheag, sa líne chúil go háirithe, agus ar phár ar aon chaoi, tá i bhfad níos mó taithí agus go deimhin tallainne i measc ár gcuid cúlaithe freisin. Is cinnte go mbeidh go leor ag brath ar imirt Johnny Sexton. Nach minic an ráiteas sin déanta agam! Bua d’fhoireann na hÉireann i mo thuairimse. Murar féidir linn an lá a thabhairt linn agus muid i Staid Aviva, ní fiú a bheith ag caint ar chomh maith agus a d’éirigh linn i gcluichí an fhómhair.

Tráthnóna inniu beidh na Sasanaigh i Murrayfield agus iad i gcoinne na hAlban. Cuimhnigh gur bhuaigh Albain ar Shasana i Twickenham (11-6) anuraidh, toradh a chuireann leis an mbrú atá ar na cuairteoirí atá buailte go dona ag imreoirí atá gortaithe faoi láthair, captaen na foirne Eoin Farrell ina measc. Tá deis iontach ag Albain inniu, beidh an toradh seo suimiúil.

Amárach, beidh na Francaigh, rogha na coitiantachta do chomórtas na bliana seo, ag cur chun páirce i bPáras i gcoinne na nIodálach. Níl fiú mórán a rá faoi seo, seachas bua éasca a thuar d’fhoireann an bhaile, na Francaigh

Fág freagra ar 'Cuirfear obair mhaith an fhómhair ó mhaith má chailleann Éire '