Cuirfear dianphromhadh i Stormont ar an Taoiseach

Beidh Micheál Martin ag súil le tús dearfach a chur lena chaidreamh le lucht Stormont nuair a thabharfaidh sé a chéad chuairt mar Thaoiseach ar an bhfeidhmeannas

Cuirfear dianphromhadh i Stormont ar an Taoiseach

An uair dheiridh a raibh Taoiseach ar cuairt ag Stormont b’éigean dó fanacht ar an gcúlráid. Bhí sciuird á tabhairt ag Príomh-Aire na Breataine, Boris Johnson ar an Halla Mór chun cúpla focal a rá go neamhfhoirmeálta faoi athbhunú an Tionóil agus an Fheidhmeannais.

Níor léir aon ról a bheith ceadaithe do chomh-urra Chomhaontú Aoine an Chéasta an lá sin.

Teachtaireacht do Leo Varadkar nár bhain gnóthaí inmheánacha Thuaisceart Éireann leis ná le Simon Coveney a bhí lárnach sna cainteanna faoi fhuascailt na sáinne?

Beidh an Taoiseach, Micheál Martin, ag súil le tús níos dearfaí a chur lena chaidreamh le Stormont nuair a bhuailfidh sé le ceannairí ansin amárach. Casfar an Chéad agus an LeasChéad-Aire Arlene Foster agus Michelle O’Neill air in éindí.

Níor facthas an bheirt bhan le chéile ó bhris conspóid amach nuair a d’fhreastail an LeasChéad-Aire ar shochraid an phoblachtánaigh Bobby Storey, ag sárú treoracha sláinte phoiblí a leag sí féin síos. Dúirt an Taoiseach nua in agallamh teilifíse gur thuig sé go raibh fearg ar dhaoine ach go raibh sé tábhachtach nach ligfí don aighneas an bonn a bhaint de roinnt na cumhachta.

An cur chuige i leith Covid-19 ar dhá thaobh na teorann an cheist is tábhachtaí ar a chlár oibre leis na Chéad-Airí agus páirtithe eile an Fheidhmeannais. Ó tá saoirse taistil idir an tuaisceart agus an deisceart ba mhaith leis an Taoiseach na srianta ar aerthaisteal ar dhá thaobh na teorann a chomhordú chun a chinntiú nach dtabharfar an aicíd Covid-19 isteach ó thíortha ina bhfuil an víreas forleathan. Cé gur minic teannas idir é féin agus Sinn Féin is mó seans go n-aontódh Michelle O’Neill ná Arlene Foster leis faoin aerthaisteal ó dúirt an Chéad-Aire go raibh áthas uirthi sampla Shasana a leanúint ina leith.

Dúirt Martin go bhfuil súil aige aithne níos fearr a chur ar an mbeirt cheannairí agus caidreamh bisiúil a chothú. Teastaíonn uaidh na gnéithe thuaidh theas de Chomhaontú Aoine an Chéasta a fheidhmiú go tairbheach agus geallúintí rialtas na hÉireann i margadh athnuachana Stormont, New Decade, New Approach [ar a dtugtar NDNA na laethanta seo] a chomhlíonadh. Cuirfear suim mhór i ndearcadh an DUP ar fhorbairt de chineál ar bith ar na comhairlí aireachta thuaidh-theas mar, go dtí seo, theastaigh uathu a laghad feidhme agus ab fhéidir a bhaint astu.

Tá béim mhór á leagan ag an Taoiseach Martin ar an ngné thoir-thiar, an chomhairle don Bhreatain Mhór agus d’Éirinn i gComhaontú Aoine an Chéasta. Is í an chomhpháirtíocht idir an dá rialtas an mianach a nascann gach rud agus a dhearbhaíonn próiseas síochána agus polaitíochta an Tuaiscirt, dar leis. Beidh tábhacht thar na bearta leis an bpáirtnéireacht sin i ndiaidh an Bhreatimeachta a dúirt sé.

Is léir gur údar buartha don Taoiseach agus don chomhrialtas nua é cén sórt Breatimeachta a bheidh ann ag deireadh na bliana seo, go háirithe má imíonn an Ríocht Aontaithe as an Aontas Eorpach gan aon mhargadh.

I bhfianaise na deighilte in Stormont faoin mBreatimeacht, nár bhreá a bheith ag cúléisteacht le comhráite an Taoisigh leis na ceannairí. Bhí tromlach mór ag iarraidh fanacht san Aontas Eorpach agus teastaíonn an scaradh is boige is féidir a shamhlú uathu ach tá baill an DUP míchompordach i ngeall ar chomh cíocrach chun Breatimeachta is a bhí siad nuair a bhí svae acu in Westminster ach an chluas bhodhar á tabhairt dóibh anois. Tá práinn le leagan amach aontaithe chun dochar a cheansú ach ní ribín réidh é sin.

Glacann gach éinne leis go n-athraíonn an Breatimeacht gach rud. Admhaíonn Micheál Martin gur tharraing sé go leor cainte faoi reifreann maidir leis an teorainn ach níl sé i bhfabhar reifrinn sa ngearrthéarma. Ní hiad na hathruithe ar an oileán seo amháin a d’fhéadfadh tionchar a imirt dar leis – cá bhfios cén éifeacht a bheidh ag fás an náisiúnachais i Sasana. Sé a fhreagra, má thuigim i gceart é, an t-aonad speisialta i roinn an Taoisigh. Déanfaidh an t-aonad sin taighde agus anailís féachaint cé na bealaí éagsúla ar féidir an t-oileán seo a chomhroinnt, go síochánta agus go rathúil.

Ar éigean a gheobhaidh mórán in Stormont locht air sin mar aisling ach ceisteofar é faoi shocruithe praiticiúla. Caolseans go gcuirfidh sé an chluain ar dhaoine atá ag éileamh go dtosófaí ag ullmhú do reifreann láithreach; tá sé cáinte ag Sinn Féin cheana féin.

Ní chuirfidh sé an chluain ar aontachtaithe ach an oiread.

Dúirt Arlene Foster áfach nach mbeadh drogall ar bith uirthi freastal ar ócáid chun buanna an aontachtachais agus na Ríochta Aontaithe a chraobhscaoileadh.

Lasmuigh de Stormont táthar ag fiafraí an mbeidh ról ag tuaisceartaigh san aonad nua faoin todhchaí.

Is léir go dtuigeann an Taoiseach go bhfuil guagacht ar leith abhus i ngeall ar an mBreatimeacht ach n’fheadar an sásóidh sé mórán le hobair theoirice.

Tá go leor ag éileamh tacaíochta ón bPoblacht sa ngábh atá ag bagairt.

Níl sé soiléir cé na difríochtaí a bheas idir cur chuige an chomhrialtais nua agus rialtas Leo Varadkar, go háirithe nuair is é an tAire Gnóthaí Eachtracha céanna, Simon Coveney a bheidh ann i gcónaí.

Le linn na cuairte, beidh daoine ag iarraidh aon difríocht atá eatarthu a oibriú amach, fiú mura bhfuil i gceist ach tuin chaolchúiseach.

Tá Micheál Martin tagtha i gcumhacht ag am corrach, cinniúnach fiú. Murar leor paindéim a scrios sláinte agus eacnamaíocht agus an córas polaitíochta abhus a chaithfidh feabhsú go haibéil má táthar chun muinín ann a chothú, tá an Breatimeacht ag baint croitheadh as an bpolaitíocht, as an ngeilleagar agus as féiniúlacht agus dílseachtaí idir shean agus nua. Cuirfear dianphromhadh ar an Taoiseach úr.

Fág freagra ar 'Cuirfear dianphromhadh i Stormont ar an Taoiseach'