‘Cuireann sé leis an mbriseadh croí’ – diúltaithe d’achomharc i gcoinne cinneadh faoi ráiteas Gaeilge ar leac chuimhneacháin

Tá cead diúltaithe ag breitheamh in Coventry Sasana d’achomharc atá déanta ag teaghlach i gcoinne cinneadh a rinneadh diúltú d’achainí go gcuirfí ráiteas i nGaeilge amháin ar leac chuimhneacháin

‘Cuireann sé leis an mbriseadh croí’ – diúltaithe d’achomharc i gcoinne cinneadh faoi ráiteas Gaeilge ar leac chuimhneacháin

Tá cead diúltaithe ag breitheamh in Coventry Sasana d’achomharc atá déanta ag teaghlach i gcoinne cinneadh a rinne an breitheamh céanna diúltú d’achainí go gcuirfí ráiteas i nGaeilge amháin ar leac chuimhneacháin.

Tá sé i gceist anois ag an chlann a rinne an t-achomharc dul chuig cúirt eaglasta níos sinsearaí.

An Breitheamh Stephen Eyre, Seansailéir Dheoise Coventry Shasana, a dhiúltaigh don achomharc a rinneadh in aghaidh cinneadh a rinne sé féin gan cead a thabhairt do theaghlach an ráiteas ‘inár gcroíthe go deo’ a chur i nGaeilge amháin ar leac chuimhneacháin Margaret Keane, arbh as Éirinn ó dhúchas di.

Dheimhnigh muintir Keane le Tuairisc.ie go raibh tús curtha acu leis an phróiseas chun achomharc nua a dhéanamh chuig Cúirt Phroibhinseach an Ardeaspaig i gcoinne an chinnidh is déanaí.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt Bernadette Keane gur chuir cinneadh an Bhreitheamh Eyre diúltú dá n-achomharc “leis an bhriseadh croí a bhain le bás a máthar”.

“Cuireann an cinneadh is déanaí seo fad eile lenár mbriseadh croí agus cuireann sé sraith bhreise mhaorlathais le próiseas atá an-phianmhar.

“Tá an-díomá orainn nár tugadh cead don achomharc dul ar aghaidh.”

Dúirt Bernadette Keane go raibh sé “an-deacair tuiscint a fháil” ar sheasamh an Bhreithimh sa chás seo i bhfianaise an oiread tacaíochta atá faighte acu ó Eaglais Shasana féin, ó Easpag Coventry agus ón phobal i gcoitinne.

Chuir an Breitheamh Eyre in iúl an tseachtain seo caite go raibh sé ag seasamh lena chinneadh diúltú don ráiteas i nGaeilge amháin a bheith ar leac uaighe Margaret Keane agus dhiúltaigh sé cead a thabhairt d’achomharc an teaghlaigh.

Ba í an bhreith a thug Eyre in aghaidh an iarratais ar son an ráitis i nGaeilge amháin ná go bhféadfaí a cheapadh gur ‘mana polaitiúil’ a bheadh ann mura mbeadh aistriúchán Béarla taobh leis ar an leac.

Chuir Eaglais Shasana ráiteas amach ina dhiaidh sin faoin chinneadh conspóideach a rinneadh sa chúirt eaglasta i nDeoise Coventry maidir leis an Ghaeilge agus moladh do mhuintir Keane go bhféadfaidís achomharc a dhéanamh i gcúirt níos sinsearaí de chuid na heaglaise.

Dúradh i ráiteas na hEaglaise “gur cuid thábhachtach í an Ghaeilge d’oidhreacht Eaglais Shasana” agus go bhféadfaí achomharc a dhéanamh maidir leis an chinneadh i gcúirt eaglasta níos sinsearaí, Cúirt Phroibhinseach an Ardeaspaig, sa chás seo Cúirt Arches Canterbury.

Mar chuid den phróiseas achomhairc áfach, iarradh ar an teaghlach cead a lorg ón bhreitheamh áitiúil, an Breitheamh Eyre, chun an cás a thabhairt os comhair na cúirte eaglasta níos sinsearaí.

I ráiteas a chuir Easpag Coventry, Christopher Cocksworth, amach dúirt sé gur “cúis mhór bhróin” dó é nuair a dhéantar daoine “a ghortú nó a mhaslú” agus go raibh sé ag guí go dtiocfaí ar réiteach sásúil ar an scéal do mhuintir Keane a fágadh “an-chorraithe” de bharr na breithe.

Tá fondúireacht Margaret Keane agus feachtas Gofundme curtha ar bun ag muintir Keane chun tacú le club áitiúil CLG agus leis an chomhionannais a chur chun cinn in Coventry.

Fág freagra ar '‘Cuireann sé leis an mbriseadh croí’ – diúltaithe d’achomharc i gcoinne cinneadh faoi ráiteas Gaeilge ar leac chuimhneacháin'