Cuireann foréigean agus dearcadh gnéasaíoch bac ar chothromaíocht inscne

Caithfear dul chun cinn mór a dhéanamh sara mbeifear fiú ag teannadh le cothromaíocht inscne i saol na polaitíochta in Éirinn

Cuireann foréigean agus dearcadh gnéasaíoch bac ar chothromaíocht inscne

Toghadh 36 bean mar Theachtaí Dála san olltoghchán deireanach. Is líonmhaire ná riamh na mná sa Dáil ach níl na figiúirí an scéal iomlán.

In 2020, níor toghadh ach bean amháin níos mó ná mar a bhí sa Dáil roimhe sin agus tá céatadán na mban sa Dáil faoi láthair (22.5%) i bhfad chun deiridh ar an meán Eorpach.

Is i Ruanda (61.3%) atá an céatadán is airde ar domhan i dteach íochtarach na parlaiminte ó thaobh líon na mban sa pharlaimint agus tá Cúba (53.2%) sa dara háit, de réir chuntas an Aontais Idir-Pharlaiminteach (IPU) ar bhan-ionadaíocht ar fud an domhain.

I measc na dtíortha Eorpacha atá chun cinn ar Dháil Éireann ó thaobh ionadaíocht na mban de tá an Ghearmáin (30.9%), an Ísiltír (31.3%), an Ríocht Aontaithe (32.0%), an Iodáil (35.7%) an Fhrainc (39.7%) agus an tSualainn (47.3%).

Is léir ó na figiúirí thuas an dul chun cinn a theastaíonn sara mbeifear fiú ag teannadh le cothromaíocht inscne abhus. 

Cuireadh iachall de réir dlí ar na páirtithe polaitíochta in olltoghchán 2020 30% dá n-ainmniúcháin Dála a thabhairt do bhan-iarrthóirí (chun a bheith i dteideal maoiniú stáit).

Beidh íos-teorainn reachtúil 40% i bhfeidhm ag an gcéad olltoghchán eile,  ach níl aon chinnteacht ann go dtoghfar breis ban toisc breis ban a bheith ainmnithe mar iarrthóirí.

D’fhoilsigh Comhairle Náisiúnta na mBan cáipéis Déardaoin inar mhol siad beartais chun aghaidh a thabhairt ar fhadhb agus ar éagóir a chuireann as do mhná atá páirteach nó ar mian leo a bheith páirteach sa saol polaitiúil.

Cuireann foréigean agus dearcadh gnéasaíoch bac ar chothromaíocht inscne, a deir údair na cáipéise, Claire McGing agus Valesca Lima. Níl banpholaiteoir ná duine ar bith sa tír a ta shéanfadh a bhfuil á rá ag an mbeirt ach éisteacht leo.

Is ar an gcóras dlí atá an bundhualgas déileáil leis an bhfadhb, ach is ar pháirtithe polaitiúla a dhírítear cáipéis na Comhairle a dtugtar ‘uirlis’ haghaidh chun feabhas a chur ar pholasaithe na bpáirtithe maidir leis na meáin shóisialta.

Tá cur síos cuimsitheach sa cháipéis ar an mbagairt ar mhná atá ag dul i dtreise ó thosaigh ré na meán sóisialta: mí-úsáid agus drochíde ar líne, bagairt, ciapadh gnéasach, stalcaireacht, imeaglú, caidreamh nó iarracht ar chaidrimh nach dteastaíonn agus ionsaithe.

Tagraítear sa cháipéis don taighde a léiríonn tionchar as cuimse na héagóra ar mhná. Mar shampla, in 2020, dúirt taighdeoirí ó aonad iriseoireachta agus cumarsáide Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (nó ‘Ollscoil na Gaillimhe’ mar a thabharfar uirthi go luath) go ndúirt 96% de na ban-pholaiteoirí a labhair gur cuireadh teachtaireachtaí fuatha nó bagracha chucu. Dúirt 40% gur bagraíodh ionsaí gnéasach orthu.

Bunaíodh na beartais atá Comhairle na mBan a mholadh do na páirtithe a chur i bhfeidhm ar na freagraí a thug siad ar cheistneoir ó McGing agus Lima. Ní raibh teacht acu ar na freagraí de réir páirtí a thug Fianna Fáil, Fine Gael, Sinn Féin, an Comhaontas Glas, an Lucht Oibre, na Daonlathaigh Shóisialta agus Dlúthpháirtíocht-Pobal Roimh Bhrabach, ach is tábhachtaí an scéal ginearálta atá sna freagraí sin,

Ní tearc na bearnaí i gcur chuige na bpáirtithe go léir maidir leis na meáin shóisialta, mar a léiríonn na beartais a mholann McGing agus Lima dóibh a chur i bhfeidhm. Níl sna moltaí seo a leanas ach samplaí de bheartais ar fiú do gach páirtí aird a thabhairt orthu:

  • Foréigean in aghaidh na mban as saol polaitiúil a cháineadh go láidir agus go minic, in óráidí ceannairí mar shampla;
  • Cód iompair uilepháirtí a dhréachtadh agus a chur i bhfeidhm;
  • Cód a chur i bhfeidhm i ngach páirtí ina leagfaí amach caighdeán iompair agus slite chun mí-iompar a thuairisciú;
  • Daoine áirithe a bheith ainmnithe i ngach páirtí chun déileáil le tuairiscí mí-iompair
  • Treoirlínte a bheith leagtha amach, i gcomhar leis na Gardaí, maidir le tuairiscí foréigin agus faisnéis faoi na treoirlínte a chur ar fáil do gach comhalta den pháirtí agus do gach iarrthóir toghcháin;
  • Tacaíocht meabhairshláinte (comhairleoirí srl ) a bheith ar fáil i gcás foréigin pholaitiúil
  • Traenáil a chur ar fáil do bhan-iarrthóirí toghcháin maidir le cosaint ar na meáin shóisialta (tuairisciú, blocáil chuntais agus mar sin).
  • Faisnéis a lorg agus a phlé maidir le cur síos mhná na bpáirtithe ar fhoréigean.

Níl ábhar ceannlíne i gceann ar bith de na moltaí thuas. Ní leigheas iomlán iontu ar na gcontúirt ar líne nár cuireadh ina coinne go héifeachtach go dtí seo.

Tá cur síos iontu, áfach, ár riachtanas práinneach ar chóir do gach páirtí aghaidh a thabhairt air gan mhoill. Ar mhaithe le sábháilteacht na mban agus ar mhaithe leis na gcineál cothromaíochta nach mbeidh an córas polaitiúil folláin dá ceal.

Fág freagra ar 'Cuireann foréigean agus dearcadh gnéasaíoch bac ar chothromaíocht inscne'