Cuireann comhrá le strainséirí feabhas ar an gcaoi a n-oibríonn an inchinn

Daoine a bheith faoi dhraíocht ag an bhfón póca seachas caint le chéile a spreag taighde spéisiúil ár gcolúnaí

Cuireann comhrá le strainséirí feabhas ar an gcaoi a n-oibríonn an inchinn

Pictiúr: Leah Farrell/Rollingnews.ie

Ó am go chéile le roinnt blianta anuas, scríobh mé faoi dhaoine éagsúla a casadh orm le linn mo chuid siúlóidí thart sa gcathair. Nós é seo a phioc mé suas le linn mo shaoil mar iriseoir. ‘Is fánach an áit…’ mar a deir an ceann eile.

Ar na daoine a chuaigh i gcion orm bhí an bhean a casadh orm ag an gcuntar in Aldi agus muid beirt ag póirseáil thart sa chnocán snátha a bhí á dhíol ar phraghas ‘speisialta’. D’inis sí dom gur chniotáil sí na céadta caipín anuraidh do dhaoine gan dídean, agus í i mbun ghnáthobair an lae mar chúramóir baile.

Agus tamall roimhe sin, thosaigh mé ag comhrá le fear a bhí suite taobh liom (sular cuireadh bac air sin) sa Dart. B’in an chéad uair a d’úsáid sé a shaorphas taistil agus ba bheag eolas a bhí aige faoin Dart. Ansin d’inis sé dom gur cailleadh a bhean chéile tamall roimhe sin.

Cuimhním air sin go minic – an bhfuil sé fós ag taisteal ar an Dart, an bhfuil sé fós ag caint le strainséirí, an bhfuil sé fós buailte ag an uaigneas?

Ansin le gairid, léigh mé léirmheas ar an leabhar ‘The Power of Strangers: The Benefits of Connecting in a Suspicious World, le Joe Keohane. (Duine de shliocht na Keohanes as Béal an Átha b’fhéidir?) As Bostún dó, le fírinne.

Sular thosaigh an phaindéim ar chor ar bith thosaigh Joe á cheistiú féin faoin gcaoi a raibh sé éirithe as a bheith ag caint le daoine. Thug sé faoi deara gur ag brath ar an bhfón agus ar Twitter a bhí sé le haghaidh comhluadair, nuair a théadh sé isteach i mbeár, mar shampla.

Tugaim féin faoi deara na daoine ag fanacht ag an stad bus, ag taisteal ar an Dart, ina suí ar an mbus cathrach, iad uilig faoi dhraíocht ag an bhfón póca. Is minic a dúirt mé liom féin nach mbeadh aon mhaith iontu mar fhinnéithe dá dtarlódh eachtra nó timpiste ar an mbóthar. ‘Ní fhaca mise tada, a Gharda…’

Ach chuir Joe roimhe go ndéanfadh sé taighde ar an athrú mór seo ar an saol comhaimseartha – go bhfaigheadh sé amach cén fáth an raibh oiread sin drogaill ar dhaoine anois dul chun cainte le chéile agus cén tionchar a bheadh aige seo ar fad ar chúrsaí an tsaoil.

D’fhreastail sé ar léachtaí, labhair sé le lucht ollscoileanna, labhair sé le gnáthdhaoine ar an tsráid, i leabharlanna, i dtithe tábhairne, gach áit ón mBreatain go Meicsiceo.

Dúirt síceolaí as Michigan leis gur sórt ‘cleachtadh inchinne’ é an comhrá le strainséirí. Cuireann sé feabhas ar an gcaoi a n-oibríonn an inchinn, dúirt sé. ‘Tá an diabhal ar fad ar mhic léinn sa lá inniu. Téann sé rite leo labhairt le daoine nua. Toisc gur ar an bhfón nó ar an ríomhaire a dhéanann siad an chuid is mó dá gcuid cumarsáide, bíonn smacht acu ar an gcomhrá sin – ní gá dóibh freagra a thabhairt ar an toirt,’ a dúirt sé.

‘Seo é an chéad uair sa stair nár ghá do dhuine freagairt ar an toirt don té atá ‘ag caint’ leat. Mar gheall air sin, tá scileanna sóisialta an dreama óig ídithe go dona ar fad,’ arsa an síceolaí.

Bheartaigh an t-údar go ndéanfadh sé triail coicíse ar iarrachtaí cainte agus comhrá le strainséirí. Fuair sé amach go bhfuil scileanna ar leith ag baint leis. Caithfidh tú aird a thabhairt ar an saol thart ort, ar an obair atá ar siúl ag daoine, féachaint sna súile orthu, ach gan iad a scanrú!

Bhain mé féin triail as le cúpla lá anuas. Tá mo leathbhádóir go maith i mbun na hoibre seo ach bíonn sé ag brath an iomarca, b’fhéidir, ar an spórt mar ‘oscailteoir’ don chomhrá.

Anois, ní haon mhaith a bheith ag caint faoin aimsir. Is beag a fhoghlaimeoidh tú faoi éinne leis an modh sin. Caithfidh tú dul céim níos faide – ar ndóigh, is mór an chabhair é má bhíonn mada nó leanbh ag an té a mbeidh tú ag caint leo. Seo toradh mo chuid taighde:

Fuair mé amach gur mada faoi leith é an ‘Leonberger’. Tá sé socair, ciúin agus cé go bhfuil sé mór millteach, ní itheann sé an oiread sin. Maireann sé thart ar dheich mbliana má bhíonn an tsláinte aige. Ach caithfear é a thabhairt chuig ‘bearbóir na madraí,’ agus seo an rud suimiúil: beidh fanacht cúig seachtaine ort anois toisc go bhfuil na ‘groomers’ chomh cruógach sin. Agus ná labhair faoin tréidlia – scuaine fada eile ansin.

Glantar amach na leithris shoghluaiste ar an gCarraig Dhubh cúpla uair gach lá. Bíonn fear óg a mbíonn trucail bheag agus tanc mór uisce aige i mbun na hoibre sin. Tá sé thar a bheith bródúil as an obair a dhéanann sé. Ach an lá ar labhair mé leis, bhí sé in ísle brí. Ghlac mé leis go raibh salachar as an ngnáth ag goilliúint air ach níorbh ea. Nuair a d’oscail sé an doras chun é a thaispeáint dom, ba dheacair é a chreidiúint. Bhí duine éigin tar éis an ‘portaloo’ a chur trí thine agus bhí gach a raibh taobh istigh leáite go talamh.

D’éiríodh an bhean óg a bhí i mbun an chaifé áitiúil, ag a leathuair tar éis a ceathair gach maidin chun taisteal as Leamhcán go dtí an Charraig Dhubh. Nuair a bhí gach gnó eile dúnta síos, bhíodh sise i mbun oibre gach lá. D’imigh sí ar feadh cúpla lá le gairid agus nuair a tháinig sí ar ais, fuaireamar amach gur iascaire slaite í, go bhfuil a bád féin aici in iarthar na tíre agus gur gearr go mbeadh sí ag athrú amach as Baile Átha Cliath agus ag tosú ar chéim tríú leibhéil.

Bíonn an bhean as an tSín sa gcaifé eile ag díol fón póca ar a lá saor. Tá mac aici atá sna déaga ach tá a máthair ag tabhairt aire dó sa tSín, fad is atá sise ag cur airgead i dtaisce le go mbeidh sí in ann é a thabhairt go hÉirinn go gairid.

An Urdúis an teanga a bhí ag an gcustaiméir agus fear an tsiopa le chéile. As an bPacastáin duine acu agus as an Bhanglaidéis an fear eile. ‘Tuigimid a chéile san Urdúis,’ arsa fear an tsiopa. ‘Ach ní thuigfeadh seisean mise ag caint Beangáilise.’ Thug sé cuntas gairid dom ansin ar an scoilt idir an dá thír i 1971 agus ar chúrsaí teanga ansin agus san India – na céadta teanga ar fad ach an Béarla ag gach éinne mar dhara theanga. Ach ní i mBéarla a labhraíodar lena chéile. B’éigean dom deireadh tobann a chur leis an gceacht staire agus teangeolais. Bhí an scuaine taobh thiar díom san eischeadúnas ag éirí an-fhada.

‘Agus cén t-ainm atá ar an mbaby beag?’ a d’fhiafraigh mo leathbhádóir den lánúin óg.

‘Archie.’

‘Is he named after…’ (‘Ó ná habair é,’ a deirim liom féin. ‘Ná luaigh an Prionsa Harry…’)

‘…Archie Gemmill,’ a dúirt mo chompánach. D’fhéach an lánúin air le hiontas. ‘An fear a scóráil an cúl iomráiteach in aghaidh na hÍsiltíre i 1978 i gcluiche Chorn an Domhain, ar son na hAlban.’

Bhíodar chomh sásta nár luaigh sé an ceangal leis an teaghlach ríoga i Sasana, gur chuireadar fáilte mhór roimh an eolas luachmhar seo.

‘Archie Gemmill’ a dúradar amach os ard – ‘glacfaimid seilbh ar an gceann sin.’

(Agus mar eolas breise, tá Archie 15 mí d’aois, tá sé ag siúl agus ní maith leis fanacht socair. Murab ionann angus an Leonberger.)

Fág freagra ar 'Cuireann comhrá le strainséirí feabhas ar an gcaoi a n-oibríonn an inchinn'