Cuireann agóidí i gcoinne na dteifeach náire orm, ach tá sé ró-éasca a rá gur ciníochas is cúis leo

Tabhair faoi deara nach bhfuil aon ionad dídine le lonnú i gCarraig an tSionnaigh nó i Montenotte

Cuireann agóidí i gcoinne na dteifeach náire orm, ach tá sé ró-éasca a rá gur ciníochas is cúis leo

Agóid i mBéal an Átha Móir, Co. Liatroma. Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie

Is de shliocht an Ghorta mise, sliocht an díshealbhaithe, sliocht an anró, sliocht na himirce. Agus ó bhí mé i mo pháiste chuala mé na scéalta faoin tráth gur shiúil mo mhuintir ó Learpholl go Londain ag lorg oibre, ag lorg bia, ag lorg beatha.

Chuala mé faoin ngráin dhearg a léiríodh dóibh, na hionsaithe, an dímheas, an cás truamhéalach. Ná bac leis an gcaint bhréagach sin ‘gur cuireadh fáilte romhainne nuair a chuardaigh muid dídean’ mar is lombhréag í.  Níor cuireadh aon fháilte romhainn i Sasana, in Albain ná i Meiriceá.

Ach an cóir dúinn an drochshampla sin a leanacht?

Mar sin, nuair a fheicim agóid i gcoinne na dteifeach anseo in Éirinn buaileann náire eicínt mé.

Tá sé éasca a rá gur ciníochas is údar leis  na hagóidí seo.  Gan dabht tá ciníochas i gceist le roinnt daoine, ach ní haon bhréag é go bhfuil fadhbanna ag baint leis na ceantair ina bhfuil na hionaid dídine seo le cur – easpa seirbhísí, easpa pleanála, easpa smaoinimh. 

Tá na teifigh le ‘dumpáil’ ar dhaoine atá ar an ngannchuid iad féin.

Tabhair faoi deara, nach bhfuil aon cheann de na hionaid dídine seo le lonnú i gCarraig an tSionnaigh, nó i Montenotte, nó i gceantar meánaicmeach ar bith eile. Cuimhnigh air sin nuair a chloiseann tú na daoine measúla seo ag caitheamh anuas ar lucht na hagóide.

Tá sé réasúnta a rá gur chóir áiseanna a chur ar fáil do na teifigh is do na ceantair ina lonnófar iad – seirbhísí, dochtúirí, scoileanna – agus an deis mhaireachtála chéanna a thabhairt dóibh is atá ag dul d’aon duine. 

Mar a tharlaíonn tá ionad soláthair dhírigh sa mbaile ina bhfuil cónaí orm, Cluain Dolcáin.  Ach ní thugtar faoi deara é, mar tá roinnt daoine gorma sa gceantar cheana. Tá dochtúirí ann, scoileanna, gardaí (má tá a leithéid uait) agus seirbhísí eile agus is céatadán beag den phobal iomlán iad na teifigh.  Níl fadhb ar bith ag baint leo.

Mar chosaint, b’fhéidir, ar an líomhain gur ciníochas is bun leis na hagóidí in aghaidh na n-ionad, deir daoine go gcuireann an córas soláthair dhírigh déistin orthu.

Is cóir go gcuirfeadh, ach céard go díreach atá cearr leis an gcóras sin nó cén rogha atá ann?

Is é an rud is measa faoin gcóras ná go mbrúitear teaghlaigh isteach i seomraí agus go bhfágtar iad gan aon smacht acu ar a saol féin.  Ní féidir leo cócaireacht a dhéanamh ná bia a bhfuil taithí acu air a réiteach. Níl aom phríobháideachas acu.

Tugtar suim bheag airgid dóibh – €39 don duine fásta, €30 don pháiste. Níl aon dínit ag baint le maireachtáil mar sin.

Ach ní féidir tithe nó árasáin a thabhairt dóibh i stát ina ndiúltaítear a leithéid a sholáthar dá saoránaigh féin.

Is é atá i gceist anseo i ndáiríre go bhfuil an córas mar atá ionas nach mbeidh aon fhonn ar theifigh teacht anseo.

Agus nach bhfuil baint againne le scriosadh na dtíortha arbh as iad? An Libia, an tSiria is eile? Nach ligeann muid d’fhórsaí míleata na Stát Aontaithe taisteal tríd aerfort na Sionainne ar a mbealach le cogadh a fhearadh i gcoinne na dtíortha sin?

Mura bhfuil teifigh uainn b’fhéidir gur chirte dúinn éirí as ár ról sa chogaíocht atá á fearadh orthu.

Ní féidir linn ach an oiread ach líon beag daoine a ligean isteach má táimid chun freastal ceart a dhéanamh orthu agus más mian linn nádúr na tíre a choinneáil mar atá. Is ní ciníochas é a bheith ag iarraidh Éire a choinneáil Éireannach.

Chomh maith leis sin, is cinnte go mbíonn daoine ag teacht nach teifigh i ndáiríre iad ach daoine atá ag lorg saol níos fearr dóibh féin nó dá bpáistí. 

Ní peaca ar bith an dúil sin a bheith ag duine i saol níos fearr, ach tá an ceart againn coinníollacha a leagan síos.

Ach níl aon cheart againn daoine a fhágáil sna hionaid seo bliain i ndiaidh bliana – cuid mhaith daoine níos mó ná cúig bliana – agus a gcuid páistí leo, páistí nach mbíonn i dteideal freastal ar oideachas tríú leibhéil is cuma cé mhéad bliain a chaitheann siad sa gcóras oideachais anseo.

Sea, is gá athchóiriú a dhéanamh ar an gcóras ar fad le féachaint chuige go ndéanfar cinneadh faoi gach iarratas ar thearmann taobh istigh de shé mhí ionas nach mbeidh daoine fágtha in ifreann beag an tsoláthair dhírigh ar feadh na mblianta.  Agus más gá an dlí a athrú maidir le hachomhairc is eile, déantar sin.

Is gránna an rud é an ciníochas agus daoine a sheachaint nó a ionsaí toisc gur daoine difriúla iad.

Agus is gránna an rud é freisin caitheamh le daoine gan comhbhá, gan muintearas, gan daonnacht.

Fág freagra ar 'Cuireann agóidí i gcoinne na dteifeach náire orm, ach tá sé ró-éasca a rá gur ciníochas is cúis leo'