Cuireadh tugtha d’Uachtarán OÉ, Gaillimh chuig Tithe an Oireachtais chun ‘riachtanas Gaeilge’ a phlé

Tá baill Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán ag iarraidh cinneadh na hollscoile deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge do phost an uachtaráin a phlé le lucht na hOllscoile féin

Cuireadh tugtha d’Uachtarán OÉ, Gaillimh chuig Tithe an Oireachtais chun ‘riachtanas Gaeilge’ a phlé

Tá cuireadh tugtha ag Coiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán d’Uachtarán Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Jim Browne, agus do chathaoirleach Údarás na hOllscoile teacht ina láthair agus labhairt faoin gcinneadh deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge do phost an Uachtaráin san Ollscoil.

Aontaíodh ag cruinniú na seachtaine seo den choiste Oireachtais go scríobhfaí chuig Uachtarán na hOllscoile agus chuig an gcathaoirleach maidir leis an imní atá ar bhaill an choiste faoin gcinneadh sin.

Ghlac Údarás Ollscoil na hÉireann, Gaillimh cinneadh ag tús mhí na Nollag deireadh a chur leis an riachtanas, a d’fhág go mbíodh líofacht sa Ghaeilge i gcónaí ag uachtaráin na hollscoile. Bhí baill áirithe d’Údarás na hollscoile go mór i gcoinne an mholadh go gcuirfí deireadh leis an riachtanas Gaeilge don phost is sinsearaí san ollscoil ach glacadh leis an moladh.

Tá cuireadh tugtha anois ag Coiste Gaeilge an Oireachtais d’Údarás na hOllscoile agus don Uachtarán “aitheasc” a thabhairt don Choiste maidir leis an gceist.

Tá ráite ag an Aire Oideachais, Richard Bruton go nglacann sé le míniú na hollscoile ar an gcinneadh agus nach bhfuil dada aige ina choinne.

Fág freagra ar 'Cuireadh tugtha d’Uachtarán OÉ, Gaillimh chuig Tithe an Oireachtais chun ‘riachtanas Gaeilge’ a phlé'