Cuireadh tugtha ag Tuismitheoirí na Gaeltachta do dhaoine a ‘scileanna’ a roinnt le gasúir Chonamara

Deir ceannasaí Tuismitheoirí na Gaeltachta Sorcha Ní Chéilleachair go bhfuil ‘fás agus forbairt as cuimse’ déanta agus go bhfuil breis daoine ag teastáil mar theagascóirí, áisitheoirí agus cuntóirí

Cuireadh tugtha ag Tuismitheoirí na Gaeltachta do dhaoine a ‘scileanna’ a roinnt le gasúir Chonamara

Tá achainí á déanamh ag Tuismitheoirí na Gaeltachta ar dhaoine i gConamara a bheith páirteach san obair atá ar bun ag an eagraíocht ar fud an cheantair.

Deir ceannasaí Thuismitheoirí na Gaeltachta Sorcha Ní Chéilleachair go bhfuil “fás agus forbairt as cuimse” tagtha ar an eagraíocht a bhfuil oifigigh forbartha á lorg faoi láthair acu i nDún an nGall agus i gCúige Mumhan.

“Tá an eagraíocht seanbhunaithe i gConamara anois is dócha agus a thuilleadh forbartha á dhéanamh againn ar ranganna, imeachtaí agus ócáidí i mbliana,” arsa Sorcha Ní Chéilleachair.

Dúirt Aisling Nic Dhonnacha, Riarthóir Imeachtaí le Tuismitheoirí na Gaeltachta go bhfuil daoine á lorg ag an eagraíocht a bheadh sásta a scileanna a roinnt leis na gasúir a bhíonn ag freastal ar na ranganna agus na hócáidí a eagraíonn siad.

“Tá muid ag cuartú daoine a dtaitneodh leo uair an chloig nó dhó sa tseachtain a chaitheamh linn, ag roinnt na scileanna a bheadh acu féin leis na gasúir agus le teaghlaigh – ealaín, ceol nó scéalaíocht mar shampla – tá go leor daoine sa bpobal a bhfuil scileanna éagsúla acu agus seo deis iad sin a roinnt leis an gcéad ghlúin eile,” a deir Aisling. 

“Tá muid ag cur liosta le chéile freisin de dhaoine óga idir 15 agus 18 a mbeadh spéis acu oibriú linn mar chuntóirí théis na scoile nó ag an deireadh seachtaine,” arsa Aisling Nic Dhonncha. 

Tá béim faoi leith á cur ag Tuismitheoirí na Gaeltachta ar an drámaíocht le roinnt blianta anuas agus tá teagascóirí á lorg acu do na ranganna a bheidh ag tosú i mí Meán Fómhair. 

 “Chuireamar tús le ranganna drámaíochta don gcéad uair sa bhliain 2015 agus anuraidh don gcéad uair chuireamar ranganna ar bun i gCarna, i gCeantar na nOileán agus i gCois Fharaige, tá súil againn leanacht leis sin i mbliana.  

“Chuireamar an mórléiriú Lugh, Lasair agus an Draoi Briste ar stáitse ag deireadh na bliana 2018 agus tús 2019 agus tá pleananna againn do thogra an-speisialta eile do dheireadh na bliana 2019 agus tús na bliana 2020. Beidh na daoine óga ar fad a bheidh ag freastal ar na ranganna drámaíochta páirteach ann,” a dúirt Sorcha Ní Chéilleachair. 

Tá an ceannasaí ag iarraidh ar aon duine a bhfuil spéis acu obair le Tuismitheoirí na Gaeltachta teagmháil a dhéanamh leis an eagraíocht.

 “Tá go leor daoine atá éirithe as an obair mar shampla agus bheadh sé go hálainn dá mbeadh siad in ann an saibhreas cainte iontach atá acu a roinnt leis na gasúir, nó daoine a mbeadh cúpla uair an chloig le spáráil acu nuair a bheadh na gasúir ar scoil nó sa tráthnóna, nó daoine óga a bheadh saor ón gcoláiste ag an deireadh seachtaine – bheadh míle, míle fáilte rompu teagmháil a dhéanamh linn. Ní fios cad a thiocfadh as! Is obair álainn í chomh maith bheith ag obair leis na teaghlaigh agus leis na páistí,” a dúirt Sorcha Ní Chéilleachair.  

Íocfar táille in aghaidh na huaire le teagascóirí, áisitheoirí agus cúntóirí. 

– Tuilleadh eolais ach glaoch ar 091 869571 nó  ríomhphost a sheoladh chuig aisling@tuismitheoiri.ie roimh Dé Luain 19 Lúnasa 2019 

Fág freagra ar 'Cuireadh tugtha ag Tuismitheoirí na Gaeltachta do dhaoine a ‘scileanna’ a roinnt le gasúir Chonamara'