Cuireadh muid fáilte roimh fhilleadh fhoirne na hAfraice Theas

Dea-chomhartha é go bhfuil foirne ón Afraic Theas ag teacht go hÉirinn an deireadh seachtaine seo agus cé go mbeidh na Laighnigh rómhaith do na Lions, ba cheart go mbeadh sárchoimhlint idir Connachta agus na Stormers

Cuireadh muid fáilte roimh fhilleadh fhoirne na hAfraice Theas

Cóisteálaí Chúige Laighea, Leo Cullen. Pic: INPHO/Laszlo Geczo

Is cinnte gur comhartha maith é go bhfuil foirne na hAfraice Theas ag filleadh ar an limistéar seo chun imirt sa gcomórtas URC. Ní hamháin go léiríonn sé go bhfuil baol an Chovid ag laghdú ach léiríonn sé freisin go bhfuil chuile sheans ann anois go mbeidh comórtas iomlán againn i mbliana, rud nár tharla le linn an dá shéasúr atá caite.

Beidh Cúige Laighean, curaidh an chomórtais agus foireann atá ar bharr an tábla faoi láthair, sa mbaile san RDS anocht ag fáiltiú roimh na Lions, foireann atá i bhfad siar uathu sa gceathrú háit déag agus gan ach dhá phointe dhéag cláraithe acu i gcomparáid leis an tríocha a naoi pointe atá ag Cúige Laighean.

Ní hamháin sin ach is iad na Lions atá ar íochtar an tábla sa roinn inmheánach atá ag an gceithre fhoireann ón Afraic Theas, agus gan ach dhá bhua as naoi n-iarracht cláraithe acu. Níor bhuaigh siad ach an t-aon chluiche amháin sa limistéar seo ó thús an chomórtais agus ba i gcoinne Zebre, dream atá sáinnithe ar íochtar an tábla, a bhuaigh na Lions an ceann sin. Ní haon ábhar iontais dá bhrí sin gurb iad foireann Laighean an rogha don choimhlint seo. Bua éasca eile le pointe bónais do Leo Cullen i mo thuairimse.

Dúshlán de chineál eile a bheas roimh na Connachtaigh, cé gur ar an mBóthar Beag a bheas siadsan i gcoinne na Stormers amárach. Ní ach áit amháin idir na foirne seo ar thábla an URC, Connachta chun cinn sa seachtú háit le ceithre phointe agus fiche agus na Stormers san ochtú háit le trí phointe is fiche.

Is fiú a lua freisin nach bhfuil ach naoi gcluiche imeartha ag na Stormers i gcomparáid leis an aon cheann déag a d’imir Cúige Chonnacht go dtí seo. Na Stormers atá ar bharr thábla fhoirne na hAfraice Theas san URC faoi láthair agus más faoi aon fhoireann ón limistéar sin dúshlán a thabhairt do na foirne ón taobh seo, seo iad na fir. Ní hamháin sin ach caithfidh Connachta dul chun páirce agus gan fáil acu ar Jack Carty de bharr eisean a bheith ar dualgas idirnáisiúnta. Mar sin féin is cinnte gur ábhar mór misnigh dóibh an bua 29-23 a d’aimsigh siad as baile i gcoinne na Scarlets an deireadh seachtaine seo caite. An mbeidh siad in ann tógáil air sin? Tá mise ag súil le sárchluiche, ceann a bheas sách gar ach tá dóchas agam go mbeidh foireann Andy Friend in ann a ngnó a dhéanamh agus iad sa mbaile.

Níl aon chluiche ag Cúige Mumhan ná ag Cúige Uladh an deireadh seachtaine seo.

Fág freagra ar 'Cuireadh muid fáilte roimh fhilleadh fhoirne na hAfraice Theas'