Cuireadh le tabhairt do Drew Harris teacht os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge

An Teachta Dála de chuid Shinn Féin, Pa Daly, a mhol go dtabharfaí Coimisinéir an Gharda Síochána os comhair an choiste le ceisteanna a fhreagairt faoin ‘easpa oibre’ atá á dhéanamh ag an eagraíocht i dtaobh gardaí le Gaeilge a chur ar fáil sa Ghaeltacht

Cuireadh le tabhairt do Drew Harris teacht os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge

Coimisinéir an Gharda Síochána, Drew Harris. Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Tá cuireadh le tabhairt do Choimisinéir an Gharda Síochána Drew Harris teacht os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta an mhí seo chugainn le ceisteanna a fhreagairt faoin sárú atá á dhéanamh ag an Gharda Síochána ar a ndualgais i leith na Gaeilge.

An Teachta Dála de chuid Shinn Féin, Pa Daly, a mhol go dtabharfaí Drew Harris, Coimisinéir an Gharda Síochána, os comhair an choiste le ceisteanna a fhreagairt faoin “easpa oibre” atá á déanamh ag an eagraíocht i dtaobh gardaí le Gaeilge a chur ar fáil sa Ghaeltacht.

Agus é ag trácht ar eolas a chuir an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, ar fáil don choiste, dúirt an Teachta Dála gur cheart go bhfaigheadh baill an choiste “freagraí” ó Choimisinéir an Gharda Síochána faoin scéala go bhfuil an dlí teanga á shárú acu.

Dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill ag Coiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta an mhí seo caite gur cosúil nach mbeidh “aon rogha eile” aige ach tuarascáil speisialta a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais lena rá go bhfuil sárú á dhéanamh ag an Gharda Síochána ar a ndualgais i leith na Gaeilge.

Baineann an sárú atá á dhéanamh ag an nGarda Síochána ar an dlí teanga leis an dualgas atá orthu dóthain Gardaí le Gaeilge líofa a chur ag obair sa Ghaeltacht.

De réir na bhfigiúirí is déanaí ní raibh Gaeilge líofa ach ag leath na nGardaí, 51 duine as 99, atá ag freastal ar cheantair Ghaeltachta.

Gheall údaráis an Gharda Síochána go rachfaí i ngleic le heaspa líofachta Gaeilge na nGardaí sa Ghaeltacht naoi mbliana ó shin agus deir Rónán Ó Domhnaill gur “bocht an scéal” é nach bhfuil sin déanta go fóill acu.

Dúirt an Coimisinéir Teanga ag Coiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta le déanaí go raibh scéala faighte aige go bhfuil litir “ar an mbealach” chuige ó Choimisinéir an Gharda Síochána, Drew Harris, faoina easpa Gardaí le Gaeilge sa Ghaeltacht.

Dúirt an Coimisinéir Teanga le Tuairisc.ie go bhfuil “an scéal fós á mheas” aige agus go bhfuil sé fós ag fanacht ar an litir ó Choimisinéir an Gharda Síochána.

I gcás ar bith ina measann sé nár cuireadh moltaí imscrúdaithe i bhfeidhm go cuí laistigh d’achar réasúnta ama, is féidir leis an gCoimisinéir Teanga tuarascáil ar an ábhar a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais agus tá ráite ag Rónán Ó Domhnaill go ndéanfaidh sé amhlaidh i gcás na nGardaí mura bhfaigheann sé freagra sásúil ó Harris.

Cháin an Teachta Dála de chuid Shinn Féin Pa Daly agus an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Aindrias Moynihan na Gardaí as an moill naoi mbliana atá le comhlíonadh a ngealltanais i leith na Gaeltachta agus dúirt siad beirt go raibh sé “áiféiseach” nach raibh an beart déanta go fóill acu.

Dúirt an Coimisinéir Teanga go ndéanfadh sé “breithiúnas” maidir le tuairisc a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais nuair a bheadh ábhar na litreach atá geallta ag na Gardaí scagtha aige féachaint an mbeadh aon “bealach ann teacht as an tsáinn leis an nGarda Síochána”.

Sa bhliain 2011 fuair an t-iarChoimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, gearán faoina laghad Gardaí le Gaeilge líofa a bhí ar dualgas i nGaoth Dobhair i nGaeltacht Dhún na nGall agus chinn sé go raibh an dlí á shárú ag bainistíocht an Gharda Síochána.
Faoi fho-alt 33(2) d’Acht an Gharda Síochána 2005, tá dualgas ar Choimisinéir an Gharda Síochána Gardaí le Gaeilge líofa a chur ar dualgas sa Ghaeltacht “a mhéad is atá sin indéanta”.

Socraíodh ag an am sin córas nua earcaíochta a bhunú lena chinntiú go mbeadh Gardaí le cumas maith teanga ar fáil do cheantair Ghaeltachta na tíre.

De réir na bhfigiúirí is déanaí, earcaíodh 58 Garda nua le Gaeilge líofa ó shin faoin gcóras nua sin ach tá níos mó ná leath na nGardaí nua sin curtha i mbun oibre lasmuigh den Ghaeltacht. Tá 23 de na hearcaigh nua lonnaithe sa Ghaeltacht nó i gceantair atá ag freastal ar an nGaeltacht ach is i gceantair lasmuigh de sin atá 35 de na Gardaí nua a bhfuil Gaeilge líofa acu lonnaithe.

Aontaíodh nuair a bunaíodh an córas nua earcaíochta do Ghardaí le Gaeilge go dteastódh “achar réasúnta ama” le dul i ngleic leis an fhadhb a bhí ann. Tá ráite ag an gCoimisinéir Teanga gur “dheacair a áitiú nach bhfuil achar réasúnta ama caite” ó rinneadh na moltaí faoin ábhar sa bhliain 2011.

Fág freagra ar 'Cuireadh le tabhairt do Drew Harris teacht os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge'