Cuireadh faighte sa deireadh ag Cearta Oideachais chuig cruinniú i dTeach Laighean

Fuair an grúpa stocaireachta dea-scéala tráthnóna i ndiaidh dóibh ráiteas a chur amach inar chuir siad in iúl go raibh “díomá” agus “ionadh” orthu nár tugadh cuireadh dóibh bheith i láthair ag cruinniú faoi reachtaíocht oideachais

Cuireadh faighte sa deireadh ag Cearta Oideachais chuig cruinniú i dTeach Laighean

Tá cuireadh faighte ag an ngrúpa stocaireachta Cearta Oideachais teacht os comhair Chomhchoiste Oideachais an Oireachtais Déardaoin.

Fuair an grúpa dea-scéala tráthnóna i ndiaidh dóibh ráiteas a chur amach inar chuir siad in iúl go raibh “díomá” agus “ionadh” orthu nár tugadh cuireadh dóibh bheith i láthair ag an gcruinniú faoi reachtaíocht oideachais nua a mbeidh impleachtaí tromchúiseacha aici do pholasaithe teanga scoileanna lán-Ghaeilge.

Chuir Cearta Oideachais, grúpa tuismitheoirí atá ag tógáil á gcuid páistí le Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, aighneacht faoi bhráid Chathaoirleach an Choiste Oideachais, an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, Fiona O’Loughlin, i mí Mheán Fómhair.

Tá imní ar lucht an ghaeloideachais go gcuirfidh An Bille Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna), 2016, a bhfuil tús curtha lena aistear trí Thithe an Oireachtais, cosc ar pholasaithe iontrála scoile a thugann tús áite do dhaltaí a bhfuil Gaeilge acu.

Fág freagra ar 'Cuireadh faighte sa deireadh ag Cearta Oideachais chuig cruinniú i dTeach Laighean'